Domhain gan Dóchas

Posted on Deireadh an tSamhraidh 31, 2014 le

2



Ní bheidh síochán sa Mheán-Oirthear choíche – ní féidir é

Tuairim le Ciarán Dunbar

Agus an colún seo á scríobh agam, bhí an slad ag leanúint leis i nGaza, bhí ar a laghad 1,400 marbh ar thaobh na bPalaistíneach de, an chuid is mó acu sin ina sibhialtaigh, go leor leor acu ina bpáistí.

Tá 58 saighdiúir de chuid Iosrael marbh agus 2 sibhialtach Iosraelach, fuair fear as an Téalainn a raibh cónaí ar in Iosrael bás chomh maith.

Map_Israel_Official_PPPA

Iosrael dar léi féin – cá bhfuil an Phalaistín?

Níl deireadh leis an slad seo agus ní bheidh choíche óir tá an rud ceannann céanna uaidh an dá mhuintir – an talamh agus an t-uisce.

An talamh ar fad idir an mhuir is an abhainn, ‘Sean-Phalaistín’ ar fad, nó ‘Iosrael Mór’ ar fad nach fios dúinn cén teorainneacha a shásódh a fonn talún.

Is é an t-aon difear ná go bhfuil ag éirí go maith le taobh amháin thar an taobh eile.

Bím in amhras in amanna má bhíonn aon tionchar ag na hailt, na tweets, na retweets, postálacha Facebook agus srl. ar thuairim aon duine, sílim go mbraitheann do dhearcadh ar an choimhlint seo ar do nádúr agus ar do chúlra féin thar aon réasún.

Mar sin féin, bhí an-iontas orm Lord Kilclooney, nó John Taylor mar a tugadh air tráth, a chloisteáil ag cáineadh Iosrael ar an raidió Dé Domhnaigh seo caite, bhris sé lena threibh chun sin a dhéanamh agus glacann sé sin misneach.

Deirtear liom go bhfuil Iosrael ag cailleadh an cath ‘PR’, níl mé chomh cinnte faoi sin, níl ann ach aon chath amháin atá tábhachtach – sin an cath ‘PR’ i SAM agus níl aon ábhar buairimh ag Iosrael cé go bhfuil leideanna ann go bhfuil eilimintí i riarachán Obama ag iarraidh bréan le sotal Benjamin Netanyahu.

palestineMap

An Phalaistín dar le Palaistínigh – cá bhfuil na Giúdaigh?

Cé go bhfuil Gaeilgeoirí, ar choimeádaithe agus Chaitlicigh chráifeacha iad den chuid is mó a thacaíonn go láidir le hIosrael, measaim go bhfuil mórchuid de na daoine atá ag éisteacht le seo, nó atá ábalta seo a thuiscint, ag taobhú leis na Palaistínigh ar an ábhar go bhfeictear Iosrael mar choilíneacht atá ag déanamh cinedhíothú orthu.

Ar bhealach, is aisteach é sin nuair a smaoiníonn tú ar cé chomh liobrálach is atá sochaí Iosrael i gcoitinne agus cé chomh coimeádach is atá sochaí na Palaistíne i gcoitinne.

Ach mothaím go bhfuil an dá dhream de lucht tacaíochta seo chomh mí-ionraic céanna in amanna.

Is annamh a thugann lucht tacaíochta na Palaistíne aon aird ar Hamas, ar a n-idé-eolaíocht nó ar a dtaicticí.

Is iad Hamas is a thaicticí amaideacha gan chiall an t-armlón PR is éifeachtaí dá bhfuil ag Iosrael – cén fáth nach dtuigeann siad sin?

Mar a dúirt tráchtaire ar na mallaibh, “is fada ó fhoirfe í Iosrael, ach tá sí beannaithe ag namhaid oilc as cartúin.”

críochnapalaistíne

Léarscáil de chuid gníomhairí ar son na Palaistíne ag léiriú na pócaí a bheadh ar fáil do stát na Palaistíne ag an phointe seo.

Ar ndóigh, tá diabhail á ndéanamh ag Iosrael agus ag meáin na heite deise de na Palaistínigh, de Mhoslamaigh agus d’Arabaigh.

Tá an bholscaireacht sin a ghlacadh le fonn ag an eite dheas san Iarthar agus tá an cath i gcoinne mhuintir na Palaistíne a chur i láthair mar throid i gcoinne sceimhlitheoireachta agus barbarachais.

Sa dóigh chéanna is a rinneadh barbaraigh as na Apaches, agus náisiúin bhundúchasacha eile thuaisceart Mheiriceá.

Ach níl ciall le taicticí míleata Hamas agus a bhfeachtas diúracáin ar chor ar bith.

Níl aon éifeacht leo agus cabhraíonn sé le hIosrael maidir lena gcath poiblíochta poiblí gan aon dochar míleata a dhéanamh.

Níl aon phléasc-cheann acu agus gur féidir leis córas ‘Iron Dome’ iad a thascaradh go furasta, caithfear an cheist a chur, cad is fiú iad?

Roicéid Hamas á n-ullmhú le haghaidh ionsaí ar Iosrael – ní féidir a dhíriú ar aon targaid ar leith.

