Seal i nGaeltacht na hAlban

Posted on Lúnasa 9, 2014 le

1



Théis seachtain a chaitheamh ar an Eilean Sgitheanach, labhraíonn Cian Ó Tuathaláin faoina thaithí ag foghlaim Gàidhlig thall in Albain.

I mo shuí san R.D.S. a bhí mé i mbun scrúdú Gaeilge na hAlban nuair a bhaineadh geit dochreidte asam. Is beag gur léim mé as mo shuíochán nuair a tháinig an léachtóir b’agamsa chugam ag ofráil áit dom ar chúrsa Gaeltachta in Albain ar feadh seachtaine.

Ar ndóigh, bhí éirí croí orm leis an smaoineamh sin. Bhí orm íoc as an eitleán, as an traein agus as an mbád go dtí an coláiste (creid é nó ná creid – ach níl aon bhealach níos simplí le dul go dtí an Eilean Sgitheanach), ach cuireadh lóistín, teagasc agus bia ar fáil dom mar chuid den scéim UCD atá ar fáil do mhic léinn a bhfuil suim acu sa nGàidhlig.

download

Sabhall Mór Ostaig

Bhí mé théis a bheith ag obair ar an gCeathrú Rua roimh thús an chúrsa, agus cé gur fhág mé Conamara ag a naoi a’ chlog san oíche, níor shroich mé an t-Eilean Sgitheanach ach go dtí a hocht a’ chlog an oíche ina dhiaidh sin. Níl aon eitilt handy Ryanair go dtí an fíorGhaeltacht in Albain, bíodh a fhios agaibh!

Caithfear traein a fháil ó Ghlaschú go Mallaig sa nGàidhealtachd, agus cé go bhfuil na radharcanna mórthaibhseach amach is amach – ní bhíonn tóin sásta ag aon duine théis sé uair a’ chloig a chaitheamh ar traein. Nílim ag magadh nuair a deirimse go raibh mé breá sásta ansin agus mé i mo sheasamh ar an mbád.

Sabhal Mòr Ostaig an t-ainm atá ar an gcoláiste Ghaeilge ar an Eilean Sgitheanach. Campas álainn nua-aimseartha atá ann ar imeall ‘Eilean an Cheò’, agus is croí lár domhain na Gaeilge in Albain í an coláiste seo, gan dabht ar bith.

Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romhainn ag stiúrthóir na gcúrsaí gairid, Alasdair, nuair a thángamar ar dtús, agus thug sé fillteáin fáilte dúinn in éineacht le heochracha ár seomraí. D’fhoghlaim muid gan mhoill go raibh an-tábhacht ag baint le tae agus caifé san áit seo, agus buaileadh múinteoirí, stiúrthóirí, mic léinn agus oibreoirí eile le chéile chuile uair a chloig nó mar sin le comhrá agus scéalta an lae a scaipeadh.

Mar dhuine a bhfuil céim bainte amach aige sa dtíreolas, is fada an lá ó d’fhoghlaim mé go mbíonn spéir gheall i gcónaí san oíche le linn an tsamhraidh i dtíortha ar nós na hÍoslainne agus na Graonlainne. Ach ní raibh a fhios agam ariamh go mbíonn an scéal céanna i gceist thall in Albain.

Sin ráite, tá gaol láidir idir na hÉireannaigh agus na hAlbanaigh, ar ndóigh – ach ní thuigeann daoine cé chomh cosúil is atá saol in Albain agus an saol sa gCríoch Lochlann. Bíonn sé deacair domsa le creidiúint go bhfuil an Ghàidhealtachd sa Ríocht Aontaithe ar chor ar bith.

Bhí mé i mo shuí ar an gcéad oíche sin – agus an ghrian ag taitneamh ag meán oíche. Ach ar an lá ina dhiaidh sin in Sabhal Mòr Ostaig, thuig mé go mbeadh craic agus spraoi i gceist le linn na seachtaine. Bhuail mé leis na daoine ar fad a bhí cláraithe don chúrsa seo – Gaeilge na hAlban do lucht labhairt na Gaeilge, nó Gaeilge-Gàidhlig mar a chuirtear air.

0539384ed234febd062a3df31852d788

Eilean a’ Cheo

Bhí cúigear againn. File, iar-leasphríomhoide, léachtóir, bainisteoir HSE, agus mé féin – ábhair oide – le cur leis an éagsúlacht. Bhí an t-ádh dearg linn go raibh múinteoir den scoth ag obair linn. Seans go mbeadh aithne ar roinnt agaibh uirthi – bean mhór na Gàidhlig, Beathag Mhoirisdean.

