Rudaí le déanamh thart ar Dhún Chaoin

Posted on Meán an tSamhraidh 11, 2014 le

0



gasuirlegaeilge

Ag caint ar Dhún Chaoin dhúinn, seo cuid de na rudaí a rinne muid agus a mholfainn do dhuine ar bith ag dul siar ó dheas an samhradh seo:

Músaem Chorca Dhuibhne: Eolas ar stair an cheantair, bileoga deasa faisnéise as Gaeilge. Áit mhaith le stopadh ag tús do ama sa gceantar.

Turas Báid le Marine Eco Tours: Gaeilge bhreá ar an gcaptaen, Mick Sheeran. Luascfaidh an bád mura an fharraige ina clár; is fiú na piollaí frith-ghalar gluaiseachta a thógáil. Tá spéis again san éanlaith agus chonaic muid neart éanacha nach bhfuil coitianta in East Anglia.

Siúlóidí, ar nós Cosán na Naomh: Rinne muid píosaí beaga den tsiúlóid seo. Tá an ceantar ar fad breac le siúlóidí deasa–ceannaigh an mapa suirbhéireacht ordanáis.

Pionta a ól Tigh Kruger.

Snámh ag an iliomad tránna!

Uisceadán an Daingin. Tá an t-ainm neamhghramadúil “Mara Beo” ar an áit…

Amharc ar an alt bunaidh 39 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht