Féasta Eile de CLG

Posted on Lúnasa 12, 2014 le

1



Achoimre ar chluichí Dheireadh na Seachtaine le 

CLG Go Deo

@beo_clg

Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann

Dún na nGall 1-12 Ard Mhacha 1-11

Bhí deireadh iontach leis an gcluiche. Bhí se tuillte ag Dún na nGall is dócha ach déarfadh muintir Ard Mhacha go raibh mí-ádh orthu féin gan a bheith chun tosaigh ag leatham tar éis go raibh an chuid is mó den tseilbh acu. An stíl chéanna á himirt ag an dá thaobh ach Dún na nGall compordach go dtí gur scaoil siad isteach cúl nuair nach raibh fagtha ach 10 nóiméad nó mar sin. Ag an bpointe sin d’fhéadfadh le dream ar bith acu buachan.

Scórálaithe

Dún na nGall: M Murphy 0-5 (4 cs), O Mac Niallais 1-1, C McFadden 0-3 (2 cs), P McBrearty 0-2, N McGee 0-1

Ard Mhacha: T Kernan 0-4 (1cs), S Campbell 1-1, A Kernan 0-2 (1 cs), A Mallon, A Forker, K Carragher, M Murray 0-1 an duine

Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann

Áth Cliath 2-22 Muineachán 0-11

Bhí tuirse le feiceáil ar imreoirí Mhuineacháin tar éis na seachtaine roimhe in aghaidh Chill Dara. Choinnigh siad Áth Cliath amach go réasúnta maith ar feadh 20 nóiméad ach chomh luath is a scóráil Diarmuid Connolly cúl do na Dubs bhí Muineachán i dtrioblóid. Scóráil Bernard Brogan cúl go gairid ina dhiaidh sin. Bhí bua éasca acu ar deireadh. Taispeántais mhaithe ó Philly McMahon, Bernard agus Alan Brogan, Johnny Cooper agus ó Paul Flynn do na Dubs agus bhí Clerkin agus Drew agus Ryan Wylie go maith do Mhuineachán.

Scórálaithe

Áth Cliath: B Brogan 1-7 (6 cs), D Connolly 1-2 (1 cs), A Brogan 0-3, P Flynn, E O’ Gara, D Rock 0-2 an duine, S Cluxtom (45), J Cooper, K McMemanin, C Costello 0-1 an duine

Muineachán: C McManus 0-6 (4 cs), D Clerkin, K Hughes (2 cs) 0-2 an duine, R Beggan 0-1 (45)

Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann

Cill Chainnigh 2-13 Luimneach 0-17

Mí-ádh ar Luimneach ach thaispeáin siad dúinn cén fáth arb iad na cúil a bhuann na cluichí. Bhí an díocas céanna le feiceail i gCill Chainnigh i mbliana agus a bhí le feiceáil le blianta beaga anuas. Bhí Luimneach féin iontach ach nuair is féidir leat Henry Shefflin agus Richie Power a tharraingt ón mbinse beidh sé deacair ag foireann ar bith iad a stopadh.

Scórálaithe

Cill Chainnigh: TJ Reid 0-5 (5 ps), C Fennelly 0-4, R Hogan, E Larkin 1-0 an duine, P Walsh, M Fennelly 0-2 an duine

Luimneach: S Dowling 0-7 (4ps, 1 650, D Hannon 0-5, G Mulcahy 0-2, D Breen, D O’ Grady, S Tobin 0-1 an duine

Cluiche Leathcheannais Mionúir Iomána na hÉireann

Cill Chainnigh 1-23 Port Láirge 1-14

D’éirigh le Cill Chainnigh an lámh in uachtar a fháil ar Phort Lairge tar éis am breise. In ainneoin gur cheap na geallghlacadóirí go mbeadh bua éasca ag Cill Chainnigh léirigh muintir na Déíse díocas agus spiorad ina gcuid imeartha. Thug muintir Phort Láirge cluiche an-deacair dóibh ach sa dara leath de am breise d’éirigh le Cill Chainnigh sleamhnú chun cinn.

 

 

Posted in: Spórt