Stair Rúnda na hEite Deise Antoiscí san Fhionlainn, Cuid a Trí

Posted on Deireadh an tSamhraidh 13, 2014 le

0



Cumasc na dTuathghríosóirí is na bhFuathghríosóirí

 

Chomh luath leis an mbliain 2000 bhí Timo Soini, cathaoirleach na bhFíor-Fhionlannach, ag déanamh gaisciúlachta as an “bpáirtí pobalóireachta i stíl Eorpach” a bhí sé meáite a chur ar bun san Fhionlainn. Is éard a bhí i gceist aige ná páirtí a bheadh ní ba chosúla le “Páirtí Saoirse” na hOstaire nó le “Fronta Náisiúnta” na Fraince ná le seanpháirtí Vennamo. Mar a chonaic muid sa chéad chuid den tsraith seo agam, níor éirigh leis nuair a chuaigh sé i dtuilleamaí Tony Halme, ós rud é nach ndearna an dornálaí bocht ach ábhar gáire den pháirtí, an dóigh a raibh sé ag lochtú lucht drugaí agus coirpigh agus ag déanamh coireanna agus ag craosaireacht ar phiollaí san am chéanna.

Timo Soini

Timo Soini, cathaoirleach na bhFíor-Fhionlannach. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Faoiseamh a bhí ann do mhuintir na Fionlainne a fheiceáil nár éirigh le Soini a chuspóir a bhaint amach le cabhair Halme. Scéal eile fós an dóigh ar náiríodh fear d’oidhrí polaitiúla Siitoin, cúpla bliain i ndiaidh chasadh na mílaoise, nuair a fuair sé áiméar a chuid smaointí a mhíniú don uile náisiún ar an teilifís. San am sin ba é an téarma sofhriotail a bhí ag an eite dheis chiníoch ar a n-idé-eolaíocht féin ná réalachas cine – teilgean cainte a tháinig as focalcheárta an “chiníochais eolaíoch” sna Stáit Aontaithe agus a haistríodh go Fionlainnis go gairid ina dhiaidh sin. Tá sé rófhollasach, áfach, nach bhfuil sa téarma seo ach malairt ainm ar chiníochas lom, agus mar sin níor tharraing an fear bocht ach gáire dímheasúil anuas air féin.

Ó “réalachas cine” go “criticeoireacht inimirce”

Timpeall ar lár an chéad deich mblian i ndiaidh chasadh na mílaoise, mar sin, bhí an chuma ar shaol phoiblí na Fionlainne nach raibh áit ná áras ar fáil ar fáil ann don chiníochas ná don nua-Naitsíochas. Chreid muid go raibh Timo Soini tar éis a cheacht a fhoghlaim i ndiaidh an scigdhráma a tharraing Tony Halme: d’íoc sé deachú an chiníochais gan a dhath a ghnóthú air. Bhí Halme in ann vótaí na ndruncairí agus na mionchoirpeach sna bruachbhailte a bhaint amach don pháirtí, ach sin a raibh ann: ní raibh sé ábalta fíorpholaiteoireacht a dhéanamh. Agus maidir le fear an “réalachais chine”, ón dóigh ar náirigh na hiriseoirí teilifíse é ba léir duit nach raibh mórán seansanna i sochaí na Fionlainne.

Ansin tharla rud nach raibh coinne ag aon duine leis. Chuaigh na tuathghríosóirí – is é sin, páirtí Timo Soini – agus na fuathghríosóirí – is é sin, na lom-Naitsithe ón Idirlíon – le chéile faoi aon bhratach amháin, agus d’éirigh leo thar ar taibhsíodh d’aon duine. Bhain siad amach vóta as gach cúigear in olltoghcháin na bliana 2011 agus tháinig cuma eile ar fad ar shaol na Fionlainne.

Cad é ba chúis leis an athrú seo? Ní dhearna na lom-Naitsithe úd ach a n-idé-eolaíocht a athbhrandáil, mar a déarfadh lucht na margaíochta. Bhaist siad “criticeoireacht ar an inimirce” ar an “réalachas cine” a bhí á chraobhscaoileadh acu roimhe sin, agus ar an toirt bhí gal agus ráchairt ar antoisceachas na heite deise. Níor athraigh úimléid ná ábhar na cainte ar aon nós, ach dealraíonn sé go raibh cuid mhaith daoine san Fhionlainn sásta tacú leis an eite dheis antoisceach ar acht is go mbeadh brandáil cheart ann.