Is cainteoir dúchais í ó Leòdhas agus, buíochas mór le Dia, bhí Gaeilge na hÉireann aici ó bheith ag freastal ar chúrsaí i mBaile an Fheirtéaraigh le blianta anuas. Níor labhraíodh focal Béarla ar bith i rang Bheathaig, bail ó Dhia uirthi.

Tuigfidh sibh cé chomh suimiúil is a bhíonn sé le teanga iomlán nua a fhoghlaim, agus thairis sin le tuiscint go bhfuil sé beagáinín díreach cosúil le do theanga féin. An deacracht is mó b’againne ná leis na difríochtaí a fhoghlaim de glanmheabhair. Bhí muid in ann a bheith líofa chomh fada is go raibh focail áirithe Gaeilge á sheachaint againn.

Sna cúrsaí gairid, dírítear ar abairtí bunúsacha le cur síos a dhéanamh orainn féin, ar ár muintir agus ar ár bpostanna. Tá comhthéacs an-chosúil idir an dá theanga, agus mar sin bhí sé fíoréasca dúinn greim a fháil ar ghné sin na teanga.

Chuile lá i ndiaidh an chéad lá, chaitheamar deich nóiméad an duine ag caint faoin tráthnóna roimhe i nGàidhlig. Is minic go ndearna mé féin ar a laghad dearmaid go raibh muid ag caint i dteanga eile seachas Gaeilge.

Cuireann Sabhal Mòr Ostaig oideachas uathúil ar fáil don fhoghlaimeoir. Bíonn tábhacht ag baint le timpeallacht an seomra ranga, ar ndóigh, ach tógadh amach muid ar bhus timpeall an cheantair agus timpeall an oileáin ar fad chomh maith.

Bhain muid uilig sult go deo as na turais sin agus is minic gur chaith muid laethanta ar fad ag dul ó áit go háit ag meascadh le daoine áitiúla agus ag súil sléibhte. Chuamar ar bháid go hoileáin eile agus go dtí seisiúin ceol sna tithe tábhairne ar an mórthír. D’fhreastal muid ar oíche fhilíochta agus ar chéilithe freisin le linn an chúrsa.

Buaicphointe an turais domsa ná bheith ag bualadh le hoibreoirí an choláiste. Daoine nach mbíonn faitíos orthu roimh mheascadh leis na turasóirí agus nach mbíonn faitíos orthu roimh fhreastal ar na turais ach an oiread. Is minic gur chaith mé oíche ar an Eilean Sgitheanach ag foghlaim rince céilí na hAlban uathu théis a bheith sa bpub, ná bheith in éineacht leo ag seinm cheoil le chéile agus ag comhrá le chéile. Teaghlach atá ann i Sabhal Mòr Ostaig. Táim fíorbhuíoch gur ligeadh isteach an cúigear againn sa teaghlach sin nuair a bhíomar ann.

Ar an lá deireanach, bhí na hÉireannaigh uilig ag caint as Gàidhlig. Bhí muid líofa ar bhealach, chomh fada is a bhíomar cúramach gan an focal áirithe seo a rá, agus leis an bhfocal sin a chur isteach anseo is ansiúd. Is minic go raibh deacrachtaí againn le cúpla focal a bhí cosúil lena chéile, áfach: té bheag/taigh beag (gloine fuisce/leithreas) in ainneoin na difríochta i nGaeilge!

Ní fhéadfá an t-alt seo a scríobh sa bhliain 2014 gan trácht ar an rud is mó atá i mbéal an phobail in Albain. An reifreann. Is féidir roinnt duine a fheiceáil le suaitheantas orthu a bhfuil ‘Bu chòir’ scríofa orthu, agus is dócha go bhfuil an chuid is mó den Yes Voters le bheith ag teacht ón cheantar seo, an Ghàidhealtachd.

D’fhág mé an Eilean Sgitheanach le tocht orm. Níl ‘uisge beatha’ níos fearr in áit ar bith ar domhan agus tá an radharcra den scoth, ach is deacair an rud slán a rá le do chuid deartháireacha. Má osclaíonn tú do mheon do theangacha, tá tú ag oscailt do chroí don domhan. Bíonn croí oscailte ag muintir na hAlban duit ar aon nós, geallaim duit é sin, a léitheoir.

Tá tuilleadh eolais faoin gcoláiste Gàidhlig agus na cúrsaí gairid ar fáil ag: http://www.smo.uhi.ac.uk/en/cursaichean/cursaichean-goirid/

*An tEilean Sgitheanach – The Isle of Skye.

*An Críoch Lochlann – Scandinavia