Ebola – an galar agus an sceimhle

Posted on Lúnasa 16, 2014 le

1



Tá víreas Ebola i mbéal an phobail arís – díreach cosúil leis na nóchaidí. Ach anois, cad é an cineál víreas é an t-Ebolavirus agus cé chomh mór atá an bhagairt? Tá muid inár mbeatha i gcónaí cé go raibh an sceimhle céanna ann fiche bliain ó shin. Mar sin, is dealraitheach nach mba chóir dúinn dul as ár meabhair le buairt faoin víreas áirithe seo cé go bhfuil an galar tromchúiseach ann féin, ar ndóigh.

Fiabhras fuilreatha

Is éard atá i gceist le galar Ebola ná cineál fiabhras fuilreatha. Ar dtús shílfeá nach bhfuil ann ach gnáthshlaghdán: ní aithneofá ar a airíonna ó mhionghalair neamhurchóideacha é. Bíonn buinneach, fiabhras, pianta sna géaga agus a leithéid eile ag luí ar an othar ar feadh seachtaine, ach ansin tosóidh sé ag cur fola: aithnítear cineál gríos dearg air, toisc go bhfuil an t-othar ag cur fola taobh thíos den chraiceann, agus bíonn fuil ag dul leis an urlacan agus le deora na súl féin.

Fuair galar Ebola a ainm ó abhainn Ebola i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – nó sin é an t-ainm atá ar an tír mhór mhillteanach sin inniu; nuair a tháinig na leigheaseolaithe ar an víreas, ba í an tSáír í.

Ní hé galar Ebola an t-aon fhiabhras fuilreatha atá ann, agus ní hé an t-aon fhiabhras fuilreatha a bhain scanradh as an gcine daonna mar seo. Nuair a bhí mé i mo bhuachaill bheag bhí fiabhras Lassa ina ábhar sceimhle cosúil leis an Ebolavirus inniu. Baile mór sa Nigéir é Lassa agus is iad an Nigéir, an Libéir, agus Siarra Leon na tíortha is mó ina bhfuil an fiabhras seo ag rith damhsa. Inniu féin bíonn fiabhras Lassa ag siúl ar mhuintir na hAfraice Thiar agus timpeall ar chúig mhíle duine ag fáil bháis leis in aghaidh na bliana.

Ialtóg Éigipteach

Ialtóg mheas Éigipteach ag déanamh craosaireachta ar na torthaí, mar is dual di. Seo an cineál ialtóg a iompraíos galar Mharburg. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Sna seascaidí bhris galar mistéireach amach i Marburg sa Ghearmáin – galar Mharburg, mar a thugtar air inniu. Fiabhras fuilreatha a bhí ann freisin agus fuair seachtar bás leis – haithníodh an galar ar thuairim is tríocha duine. Tá galar Mharburg iontach cosúil le galar Ebola, agus nuair a casadh galar Ebola ar na saineolaithe an chéad uair, is éard a shíl siad ar dtús ná nach raibh ann ach tréithchineál (nó strain mar a deir an Béarla) de chuid ghalar Mharburg.

Níl leigheas ann ach is féidir leis an othar teacht as

Ní féidir galar Ebola a leigheas le haon chógas ar leith, ach is féidir tacaíocht a thabhairt don othar sa chath a chuireas a chóras imdhíonachta féin ar an víreas: uisce a sholáthar dó lena chinntiú nach bhfaighidh sé bás le díhiodráitiú (is é sin, de cheal uisce), mar shampla. I dtús an ghalair, ní mór do na dochtúirí antaithéachtaigh a thabhairt dó – is é sin, cógais a mhaolaíos ar théachtadh na fola – lena chinntiú nach dtéachtódh an fhuil ina cnapáin sna hartairí; ach ón taobh eile de, caithfidh na dochtúirí próithéachtaigh a thabhairt dó níos deireanaí – is é sin, cógais a spreagas téachtadh na fola – le maolú ar an bhfuilrith. Is léir go bhfuil scileanna móra leigheaseolaíochta de dhíth le haiste na gcógas a cheartú is a choigeartú de réir is mar atá an galar ag dul ar aghaidh.

