Inis Bó Finne : an fharraige, an rialtas is an Ghaeilge

Posted on Lúnasa 5, 2014 le

4



Chuaigh Ciarán Dunbar ar saoire in Inis Bó Finne 

map_official

Bhí mé ar saoire ar feadh coicíse ag tús na míosa, tréimhse dheas ar Costa del Conamara ach d’éirigh liom dul thar sáile chomh maith, cúpla lá taobh amuigh den ghnáthshaol, ar shiúil ón ríomhaire agus níos tábhachtaí arís saor ó aon cheangail 3G leis an domhan.

Amach go hInis Bó Finne a chuaigh muid, oileán beag amach as cósta Iarthar Chonamara.

Ní gá a rá ach go raibh an t-oileán go hálainn agus gur daoine iontach cairdiúil ar fad atá i mbunadh an oileáin agus ar ndóigh, bhí an aimsir go hiontach ar fad.

Mholfainn do dhaoine dul ann agus tamall a chaitheamh ann gan aon amhras.

Bhí dúil riamh agam in oileáin, dúil rómánsúil má tá mé ionraic. Rugadh mise i gcluain fá bhun na mBeann Boirche agus cha raibh aon amharc againn ar an fharraige – tugann sé faoiseamh dom i dtólamh a bheith timpeallaithe aige.

Ach ar ndóigh, mar is eol d’oileánach ar bith atá ag éisteacht leis seo, chan ionann cúpla lá anseo is ansiúd agus an bhliain ar fad a chaitheamh istigh ann.

Bhí aisling agam i gcónaí díom féin i mo chónaí in oileán le bealach éigin chun airgead a shaothrú sa bhaile agus bunús mo chuid ama á chaitheamh agam mar scológ – tuigim nach ionann sin agus an fhírinne maidir le haon saol atá ar fáil sna hoileáin.

Chonacthas dom i gcónaí gur cineál tír ar fad atá iontu mar oileáin go léir go bhfuil rud ar leith agus carachtar ar leith ar fáil ann i gcónaí.

Tá mé ag déanamh go bhfuil an saol chomh casta céanna d’oileánaigh ach ar bhealach dá bharr gur lú iad na hoileáin agus mothaíonn tú gur féidir teacht ar thuiscint orthu go héasca – seans go bhfuil dul amú orm.

Agus sinne in Inis Bó Finne bhí sí beo le turasóirí agus dúradh liom go bhfuil gnó iontach maith i mbliana agus gurb é seo an bhliain is fearr le fada an lá.

Muintir na Fraince agus Meiriceánaigh a bhí i mbunús na dturasóirí seo.

Ach tá an saol in Inis Bó Finne leochaileach, mar atá sé i ngach oileán amach ó chósta an iarthair, má tá sé beo beathaíoch mar oileán inniu thiocfadh léi a bheith bánaithe taobh istigh d’thréimhse iontach gairid cosúil le hInis Áirc atá in aice léi.

Oileán a tréigeadh mar gheall ar easpa tola le cé mar is ceart a thógáil ann, tithe agus talamh mín fágtha don nádúr.

Tá tuairim ar 17 ar bhunscoil Inis Bó Finne, níl sé sin chomh dona sin is dócha ach dá bhfágfadh teaghlach nó dhó an t-oileán bheadh cuma sách difriúil ar chúrsaí, tá 200 ar fad daoine ina gcónaí san oileán.

Nuair a chailleann oileán scoil, faigheann sé bás agus cé go bhfuil go leor tithe in Inis Bó Finne is eagal liom gur tithe saoire an-chuid acu sin, rud a chabhraíonn le geilleagar na háite ach ní dóigh liom gur leor iad chun fíor-phobal a choinneáil beo.

Níor mhothaigh mé aon tithíocht thraidisiúnta san oileán dála an scéil, rud a thaitníonn liom ach tá mé ag ceapadh go bhfuil muintir an oileáin i bhfad ró-phraiticiúil le seantithe a chaomhnú ar mhaithe le heispéireas dhaoine cosúil liomsa.

Stoirm Bhríd

Chonaic mé an dochar a rinne stoirmeacha an gheimhridh agus Stoirm Bhríd go háirithe don oileán, scrios iomlán déanta do Chéibh an Bhaile Thoir agus go leor dochar déanta don sráidbhaile sin féin. Tá an sráidbhaile anois fágtha gan an balla cosanta tábhachtach seo.

“Apacailipteach,” an cur síos a rinne oileánach amháin ar an dochar sin.

Dá leanfadh stoirmeacha an gheimhridh ag éirí níos measa b’fhéidir leo deireadh a chur le cónaí in oileán cosúil le hInis Bó Finne.

Bhí iontas orm fáil amach gur thug muintir an oileáin faoi cuid mhaith den obair dheisiúcháin iad féin – ní raibh an t-oileán in ann fanacht le riarthóirí, riaracháin agus foirmeacha.

Meastar gur shábháil an obair sin €400,000 ar an chomhairle chontae.

Agus sílim go nglacann sin muid chuig croí na ceiste – an é an aimsir is an fharraige an bhagairt is mó d’áiteanna cosúil le hInis Bó Finne nó  iad siúd a fheiceann an costas atá le gach rud ach nach féidir aon luach a fheiceáil in rud ar bith.

