Eite dheis, eite chlé, Facebook agus Twitter

Posted on Lúnasa 12, 2014 le

1



Tuairim le Ciarán Dunbar 

Eite chlé agus an eite dheis, nach bhfuil sé aisteach gur féidir oibriú amach go cruinn 90% den am cén tuairim atá ag duine ar cheist ar bith faoin spéir bunaithe ar cén áit a seasann siad ar cheist eile agus cá háit a bhfuil siad ar an speictream clé-deas.

In amanna déanaimse iarracht arsaí dom féin go bhfuil sé níos casta ná sin agus is cinnte gur fearr liom smaoineamh ar chompás polaitíochta seachas ar speictream polaitíochta.

Ach i ndeireadh na dála, is simpliú ollmhór aon lipéad a chur ar aon rud agus ar dhaoine go háirithe – seans go mbíonn meascán de thuairimí ag an chuid is mó againn?

Mar sin féin, bíonn léir-shamhlacha teoiriciúla againn de gach rud mar iarracht a dtuigbheáil – ach an leor lipéad simplí – eite chlé nó eite dheis le smaointeoireacht dhuine a thuigbheáil?axeswithnames

Baintear úsáid astu go minic i saol na linne seo mar théarmaí dímheasúla chun beag is fiú a dhéanamh d’argóint dhuine éigin gan aon ghá plé leis nó leis na fíricí taobh thiar de.

An mbaineann na teidil sin leis na hochtóidí – an bhfuil aon sóisialaigh ann dáiríre, nó fíor-choimeádaigh fiú?

Is é liobrálachas an eite chlé nua – ach nuair a rinne mise staidéar ar an pholaitíocht fada ó shin bhí an idé-eolaíocht sin sa lár.

Agus cén fáth ar leo taobh amháin cúis amháin, cén fáth a seasann gach duine ar an eite chlé le Gaza agus gach duine ar an eite dheis le hIosrael? Ní raibh sé mar sin i gcónaí, creid nó ná creid.

Agus ag déanamh eadráin san Iaráic leis na Yazidi agus Críostaithe a shábháil ó ISIS – an mbaineann sé sin leis an eite dheis nó leis an eite chlé?

Ach mar a d’admhaigh mé, mothaím gur féidir tuairim dhuine ar cheist ar bith a thomhas má tá a fhios agat cén barúil atá acu ar cheist eile agus caithfidh mé a admháil go sílim go bhfuil tuairimí go leor againn glactha ó ‘set menu’ seachas ar réasúnú déanta ar gach uile cheist aonair.

Nó níos measa arís piocthaí suas cosúil le houtfit i siopa do hipsters – nó ‘army surplus store’ fiú!

Ach seans nach bhfuil an t-am ag daoine sin a dhéanamh nó an fonn orthu sin a dhéanamh?

v65oai7fxn47qv9nectxCad é a spreag an raiméis seo a fhiafraíonn sibh atá fós ag éisteacht?

Bhál, cosúil le go leor daoine tá mise ar Twitter, bainimse úsáid as chun an nuacht agus an díospóireacht taobh thiar de a leanúint. Telex Machine na linne seo is ea é.

Tá na meáin shóisialta úsáideach, gan iad ní bheadh fios ag éinne cad atá ag dul ar aghaidh i nGaza mar shampla, ach tá go leor coimhlintí ann nach bhfuil siolla de ar fáil ar Twitter.

Is breá liom é caithfidh mé a rá agus mar dhaoine a bhíonns ag obair i nGaeilge tá sé rí-riachtanach le mo chuid saothar a chur chun cinn – gan é agus Facebook bheinn ag cur amú mo chuid ama.

Dála an scéil, dar le laoch teicneolaíochta na Gaeilge, Kevin Scannell tháinig laghdú 10% ar líon na ngiolcanna as Gaeilge le bliain anuas cé go bhfuil ábhairín níos mó ná sin ar líon na ngiolcairí – díreach cosúil le scéal na Gaeilge sa fíorshaol mar a tharlaíonn sé.

