An fiú é a bheith ag scríobh i nGaeilge?

Posted on Lúnasa 2, 2014 le

8



Tuairim le Ciarán Dunbar

Is iriseoir Béarla mise go príomha ach is fearr liom feidhmiú i nGaeilge.

Is maith liom scríobh agus smaoineamh inti mar is maith liom an teanga mar theanga cé nach ‘purist‘ mé in aon chor agus tá tuairimí agam ar scríobh na Gaeilge nach bhfuil sa lár-sruth.

Ach seo an rud, is beag daoine a léann Gaeilge, fiú iad siúd a labhraíonn í gach lá.

Agus tá a fhios agam nach léifidh mórán daoine mo shaothar inti mura bhfuil baint dhíreach aige leis an teanga í féin agus le cúis na teanga.

Seo an rud, thiocfadh liom mí a chaitheamh ag scríobh píosa sa Ghaeilge nach mbaineann léi agus fios maith agam go léifidh 20 duine é – cad is fiú?

Siombalachas atá ann, sin a bhfuil.

Nó thiocfadh liom tuairim sheafóideach a scríobh ar an Ghaeilge féin, taobh istigh de 20 bhomáinte, agus léifidh 1,000 duine é – b’fhéidir 4,000.

Chuir mé an cheist orm féin inniu mar sin?

Why would anyone write anything not linked to the language itself in Irish?

Níl freagra ar an cheist sin agam.

Is é an t-aon dóchas atá agam don teanga scríofa ná na comhráití a bhíonns ag dul ar aghaidh ar Twitter agus ar Facebook agus corr-leabhar iontach a fhoilsítear ar nós ‘An Litir’ le Liam Mac Cóil.

Mar sin féin, le seirbhís nuachta as Gaeilge ó RTÉ ar a bhealach ag tús na míosa seo chugainn, tuairisc.ie ar na bacáin (le seoladh ar an 17 Meán Fómhair, eagrán na aghaidh na seachtaine a chuala mé), iris nua ‘trom’ beartaithe ag an Fhoras agus ar ndóigh deontas nua ag Nós.

Tá go leor ábhar dóchais ann cé go bhfuil trua agam do na hirisí ar fad a chaill a gcuid maoiniú.

Ar aghaidh liom chun rud éigin a scríobh sa Ghaeilge faoin Ghaeilge – eacnamaíocht an mhargaidh atá ann agus caithfidh mé arán a chur ar an tábla.

Posted in: Nuacht