ThatcherismMccarthy-ism – sin Colmmccarthism an bhagairt is mó don na pobail sin títear domsa.

Mhol tuairisc McCarthy i 2009 ar chaiteachas poiblí gan níos mó airgead caipitil a chaitheamh ar oileáin – bhí an “réasúnaíocht neamhleor” dar leis an Bhord Snip nua.

Ní dhearna mé staidéar eacnamaíochta ar Inis Bó Finne, ach chuile seans dar lena raibh le feiceáil is le cloisteáil ann go dtugann sí níos mó don státchiste ná a ghlacann sí amach as.

inishboffin-aug2010

Aerstráice Inis Bó Finne

Seans go bhfuil mé mícheart ach feictear dom go ndéanfadh roinnt mhaith daoine i mbunaíocht Bhaile Átha Cliath fuadach ar an iarthar mar a rinneadh i nGaeltacht na hAlban.

Feiceann daoine áirithe pobail, feiceann daoine eile cúrsaí gailf – níl mé ag maíomh a dhath ar bith ar leith maidir le muintir ghailf dála an scéil.

Ní hionann sé sin is a rá nach gcaitear airgead amú, tá aerstráice mór mar cholm mór in Inis Bó Finne, mar tá ceann thall sa Chloigeann ar an mhórthír, ní raibh aon ghá le ceachtar acu agus mar a dúirt daoine san oileán liom cur amú airgid ar fad a bhí iontu sin.

Tá gach cuma ar an scéal nach n-úsáidfear choíche iad agus go ngabhfaidh an nádúr ar ais iad, ach inniu suíonn siad ann mar a bheadh leachtanna cuimhneacháin chothrománacha don Tíogar Ceilteach iontu agus don amaideacht a tháinig leis.

Gaeltacht gan Gaeilge

Bhí rud éigin ar iarraidh ar ndóigh in Inis Bó Finne, ‘Gaeltacht gan Gaeilge’ atá ann.

Tá an Ghaeilge marbh in Inis Bó Finne agus is tearc an t-eolas atá ar fáil fúithi. Is aisteach liom go bhfuil Gaeilge ann i Mionlach agus i mBearna ach nach raibh rian di ar fáil san áit is iargúlta i gConamara.

Thug mé spléachadh ar leabhair staire an oileáin agus is beag nach luaitear an Ghaeilge ar chor ar bith sa chuid is mó acu.

An t-aon rud a fuair mé ná paragraf i leabhar amháin ag míniú gur labhraíodh Gaeilge amháin ann go dtí 1900 agus go bhfuair sí bás ina dhiaidh sin de réir a chéile, gur buaileadh an Ghaeilge amach astu agus aisteach go leor nach raibh saibhreas le fáil inti nuair a bhí sí beo ann.

Sheiceáil mé Daonáireamh 1911 agus mé ar ais sa teach – “Irish and English” a bhí ag beagnach gach duine, na páistí san áireamh, cé go raibh fianaise ann go raibh seachadadh na máthairtheanga ó ghlúin go glúin ag briseadh síos ag an am ach mar sin féin ach bhí bunús mhuintir an oileáin dátheangach.

Cé nár sheiceáil mé gach foirm agus ní bhfuair mé aon duine gan Béarla áfach, an é go ndearna daoine dearmad uirthi mar Ghaeilge go díreach?

Tá iontas orm mar sin nach dtuairiscítear aon ‘chainteoir dúchais’ deireanach sna 60/70/80í cosúil le go leor áiteanna eile – cár imigh siad mar sin?

Deir Ian Lee ó RTÉ Raidió na Gaeltachta liom nach bhfuil aon taifead ag RTÉ de chainteoirí Inis Bó Finne (ná Inis Tuirc agus Oileán Chliara) mar shampla.

Mhothaigh mé go raibh an teanga cosúil le rún teaghlaigh, an duine a chuaigh go Sasana is nár labhair aon duine uirthi nó air arís.

800px-Inishbofin,_Galway,_Ireland._Map

Tá go leor Gaeilge le feiceáil ar an léarscáil seo

Mar sin féin, cheannaigh mé léarscáil bhreá agus bhí an chuid is mó de logainmneacha an oileáin i nGaeilge – agus litrithe i nGaeilge fiú óir ní féidir le litriú Béarla fuaimeanna Gaeilge a iompair.

Agus ar an ábhar sin, mhothaigh mé fuaimeanna na Gaeilge i gcaint Bhéarla an oileáin, muise labhair mé le fear amháin agus labhair sé Béarla le fuaimeanna na Gaeilge amháin sa chaoi chéanna a labhraíonn corrdhuine Gaeilge le fuaimeanna an Bhéarla amháin.

Tá clú ar Inis Bó Finne maidir le hamhránaíocht agus maidir le ceol de, ach cha raibh ach ceol Poncánach le cloisteáil ann an oíche úd a bhí mé amuigh ag cuardach ceoil sna tithe tábhairne.

Mar sin féin, “only a proportion of its oral lore was appropriated by English,” a scríobh an scríbhneoir agus fear déanta na léarscáileanna Tim Robinson faoin chultúr a thug an Béarla léi ón Ghaeilge in Iarthar Chonamara, níl amhras dá laghad agam ná go raibh an ceart aige.

Posted in: Nuacht, Tuairim