Be Infants in Evil (Léirmheas ar dhráma Béarla)

Posted on Deireadh an tSamhraidh 28, 2014 le

0



(seachain scéalscrios áirithe thíos)

Sleamhnaíonn an dráma seo isteach sa tsrón ón gcéad uair a siúlann tú isteach san amharclann. Tiús i sacraistí séipéil agus sagart óg ar a ghlúine lena phaidrín. An tAthair Patrick atá ann, sagart atá ag tosú amach i bparóiste nua i mBÁC. Tá an fhaoistin curtha ar ceal inniu aige. Ainneoin sin seo chugainn Noleen, baintreach dhall a bhfuil léargas ar leith aici agus ar aghaidh lena faoistin. Ansin Jacinta atá tite i ngrá le fear Muslamach agus atá ag iarraidh teitheadh as an eaglais agus an tír le bheith leis. Tagann cuairteoir eile gan choinne ansin agus cuirtear domhan an tsagairt bun os cionn ar fad.

An rud is fearr faoin dráma seo ná an feitheamh tomhaiste. Tosaítear agus rud éigin folaithe, tugtar aitheantas dó ach níltear cinnte faoi. Tugtar blúirí beaga dúinn anseo is ansiúd agus déantar sin a mhealladh chun breathnú níos géire ar chúrsaí. Fanann smál éigin gan ainm ar an dráma ó thús. Agus cara Patrick ann tá ceist bhreise ann leis, cén caidreamh atá acu le chéile, agus coinnítear sinn ar fad ag gliúcaíocht go géar ar a gcaidreamh le hoibriú amach cén cineál é. Ceann cairdis, clainne nó cumainn?

Tá cuid mhaith den dialóg cliste, greannmhar ach cuid eile ró-ardintleachtúil(mar is nós le drámadóirí deisbhéalacha go minic) agus is cosúil go bhfuil a sheal féin ardéirime ag gach carachtar sa dráma, rud nach bhfuil inchreidte. Caitear gach aon téama agus conspóid anuas ar a chéile agus téann sé chun seafóide ar fad cúpla babhta i dtreo an deiridh. Ginmhilleadh? Cinnte. Leathar, glacaireacht, agus muslamachas? Ar ndóigh! Chomh maith leis seo titeann gach aon rud amach díreach ag an am céanna agus tagann gach aon chuid de le chéile go róghleoite agus is deacair creidiúint ann, go fiú má chuireann tú an-bhrú ort féin!

Tá go leor rudaí breátha ann os a choinne sin. Tugann an sagart caint fhada uaidh ar thábhacht agus ar iontas na beatha, ag rá nach bhfuil ach cuidín bídeach bídeach den chruinne atá in ann an bheatha a chur ar fáil agus gan é sin a dhéanamh ach ar feadh soicinde. Is ansin amháin atá grá in ann bláthú, deir sé. ‘The only time there can ever be love is when there’s life, and that’s now. Is cumhachtach an chaint í. Thabharfadh an chaint seo aitheasc an Íosánaigh faoin tsíoraíocht san ifreann i A Portrait of the Artist as a Young Man Joyce i gcuimhne duit ach is caint dhearfach í seo. An rud is annamh is iontach. Carachtar sagairt ar féidir ionnanú leis agus a bhfuil ba agus trua agat dó amhail Súil le Breith, ach go dtagann athrú ar chúrsaí ag druidim le deireadh.

Is é Brian Martin, Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air i Londain anois, a scríobh agus tá go leor rudaí le moladh faoi. Ar an bhfaraor géar ní bhraithim go dtagann se le chéile go foirfe agus nílim iomlán socair le teachtaireacht an dráma féin. Níl fhios ag an dráma féin go baileach a bhfuil uaidh, greann nó dáiríreacht. Tá compás morálta an dráma seo beagán as compás, leis, measaim. Pléann sé le péideafíleacht nó péidearastacht agus cuireann sé an cheist orainn an feidir grá a bheith i gceist i gcásanna mar sin. Tugann sé le fios, bhraitheas féin, nach bhfuil aon rud as alt le caidreamh collaí idir sagart fásta agus buachaill óg. An bhfuil leithéid de chaidreamh inghlactha? Ar an drochuair ní chuirtear an cheist i mbealach rómhaith mar sin gach seans go seachnófar ar fad í. Bainfidh sé stangadh asat mar sin féin. Is dráma spéisiúil é mar sin féin agus mar a deirim go minic is fearr drochdhráma ná scannán maith!

 (bunaithe ar leagan in Amharclann an Draoi/Mick Lally mar atá anois air ag Féile Ealaíona na Gaillimhe)

Posted in: Nuacht