Má tá sé ar a gcumas roicéid a tháirgeadh nach bhfuil sé ar a gcumas armlóin níos éifeachtaí a dhéanamh, airm fhritanc mar shampla?

Agus táthar ann atá ag máirseáil ar son ‘síocháin’ cé gur léir go dtacaíonn siad le feachtas míleata Hamas – cén fáth nach féidir sin a admháil? Cén fáth nach dtacaítear le feachtas armáilte na bPalaistíneach go hoscailte?

Ar an lámh eile, táthar ann chomh maith a deir go bhfuil siad ar son chearta Iosrael í féin a chosaint nuair is léir go gcreideann siad gur thug Dia s’acu an talamh do na Giúdaigh agus gur chóir na Palaistínigh a dhíbirt agus plandáil na nGiúdach in Iosrael a chur i gcrích go hiomlán go díreach.

Cén fáth nach féidir leo teacht amach is a rá go dtacaíonn siad le glanadh eitneach ar bhonn chine i ndeireadh na dála?

Deir siad má éiríonn Iosrael as an fhoréigean go scriosfaidh na ‘hArabaigh’ an tír go hiomlán – ach nach é sin atá déanta don Phalaistín cheana? – cá bhfuil an difear morálta, má ghlacann tú toil Dé amach as?

Táthar ann a deir nach bhfuil aon cheart ag Palaistínigh foréigean a úsáid d’ainneoin an méid talún a chaill siad agus na gcoinníollacha faoina maireann siad i gcónaí – is doiligh glacadh go gcuirfeadh siad féin suas leis go síochánta ach an oiread.

Is cuma sa tsoic le go leor acu sin cá mhéad páiste a fhaigheann bás – i ndeireBt1oiHlCEAEXkUeadh na dála, amharcann siad ar mhuintir na Palaistíne mar dhaoine den dara ghrád nach bhfuil cearta tuillte acu mar gheall ar chreideamh s’acu agus de bhrí gur ‘sceimhlitheoirí’ iad dar leo.

Ar an lámh eile, ní féidir le hIosrael éirí as an chogaíocht, níl aon áit eile le dul acu, tá sé rómhall anois, sin an praghas a chaithfeas sí íoc as an talamh a ghabháil is a phlandáil.

Tá Iosrael gafa idir chloch agus charraig, nó idir abhainn is muir más maith leat, caithfidh sí leanúint ar aghaidh gan ach fíor-chara amháin aici ar domhain ach is cuma faoi sin nuair is é Stát Aontaithe Mheiriceá an cara céanna.

Ní féidir leis na Palaistínigh éirí as ach an oiread – níl aon áit le dul acu seachas isteach san fharraige.

Agus ní féidir a bheith ag súil go nglacfadh aon dream go réidh é gur ghabh treibh eile a gcuid talamh, agus go nglacfadh le saoránacht den tríú ghrád lena chois.

B’ionann glacadh leis an fhéinriail a ofrálann Iosrael dóibh agus glacadh le caighdeán beatha an-íseal gafa i bpóca beaga talún timpeallaithe ag arm Iosrael – agus fiú ansin arbh fhéidir a bheith cinnte nach leanfadh lonnaitheoirí ar aghaidh ag bogadh isteach?

BtuOm7xCIAE8sln

Ní féidir an grá a mharú : Girseach óg agus corp a dhearthára a fuair bás i mbuamáil Iosrael

Ní dóigh liom go mbeidh fior-shíochán idir Phalaistínigh agus Iosrael choíche ach ní hionann sin is a rá go bhfuil cogadh ceart idir an dá thaobh – ní féidir aon chomparáid a dhéanamh idir chumhacht mhíleata Iosrael agus na roicéid atá ag teacht as Gaza.

Agus ní dóigh liom go bhfuil mórán amhrais fágtha ann ná go bhfuil básanna sibhialtaigh, páistí san áireamh, mar chuid de thaicticí Iosrael chun sceimhle a úsáid leis na Palaistínigh a bhrú faoi chois – agus meon s’acu a bhriseadh.

Síor-chogaíocht, gan stop, go deo.

Cuireann sé drochmhisneach ar dhuine maidir leis an chine dhaonna ar fad.

Focal scoir

Ón áit atá mé ag scríobh ar bhord an chistínigh feicim seanteach díreach os mo chomhair, é tréigthe anois.

Bhí ina gcónaí ann tráth daoine maithe cráifeacha a raibh an-dúil sa Bhíobla acu.

604

Páistí óga in Iosrael ag torramh athair s’acu a fuair bás ag troid i nGaza le harm Iosrael.

Tháinig a muintir anseo 400 bliana ó shin agus d’fhan siad leo go dtí tuairim ar 10 mbliana ó shin nuair a d’éirigh siad as an saol uaigneach seo inár measc cé nach ndearnadh ionsaí orthu riamh.

Tá teach s’againn sa bhaile fearainn seo ar an ábhar gur go ndearnadh glanadh eithneach ar theaghlach mo shean-mháthar agus go raibh orthu teitheadh i dtreo na sléibhte.

 

Féach chomh maith :

Deis dheireanach do Shíochán sa Mheánoirthear

An bhfaighidh muintir na Palaistíne faoiseamh go deo?

An Próiseas Síochána – Seo Chugainn Arís…

Posted in: Nuacht