Níor Tháinig Amárach Sa Deireadh

Posted on Deireadh an tSamhraidh 15, 2014 le

0



Tuairim le Ciarán Dunbar ar na ceolchoirmeacha móra Garth Brooks a d’fhág díomá ar 6% den daonra.

An dtiocfaidh sé nó nach dtiocfaidh sé, b’shin an cheist a bhí i mbéal na ndaoine in Éirinn le roinnt seachtainí anois.

Príomhscéal sna nuachtáin arís is arís eile, barr-scéal ar an raidió agus ar an teilifís lá i ndiaidh lae.

An seinnfidh Garth Brooks na cúig cheolchoirm mhóra i ndiaidh a chéile i bPáirc an Chrócaigh?

Garth Brooks

Garth Brooks, mar a bhí tráth dá raibh

Fuair mé amach agus an colún seo á chríochnú gur cinnte an rud é nach seinnfidh.

Chuir an clúdach as cuimse seo an-fhearg ar go leor daoine áfach, iad den tuairim nach raibh sé tuillte aige – agus is cinnte go bhfuil an chuid is mó againn bréan den scéal faoin tráth seo.

Ach dar liomsa, bhí fios a ngnó ag na heagarthóirí go léir a leag an-bhéim ar an scéal seo gan aon amhras.

Scéal ollmhór is ea é mar gheall ar a thábhacht cultúrtha, polaitíochta agus eacnamaíochta agus mar gheall ar an mhéid a insíonn sé dúinn faoi mhuintir na hÉireann agus faoi shochaí na hÉireann.

Ach seo é mo chlásal séanta .

Ní raibh aon ticéad agam do cheolchoirm Garth Brooks agus fiú dá mba rud é go raibh sé ag seinm saor in aisce thíos ag an gCéibh ní dóigh liom go rachainn síos.

Níl aon spéis agam i gceol agus chan imríonn sé aon tionchar i mo shaolsa, ní aon ghléas agam le ceol a sheinm fiú.

Cha dtuigim ceol, ní ceol agam. Tá sé 20 bliana ó bhí mé féin ar cheolchoirm ar bith agus chuile seans nach mbeidh mé ar cheolchoirm arís i mo shaolsa.

Ní mo ghnó ceol – Tá mise díreach ag caint ar an scéal.

Mar sin féin, tá a fhios agam go raibh an-chuid daoine ag súil go mór leis an cheolchoirm seo, daoine de gach cineál, creideamh agus cúlra.

Agus labhair mé le go leor daoine a raibh ticéid acu agus caithfidh mé a rá gur léirigh siadsan an-tuiscint maidir leis an dearcadh atá aige roinnt de mhuintir na háite i gceantar Pháirc an Chrócaigh maidir leis na ceolchoirmeacha.

Ó thaobh na polaitíochta agus riaracháin de, thaispeáin an scéal seo nach bhfuil sé ar chumas na tíre a leithéid d’ócáid a reáchtáil mar is ceart d’ainneoin luach na gceolchoirmeacha seo d’eacnamaíocht Bhaile Átha Cliath agus na tíre.

Ach is i dtéarmaí cultúrtha atá an suntas is mó leis an scéal áirithe seo dar liomsa.

Chonacthas domsa go bhfuil cuid mhaith de scoithaicimí ceol agus cultúrtha na tíre ar bís nach bhfuil na ceolchoirmeacha ag dul ar aghaidh.

Mhothaigh mé féin daoine ag baint an-phléisiúr as díomá dhaoine eile.

Tá ceol s’acusan maith, tá ceol na gculchies go holc ar fad dar leo – chomh dona sin ná gur ábhar ceiliúrtha nach mbeidh deis acu freastal ar na ceolchoirmeacha.

Níor mhothaigh mé an méid sin éiliteachas le fada ó thráchtairteacht agus an méid fonóide léirithe do ghnáthdhuine na hÉireann – iad siúd a itheanns dinnéar le linn an lae.

Mar sin féin, dúirt giotáraí liom cúpla bhliain ó shin go raibh sé thar a bheith deacair ceol tíre a sheinm agus gur ghlac sin an-chumas ar fad lena dhéanamh – ní bheadh a fhios agam.

Níl mé cáilithe chun breithiúnas a dhéanamh ar cheol an Dá Shruthánaigh ach tá 190 milliún ceiríní díolta ag Garth Brooks agus is fiú $150 milliún dollar é – cuirim an cheist orm féin – cé chomh dona is a thiocfadh leis a bheith?

Scothaicmeachas atá i gceist i gcuid mhaith den cheiliúradh seo – scoithaicmeachas nach ndéanfaidh faic le lucht ceol tíre a mhealladh i dtreo cheol traidisiúnta – mar shampla.

An fhírinne shearbh

Rinneadh an pointe liomsa an tseachtain seo nach raibh aon tábhacht le Garth Brooks i gcomparáid le ceoltóir gaelach mór le rá.

Tá ciall le sin ach tá a fhios agam go maith dá rachainn amach ar shráideanna an Iúir ag fiafraí uaidh dhaoine maidir le tábhacht an cheoltóra áirithe sin nach dócha go bhfaighinn éinne a chuala trácht air.

Tá barúil agam go bhfuil Garth Brooks níos tábhachtaí do níos mó daoine in Éirinn ná an Ghaeilge, gach amhránaí a chleachtanns í agus gach amhrán a scríobh riamh inti … faraor.

Ní thaitníonn ceol Garth Brooks leis an chuid is mó de na scoithaicmí cultúrtha in Éirinn ach ná déan dearmad nach dtaitníonn an cultúr Gaelach le roinnt mhaith acu ach an oiread.

Ach fiú i gciorcail cheol traidisiúnta ní ghlactar an ceoltóir sean-nós ina measc go minic, beag beann ar cé chomh maith is atá siad.

farming_aint_the_way_cd

An taobh eile de cheol tíre na hÉireann – Albam le Farmer Dan

An é go bhfuil frustrachas ar cheoltóirí traidisiúnta leis an Éirinn ‘Tíre’ seo – an Éirinn a thug ceol traidisiúnta go dtí an aois seo agus a thréig don cheol tíre é?

Tá díomá ar leath den tír. Tá an leath eile náirithe amach is amach de bhrí go bhfuil díomá ar an leith eile – ach ní cuimhin liom iad gan a bheith náirithe ag rud éigin.

Ach bhí ticéad ag tuairim is 6% de dhaonra na hÉireann, seandaoine is páiste an-óg san áireamh, sin moll mór daoine amach is amach.

Más beag ceangal atá idir mhuintir na hÉireann agus deisceart SAM is léir go mothaíonn go leor daoine go bhfuil aifinideacht acu leis an cheol tíre nach bhfuil acu le ceol gaelach mar shampla.

Cibé barúil atá ag duine ar cheol Garth Brooks agus ar bhreithiúnas ceoil na ndaoine sin, ní féidir suntas an scéil a shéanadh nó a bheag a dhéanamh de shuntas an chineáil cheoil seo in Éirinn.

Posted in: Nuacht