Ní duine mé a chreideann sa ‘Virtual Gaeltacht’ ach más beatha teanga í a labhairt is buanú í a scríobh is a léamh agus tá sé sin ag tarlú ar Twitter agus ar Facebook – tá 4.536 ball ag an ghrúpa ‘Gaeilge amháin’ mar shampla

Taitníonn liom fosta go bhfuil daoine ann atá sásta giolcadh sa Ghaeilge den chuid is mó gan aistriúchán comhuaineach go Béarla – feicim go mbíonn an-bhrú ar chainteoirí teangacha mionlaithe eile gan teanga s’acu a úsáid gan aistriúchán láithreach – creideann daoine áirithe gur suíomh Béarla atá ann – mar sin féin, is iomaí an Gaeilgeoir aitheanta a dhéananns dearmad ar cárb as a tháinig siad.

Caithfidh mé a rá áfach go gcuireann sé an-imní orm feiceáil comharchumainn agus clubanna CLG sa Ghaeltacht (oifigiúil) ag giolcadh leo i mBéarla amháin.

Ach seo an rud, ní féidir argóintí a chur trasna le 140 charachtar amháin, is cuma liom cé chomh maith is atá tú mar scríbhneoir.

Cosúil leis an speictream nó compás polaitíochta ní féidir leis an mhéid sin charachtar castacht aon scéal nó seasamh a mhíniú nó a iompair chun tuiscint.

Déanann daoine léamh contráilte de rudaí, de thuairimí agus de dhaoine ar an ábhar sin.

Ro-shimpliú, tuiscintí míchruinn is amscaí, déanann Twitter áibhéil ar gach rud.

Is ionann é agus círéib shóisialta, daoine ag caitheamh cloch ar a chéile sula múchfaidh siad na ríomhairí glúine is glaice is a théann siad ina gcodladh – cha dtiocfadh leis a bheith sláintiúil mar a deir an ceann eile.

Agus an maith an rud é an méid is eolas fút féin a chuir amach ansin go poiblí, agus fiú más príobháideach do shocraithe tá sé poiblí, bheirim mo sheacht ndeimhin dhuit ar an ábhar sin.

Tá muid tar éis an méid sin eolas fúinn féin a thabhairt do Twitter agus Facebook agus do rialtais, saor in aisce, go deonach.

Tá a fhios ag foirmlí matamaitice s’acu níos mó fúinn féin ná mar is eol dúinn féin – ní chreideann tú mé, oscail Facebook agus amharc ar na fógraí ar thaobh na láimhe deise agus abair liom go hionraic nach n-insíonn siad go leor fút féin.

Idir eolas pearsanta agus ár dtuairimí polaitíochta tá muid tar éis an-chumhacht a thabhairt do na dreamanna seo próifíliú a dhéanamh orainn – lipéid a chur orainn.

Den chéad uair, d’éirigh leis na comhlachtaí cumhachtacha seo agus dreamanna rialtais amharc isteach inár n-aigní. Sinn féin a thug an chumhacht seo dóibh. Cad a dhéanfaidh siad leis?

Níor chóir go mbeadh imní ar dhaoine ‘soineanta’ chomh maith a deir daoine a thrustálann cumhacht.

Thug muid luamhán dóibh – cén úsáid a bhainfear as sin?

Ach leis an fhírinne a dhéanamh leat, is doiligh sinn féin a dhícheangail ó Twitter – tá eolas uainn agus mothaíonn muid nach féidir maireachtáil gan é.

Ach leis an eolas sin go léir, níor fhoghlaim mé dáiríre ach go bhfuil an t-aon choincheap arbh fhéidir leis saol níos fearr a chruthú, is é sin le rá go bhfuil muid uile go léir mar chuid de dhaonnacht choitianta, chomh marbh le hart.

Ba chóir dom níos mó ama a chaitheamh ag léamh leabhair mhaithe is léir.

Clibeanna: , , ,
Posted in: Tuairim