An bhfuil muintir na hÉireann ciníoch?

Posted on Deireadh an tSamhraidh 10, 2014 le

2



Tuairim le Ciarán Dunbar

IMG_2477

Brat an KKK ar foluain i mBéal Feirste

An tseachtain seo chuaigh thart, chonaic muid go léir pictiúir de bhratacha de chuid an Klu Klux Klan, nó an KKK, ar foluain i gceantar dílseach in Oirthear Bhéal Feirste.

Fíor-chiníochas lomnocht léirithe i gceantar ina raibh go leor ionsaithe ciníocha le blianta anuas.

Ba shoiléir é, bhí sé léirithe go hoscailte cé go gcaithfidh muid a admháil nach nglacann sé ach boc-amadán amháin lena leithéid a chrochadh.

Mar sin féin, char bhain an PSNI óna cuaillí solais iad go dtí gur phléigh siad leis an phobal é.

Ach seo ciníochas agus forlámhas ciníoch den seort is measa, agus is furasta dúinn ligin orainn féin go mbaineann ciníochas le dílseachas sa Tuaisceart agus leis an rian deiridh d’impiriúlachas na Breataine – cha bhaineann sé le ‘lár-Éirinn’ mar a thugtar uirthi

Dála an scéil, nach bhfuil an téarma sin ciníoch ar a bhealach féin nó an bhfuil aicmeachas inghlactha i gcónaí?

Ach suigh síos agus lig domh cúpla scéal a arsú dhuit tráthnóna.

Is maith is cuimhin liom bliantaí ó shin agus mé tar éis tosú ar an Ollscoil i mBéal Feirste, tháinig cara de mo chuid ar cuairt a chuaigh thall go Sasana chuig coláiste ansin.

Mhínigh sé gur bhain sé an-sult as Sasana agus a raibh le feiceáil ann – luaigh sé go raibh an-dúil aige san éagsúlacht maidir le cailíní a bhí le fáil ann.

Top 100 Beautiful Indian Women_aishwarya-rai

शहनाज़ ट्रेज़रीवाला, Treasuryvala nó Shenaz, bean álainn as an Ind – ach an nglacfadh gach mamaí Éireannach léi mar iníon chleamhnais?

Ach ansin d’aithris sé dom an rabhadh a thug a mháthair dó agus é ag fágáil an tí le dul anonn – agus seo teaghlach meán-aicmeach amach is amach má thuigeann tú leat mé agus de bhunadh Ghaeil na hÉireann a bhí siad, níor dhílseoirí a bhí iontu.

“Ná dall doras an tí seo le ‘Paki’,” a dúirt sí, “cha dtiocfadh liom a ghlacadh choíche.”

Baineadh siar as mo chara go cinnte óir char chuala sé focal ciníoch fán teach riamh roimhe.

Ciníochas amach is amach ach go dtí sin faoi cheilt, ní ar foluain go soiléir ach i bhfolach taobh thiar de dhuilleoga na mbruachbhailte.

Scéal eile a chuala mé ná fán stócach a tháinig abhaile ó Shasana leis an chailín álainn seo, é chomh bródúil sin aisti agus as féin as a leithéid de bhean a mhealladh.

Bhí a fhios ag máthair s’aige go raibh sé ar a bhealach abhaile in éineacht lena ghrá geal ach nuair a bhuail sé cnag ar a doras, cead teacht isteach sa teach chan fhuair a spéirbhean, fágtha ar leac an dorais a bhí sí ag éisteacht leis an raic taobh istigh – b’fheasach di nach ligfí sa teach choíche í.

Bhí barraíocht meilinine ina cuid craiceann má thuigeann tú leat mé.

An é go bhfuil dílseoirí Oirthear Bhéal Feirste níos ciníochaí ná an chuid eile againn nó an é nach bhfuil go leor céille acu é a choinneáil i bhfolach?

Bhí sé furasta go leor gan a bheith ciníoch nuair nach raibh in Éirinn ach sinn féin, cé gur pléadh leis an lucht siúil mar shaoránaigh den triú ghrád i dtólamh.

Dúirt bean a bhí gníomhach i gcúrsaí imirce liom uair amháin gurb iad Éireannaigh na daoine is ciníochaí ar an domhan ach go raibh muid rí-mhaith a choinneáil i bhfolach.

Is é an rud a bhí i gceist aici ná go gcuireann muid fáilte éigin roimh dhaoine ach nach ligeann muid isteach inár sochaí go hiomlán iad i ndáiríre.

B’fhéidir é, ach bhí sí féin den tuairim go raibh sé de dhualgas ar mhuintir na hÉireann athrú chun inimircigh a shásamh – ní a mhalairt.

Sin an chroí-cheist i gcónaí agus díospóireacht ar bun maidir le cúrsaí inimirce.

Níl a fhios agam an bhfuil sé ina chabhair sa chath ar son ciníochas a chur faoi chois.

Ach rugadh 17% den daonra i 2011 i bPoblacht na hÉireann taobh amuigh den dlínse, ar a laghad, tá gach cosúlacht ann go bhfuil sé ardaithe ó shin. Tháinig ardú de 25% ó bhí daonáireamh 2006 ann.

Ach imeascadh nó cothú éagsúlachta – níl a fhios agam cad atá socraithe againn in Éirinn go fóill.

Tagann go leor dúshláin le cúrsaí inimirce, gheobhaidh muid amach má tá muid ciníoch i gcoitinne gan mhoill is dócha.

Níl mé cinnte má tá muid ar an mhuintir is ciníochaí ar an domhain i ndairíre ach cibé ar bith is cinnte liom go bhfuil ciníochas chomh flúirseach i ‘Lár-Éirinn’ meán-aicmeach is atá ar na sráideanna dearg-ban-is-gorm in Oirthear Bhéal Feirste.

***

Ach cad is ciníochas? 

Ach cad is ciníochas? – dar leis an fhoclóir beag – fuath bunaithe ar chúrsaí cine atá ann.

Ach cosúil le go leor foclaí i saol na linne seo tá an chiall tar éis leathnú  agus tá sé á leathnú mar pholasaí ag brú-ghrúpaí – ceannteideal atá ann anois a bhfuil go leor fo-theidil ag feidhmiú faoi. 

Tá seineafóibeachas agus ciníochas á mheasadh d’aon chúis, ní hionann sé is a rá nach bhfuil siad beirt iontach contúirteach – tá.

Tá ciníochas á chur i leith gach duine a cheistíonn ilchultúrachas agus a bhfuil fonn orthu cúrsaí imirce a phlé – ní gá “fuath bunaithe ar chúrsaí cine” a bheith i gceist ar chor ar bith.

Tá ciníochas á chur ag na meáin phríomhshrutha i leith dhaoine atá ag ceistiú easpa daonlathas san Aontas Eorpach fiú. 

Posted in: Nuacht, Tuairim