“Aerfhlaitheas” an Idirlín

San am chéanna, chrom na nua-Naitsithe ar fheachtas fhada leis an “aerfhlaitheas” a bhaint amach ar an Idirlíon, mar a dúirt siad féin. Is éard a bhí i gceist leis ná nach bhfaighfeá foscadh ná fothain ó na nua-Naitsithe in aon áit ar líne: bhí soiscéal na gcriticeoirí inimirce á chraoibhscaoileadh fud fad na bhfóram comhrá. Más fóram lucht ólta tae nó leathanach comhrá do bhailitheoirí stampaí a bhí ann, thiocfá ar dhuine anseo a bhí ag crá an chuid eile le bolscaireacht in aghaidh na Muslamach, agus má bhí aon duine de ghnáthóirí an fhóraim chomh dana is go n-iarrfadh sé ar an mbolscaire an fóram a thréigean ó nach raibh rud ar bith le rá aige i dtaobh tae nó stampaí, bheadh an duine sin faoi ionsaí ag treallchogaithe Idirlín na heite deise antoiscí ar an toirt – ar an bhfóram sin, ar na fóraim eile agus ar fhóram na heite deise céanna féin.

D’fhág na síorionsaithe seo eagla agus baspairt ar na nuachtáin roimh an eite dheas antoisceach. Dá thoradh sin ní leomhfadh na hiriseoirí criticeoireacht ar bith a dhéanamh ar an bpáirtí. Ón lá a bhfuair an eite dheas antoisceach an chéad éisteacht sna meáin, bhí na hiriseoirí thar a bheith drogallach aon ghné de pholaitíocht is de pholasaithe na gciníochaithe sna Fíor-Fhionlannaigh a lochtú – cé go raibh siad breá sásta caitheamh anuas ar na páirtithe eile i gcónaí, díreach mar a bhí siad riamh.

In imeacht na mblianta, fuair na hantoiscigh chiníocha cumhacht nár bheag ar phreas na Fionlainne. Mé féin bhí mé i mo cholúnaí Idirlín ar an bportal úd Plaza.fi ag déanamh tráchtaireachta ar chúrsaí reatha sna blianta 2006-2013, agus na hantoiscigh chéanna ag iarraidh a n-úsáid féin a bhaint asam lena soiscéal féin a chraobhscaoileadh. Nuair nár éirigh leo, thosaigh siad ag cur brú ar an bportal an sac a thabhairt dom. Sa deireadh tugadh bata agus bóthar dom i ndiaidh seacht mbliana san obair seo. Ba é an míniúchán a tugadh dom ná go raibh cúiseanna eacnamaíochta i gceist, ach roimhe sin féin fuair mé rabhadh i ndiaidh rabhaidh ó léiritheoir an phortail maolú ar an gcriticeoireacht ar antoiscigh na heite deise. Mar sin, tá mé claonta a shíleadh nach raibh sna “cúiseanna eacnamaíochta” ach siocair bhocht, go háirithe má choinnímid cuimhne air go raibh mo cholún ar an leathanach ba mhó gliogálacha sa phortal le fada.

Níl mé féin ar an t-aon iriseoir amháin a chaill a jab ar an dóigh seo. Cúpla bliain ó shin, bhí sé de mhisneach ag Tuomas Muraja, iriseoir seanbhunaithe ar an nuachtán úd Turun Sanomat trácht ar an reitric chinedhíothaitheach a bhíodh á cleachtadh ag comhghuaillithe nua Soini ina gcuid blaganna leis na blianta fada anuas. Shílfeá go mbeadh a leithéid d’fhear réasúnta díonta ar bhagairtí “eacnamaíocha”, ó bhí seal fada caite aige ina chomhfhreagraí Eorpach ag tuairisciú ón mBruiséil agus ó Strasbourg. Thairis sin, bhí Fraincis agus Spáinnis ar a thoil aige, dhá theanga nach bhfuil traidisiún a bhfoghlamtha róláidir san Fhionlainn. Mar sin féin, nuair a bhí sé tar éis trí cholún a scríobh faoi bhagairt na bhfuathghríosóirí i rith bliain go leith ama – colún amháin in aghaidh na leathbhliana! – tugadh an sac dó.

Níl anseo ach dhá ócáid, ach thiocfadh liom tuilleadh samplaí a lua as measc lucht m’aitheantais féin. Tá an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cumacht cinsireachta ag an eite dheis antoisceach i saol iriseoireachta na Fionlainne inniu, agus cairde sa chúirt acu a chuireas ar a gcumas a gcuid bagairtí a chur i gcrích.

Posted in: Nuacht