Amhras faoi Karl Lacey

Posted on Lúnasa 14, 2014 le

0



CLG Go Deo

@beo_clg

Tá imní ar mhuintir Dhún na nGall nach mbeidh Karl Lacey sách aclaí le haghaidh a thabhairt ar Áth Cliath i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann ar 31 Lúnasa de bharr teannán na hioscaide a bheith straidhneáilte aige.download

Tharla an gortú seo an tseachtain seo caite i mbua Dhún na nGall in aghaidh Ard Mhacha.

Chaill sé amach ar an gcluiche in aghaidh Aontroma níos túisce sa mbliain de thoradh an ghortaithe chéanna agus de réir shuíomh idirlín oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael tá sé le scan a bheith aige ar theannán a ioscaide an tseachtain seo.

Tá Jim McGuinness tar éis a rá, áfach, go ndéanfar gach rud is féidir leo le gach seans a thabhairt dó an cluiche a imirt.

Má tá Dún na nGall leis an gceann is fearr a fháil ar na Dubs is cinnte go mbeidh Karl Lacey ag teastáil uathu.

Posted in: Spórt