“Holocaust na hÉireann”

Posted on Deireadh an tSamhraidh 1, 2014 le

1



Tuairim le Ciarán Dunbar

53795_54_news_hub_47028_588x448

Radharc ó Áras Máthar agus Linbh

“Dhúnmharaigh mná rialta den Ord Bon Secours 800 páistí i dTuama thar tréimhse 36 bliana agus chaith siad na corpáin gan searmanas agus gan meas in umar seipteach a úsáideadh mar oll-uaigh. Dhúnmharaigh na cailleacha dubha seo, a bhí eagraithe i scuaideanna báis, na páistí seo i seomraí báis. Rinne siad amhlaidh mar go raibh dubh-ghráin acu orthu de bhrí gur rugadh iad do mhná nach raibh pósta. “Holocaust na hÉireann” a bhí ann.

Anois – an bhfuil an ráiteas úd sin fíor?

Ar chothrom na dóchúlachta, de réir na fianaise atá ar fáil dúinn – chan fhuil.

Tuairimíocht ghlan atá ann gan aon bhunús láidir d’fhíricí taobh thiar de.

Amharcaimis ar na fíricí dá bhfuil ar fáil dúinn san ama atá i láthair, agus is gann iad.

Idir 1925 agus 1961 bhí Áras na Máthar agus Linbh á reáchtáil ag na mná rialta Bon Secours i dTuama do mhná a bhí ag iompair chlainne ach nach raibh pósta.

Fuair 796 leanaí bás sa tréimhse sin, nó tuairim ar 22 dhuine sa bhliain.

Dé réir an eolais a bhí ar fáil dom agus mé ag ullmhú an cholúin seo, agus rinne mé gach iarracht na fíricí a sheiceáil, bhí sé sin níos airde ná an meán náisiúnta don tréimhse áirithe seo.

Ní fios go díreach cár cuireadh corpáin na bpáistí seo cé do ndeir finnéithe gur cuireadh ar a laghad roinnt acu ar an láthair – agus tá líomhaintí ann gur cuireadh i dtalamh nach raibh coisricthe.

Is féidir gur cuireadh ar a laghad roinnt acu in áit ar úsáideadh mar umar seipteach tráth – ach níor daingníodh é sin in aon chor agus déanta na fírinne, tugann an fhianaise is déanaí le fios nach raibh an ráfla sin fíor.

Ach cad é mar a tharla sé gur tuairiscíodh an chéad ráiteas sa cholún seo go hidirnáisiúnta mar fhíric gan fhiosrúchán ceart?

Bhál, tuairiscíodh an scéal seo sna meáin in Éirinn ach ar an ábhar go raibh na fíricí tearc ag an am, mar is tearc go seadh, ní raibh na meáin in Éirinn ábalta mórán a dhéanamh leis an scéal.

Ach ba chuma le go leor againn sna meáin shóisialta – ní ligeann go leor daoine d’aon fhíricí cur isteach ar a bhfírinne féin.

Phioc na meáin idirnáisiúnta suas ar an trácht seo agus thuairiscigh tuairisceoirí nach raibh ar an talamh tuairimíocht agus líomhaintí gan an seiceáil agus an ghairmiúlacht chuí agus bhí drong na meáin shóisialta toilteanach sin a ghlacadh gan cheist.

Ghlac na meáin shóisialta greim ar an scéal seo agus rinneadh áibhéil ar áibhéil, arís agus arís eile go dtí nach raibh i gceist ach tuairimíocht gan bunús.

Má tá do leagan féin den fhírinne agat cheana, is fíor sin i gcónaí agus ní chuirfidh fíric nó dhó isteach nó amach air.

Agus tá brú ar iriseoirí – mura gcreideann tú an chéad abairt udaí sin sa cholún seo gan cheist is fealltóir thú amach is amach dar le roinnt mhaith daoine, tá go maith – ach ní chóir go ngéillfeadh iriseoir gairmiúil don slua chomh héascaí sin.

Brúfaidh do dhualgas amach as na trinsí thú in amanna agus isteach go latrach an áir.

Creideann go leor daoine go bhfuarthas 800 corpáin i dTuama go fóill cé nach bhfuarthas ar chor ar bith – sin í an fhadhb.

Chun a bheith soiléir, níl aon chuma ar an scéal go bhfuil taighde Catherine Corless, an staraí a thug an scéal seo chun solas lena taighde, míchruinn – díreach gur tuairiscíodh go míchruinn é.

Seasann sí leis i gcónaí agus, go bhfios domsa cibé ar bith, níor bhréagnódh rud ar bith de.

Ach níl aon bhealach chun fáil amach má tá an 796 corpán ann seachas dul mbun tochailte.

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag an Aire Leanaí Charlie Flanagan “chun teacht ar an fhírinne, leis na fíricí a chatalógú agus chun cad a tharla go díreach in árais na máthair agus linbh a mhíniú.”

Tá cuma ar an scéal go bhfuil tacaíocht láidir ag an fhiosrúchán seo ó bhrú-ghrúpaí, ó na páirtithe polaitiúla agus ón Eaglais Chaitliceach.

Táthar ag súil go bhfaighfear fíricí mar gheall air – ach an bhfaighfear fírinne i ndáiríre?

Sin í an cheist agus cad is fírinne ann? Déarfainn féin gur iomaí leagan de atá ann agus go bhfuil a leagan féin ag gach duine.

Mar sin féin, mar a dúirt Daniel Patrick Moynihan tráth dá raibh, “tá tú i dteideal do do chuid tuairimí féin, ach ní do do chuid fíricí féin.”

Déarfainn féin gur féidir teacht ar leagan den fhírinne leis na fíricí agus iad curtha i gcomhthéacs ag daoine fuarchúiseacha eolacha – gan an comhthéasc sin níl agat ach fíricí randamacha go fóill.

Is é an deacracht fhadhb atá ann go bhfuil gráin ag go leor leor daoine in Éirinn don Eaglais Chaitliceach agus níl aon olc curtha ina leith nach gcreidfeadh siad le fonn.

Chan ionann sé sin is a rá nach bhfuil daoine i dteideal do na tuairimí sin nó nach bhfuil cúis mhaith ag go leor daoine don ghráin sin.

Mar sin féin, mar a dúirt Daniel Patrick Moynihan tráth dá raibh, “tá tú i dteideal do do chuid tuairimí féin, ach ní do do chuid fíricí féin.”

ccorless

An staraí Catherine Corless

Is í an fhadhb ná gur féidir leat a dhath ar bith a rá faoin Eaglais Chaitliceach ag an phointe seo agus creidfear é go forleathan.

Fr. Kevin Reynolds, duine ar bith?

Má tá claonadh ag daoine an Eaglais Chaitliceach a chosaint déanfaidh siad amhlaidh go fóill– má tá claonadh ag daoine an Eaglais a ionsaí, déanfaidh siad amhlaidh i gcónaí.

Agus amharcfar ar thorthaí an fhiosrúcháin leis an réamhchlaonadh sin ag imirt an-tionchar ar an fhírinne a fheiceann daoine sa torthaí – ní bheidh aon fhírinne amháin mar thoradh air.

Le bheith níos cruinne faoi, beidh a fhírinne nó a fírinne féin ag gach duine de i gcónaí, beag beann ar na fíricí.

Posted in: Nuacht, Tuairim