Ciara agus Ó Ciardha

Posted on Deireadh an tSamhraidh 15, 2014 le

0



's mise Ciara, seo mo bhlag!

Thosaigh mé ag déanamh clár raidió ar Raidió na Life le déanaí. Bíonn sé ar siúl gach Déardaoin idir a sé agus a seacht.

ciara o ciardha

Tá beirt ar an gclár, mé féin agus mo chomhláithreoir Seán Ó Ciardha. Bíonn téama againn chuile sheachtain, agus casaimid ceol atá bainteach leis an téama sin.

An tseachtain seo bhíomar ag caint faoi thorthaí a bhí gan choinne – mar shampla an cluiche peile sin a bhuaigh an Ghearmáin, agus an eachtra le Garth Brooks – agus chasamar ceol as an nGearmáin agus an amhrán nua ó Coláiste Lurgan atá ina leagan Gaeilge de Garth Brooks.

Chuala mé athchraoladh den chlár an lá dár gcion agus bhí ionadh an domhain orm cé chomh Bleácliathach ‘s atá mo ghlór…! Cheap mé nach raibh sé mar sin… an bhfuil fhios ag éinne ar focal breá Gaelach ar delusional?

Má tá aon mholtaí ag éinne maidir leis an gclár, nó aon rud…

Amharc ar an alt bunaidh 7 bhfocal eile

Posted in: Nuacht