Tá mortlaíocht fhiabhras Ebola an-ard – ní thiocfaidh ach duine as an mbeirt slán faoi na himthoscaí is fearr – ach tá sí ag brath go mór ar an teacht atá ag an othar ar sheirbhísí forbartha sláinte. Is léir go bhfuil an t-othar i bhfad níos fearr as i dtír shaibhir ná i gcúlriasca na hAfraice i bhfad ón otharlann is cóngaraí. Thairis sin má thagann an t-othar faoi shúil an tsaineolaí sách luath – is é sin sula dtosóidh sé ag cur fola – is follasach go bhfuil seansanna maithe bisigh aige i gcomparáid leis siúd nach dtéann ar lorg dochtúra roimh an bhfuilrith.

Galar uafásach é fiabhras Ebola mar sin, ach ní mór cuimhne a choinneáil air nach galar róthógálach é i gcomparáid lena lán eile. Tá galair ann, cosúil leis an bhfliú den ghnáthchineál, a rachadh ar fud na háite dá ligfeadh aon duine ionfhabhtuithe amháin sraoth. Maidir leis an Ebolavirus, áfach, caithfidh tú a bheith i dteagmháil cuíosach dlúth leis an othar le tolgadh a fháil uaidh. Is iad sreabháin an choirp foinse na tógála, agus mar sin is féidir an víreas a thógáil ón gcomhriachtain, cosúil leis an SEIF, nó ó fhuil an othair mar shampla.

446783-ebola-hospital

Othar le galar Ebola in otharlann san Afraic. Tabhair faoi deara an chulaith chosanta a chaitheas an dochtúir.

Zónóis

Cosúil lena lán galar marfach eile is zónóis é galar Ebola – is é sin, is ó na hainmhithe a tholg an duine an chéad uair é. Go bunúsach, ní ciallmhar an mhaise don phataigin (an víreas, an baictéar nó an cineál eile miocrorgánaigh is cúis le galar áirithe) an t-othar a mharú, toisc gur cul de sac é bás an othair don phataigin: ní féidir leis an othar marbh tuilleadh daoine a ionfhabhtú. Mar sin, is féidir glacadh leis nach bhfuil an tEbolavirus “ceaptha” don duine, cibé cé acu Dia nó an éabhlóid a cheap. Dealraíonn sé gurb iad na hialtóga a iompraíos an víreas agus gur féidir leosan tolgadh Ebola a sheasamh mar ghnáthghalar neamh-mharfach. Ar an dóigh seo, tá galar Ebola cosúil leis an gconfadh (rabies): is iad na hialtóga a iompraíos é freisin, agus iad in ann teacht slán as an tolgadh.
 
An Scannán úd "Outbreak"

Fógra don scannán úd Outbreak a tháinig ar an scáileán sa bhliain 1995. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

 
Galar Ebola sna meáin
 
The Hot Zone Clúdach

Clúdach an leabhair úd The Hot Zone, a tháinig i gcló sa bhliain 1994. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

 

 
Fiche bliain ó shin bhí fiabhras Ebola sna meáin cosúil leis an lá atá inniu ann, agus ba iad an leabhar le Richard Preston, The Hot Zone, agus an scannán le Wolfgang Petersen, Outbreak, ba chúis le cuid mhór den histéire. Fuair scannán Petersen inspioráid áirithe ón leabhar, ach le fírinne ba mhór an difríocht a bhí idir an dá rud: leabhar faisnéise don ghnáthléitheoir a bhí sa Hot Zone, níorbh aon úrscéal a bhí ann siúd is go raibh blas áirithe scéinséireachta agus gáifeachais air; maidir leis an scannán, is éard a bhí á insint ann ná scéal ficseanúil faoi “víreas Motaba”. Ba léir áfach gurbh é víreas Ebola a spreag an scéal.
Posted in: Nuacht