Bígí ag súil le cluiche maith Dé Domhnaigh

Posted on Lúnasa 16, 2014 le

0



Réamhamharc le

CLG Go Deo

@beo_clg

Gaillimh v Luimneach, Cluiche Leathcheannais Iománaíochta Mionúir na hÉireann, Dé Domhnaigh, 1.30 beo ar TG4

Ba cheart go mbeadh an-chluiche anseo agus is cinnte go mbeidh an choimhlint a bhí idir an dá fhoireann seo i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh fós in intinn imreoirí agus bhainistíocht Luimnigh. Bhuaigh Gaillimh anuraidh tar éis am breise ach chlis ar Hawkeye le linn an chluiche i bPáirc an Chrócaigh.

Níor tugadh cúilín do Luimneach nuair a bhí sé soiléir gur cúilín a bhí ann agus ceapann bainisteoir Luimnigh, Brian Ryan, go raibh Luimneach maith go leor le Craobh na hÉireann a bhuachan anuraidh murach an cinneadh sin.

Maidir leis an mbliain seo, tá Luimneach ag breathnú an-láidir go dtí seo tar éis ceithre chluiche dheacra in aghaidh Thiobraid Árann, Chorcaí agus Phort Lairge faoi dhó a imirt go dtí seo. Is cinnte gur ullmhúchán iontach é sin do Luimneach agus iad réidh aghaidh a thabhairt ar leaids óga na Gaillimhe.

Ar an taobh eile, de bharr nach bhfuil craobhchomórtas i gCúige Chonnacht, ní raibh de ullmhúchán ag Gaillimh go dtí seo ach cluiche in aghaidh Aontroma agus in ainneoin gur bhuaigh siad 2-20 go dtí 0-09 níor bhreathnaigh siad róláidir.

D’aithin Mattie Murphy, bainisteoir na Gaillimhe, seo go poiblí agus níl aon amhras ann ach go mbeidh ar Ghaillimh a bheith níos fearr má tá Mattie chun a 7ú craobh mionúir na hÉireann a bhuachan i mbliana.

Tá imreoirí maithe ar an dá thaobh – Ronan Lynch, Seamus Flanagan agus Seán Finn do Luimneach agus Conor Whelan, Seán Linnane agus Conor Shaughnessy do Ghaillimh.

Cé a bheidh ag imirt in aghaidh Chill Chainnigh i gCraobh na hÉireann: Ceapann CLG Go Deo go mbeidh an lá ag muintir Luimnigh – ach ar éigean é! Bígí ag súil le cluiche maith.

Posted in: Nuacht