Nuacht (agus Seanchas) ó Shaol na hEolaíochta

Posted on Lúnasa 17, 2014 le

1



astaróideach Itokawa

Seo Itokawa, nó 25413 Itokawa, ceann de na hastaróidigh a bhfuil baint acu le “hiarmhairt na gcnónna Brasaíleacha”. Fuair an t-astaróideach a ainm ó Hideo Itokawa (1912-1999), athair na spáseitilte sa tSeapáin. Tá Itokawa tuairim is 600 méadar ar fad agus 250 méadar ar leithead. Cuid de na réalteolaithe tá siad barúlach gur foirmíodh Itokawa nuair a tháinig dhá astaróideach beaga (nó tuilleadh acu b’fhéidir) le chéile agus a gcomh-imtharraingt á n-aomadh chuig a chéile. “Déréalta teagmhála” a thugtar ar an gcineál sin astaróideach. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Na Cnónna Brasaíleacha agus na hAstaróidigh: Tá a leithéid d’fheiniméan ann agus “iarmhairt na gcnónna Brasaíleacha”: má chroitear canna nó coimeádán a bhfuil cnónna Brasaíleacha istigh ann, is iad na cnónna is mó a fhágtar thuas, agus na cinn bheaga ag titim síos, rud nach bhfuil ag teacht go rómhaith le tuiscint an ghnáthdhuine: shílfeá gurb iad na cnónna is troime a rachadh síos, ach ní mar a shíltear a bhítear. Is é an míniú a thugas na fisiceoirí ná go gcaolaíonn na cnónna beaga síos idir na cinn mhóra, ó tá spás eatarthu áit nach bhfuil siad i dteagmháil le chéile.

cnó Brasaíleach

Cnónna Brasaíleacha. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla.)

Inniu, tá na réalteolaithe ag déanamh a marana ar cén fáth nach mbíonn ach moghlaeirí móra cloiche le haithint ar astaróidigh áirithe, agus iad ag tagairt d’iarmhairt na gcnónna Brasaíleacha mar mhíniú ar an dóigh a bhfágtar na moghlaeirí ar an taobh amuigh. Is iad na “talamhchreathanna” san astaróideach féin agus na clocha beaga scartha a thiteas anuas ón spás ar an astaróideach is cúis leis na sruthanna comhiompair a tharraingíos na moghlaeirí cloiche aníos as ithir an astaróidigh. Sin é an rud atá le léamh i dtuarascáil taighde a tháinig ó pheann Soko Matsumura, agus í ag obair in Ollscoil Dhùn Dé (Alba) faoi láthair. (Foinse: Sciencenews.org)

Soko Matsumura

Réalteolaí ó Ollscoil Maryland í Soko Matsumura agus í ag déanamh taighde ar an dóigh a bhforbraíonn na pláinéid agus na córais phláinéadacha as an damhna timpeall ar réaltaí. (Grianghraf: http://www.astro.umd.edu)

Grianghrafanna Nua de Charón:  Tháinig an spástaiscéalaí úd New Horizons sách cóngarach do Phlútón le grianghrafanna a thógáil den dóigh a bhfuil Carón, an ghealach is mó, ag timpeallú an abhacphláinéid. Ní aithnítear Plútón agus Carón ach mar spotaí bána sna grianghrafanna, ach de réir is mar a thiocfas New Horizons níos gaire do Phlútón beidh pictiúirí is soiléire ná sin ar fáil. Glactar leis go mbainfidh an taiscéalaí amach Plútón i gceann bliana. Faoi láthair tá sé deich n-oiread níos faide ón Domhan ná ó Phlútón.

New Horizons

Ag caitheamh sholas na tuisceana ar na pláinéid ar fhorimeall an Ghrianchórais: suaitheantas New Horizons. Spástaiscéalaí – is é sin, spásbhád gan chriú nó foireann – is ea New Horizons a scaoileadh chun bóthair ón lárionad spáis i gCape Canaveral in Eanáir 2006. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

D’imigh New Horizons leis ón Domhan i dtús na bliana 2006, agus ó shin i leith sholáthair an taiscéalaí seo cuid mhaith grianghrafanna de reanna neimhe i bhfad ar shiúl ón Domhan: an chéad leath den bhliain 2007 bhí gléasra an taiscéalaí ag déanamh diantaighde ar Iúpatar agus ar a chuid gealach. Ag eitilt thart leis an bpláinéad dó bhain an taiscéalaí leas as imtharraingt Iúpatair le géarú ar a luas – cleas ar a dtugtar “crann tabhaill imtharraingthe”. Maidir le gealacha Iúpatair, ba í Io an ceann acu ba mhó a bhí faoi scrúdú ag New Horizons.

Galileo Galilei

Galileo Galilei (1564-1642) – eolaí ceannródaíoch. Bhain sé úsáid as an teileascóp le breathnuithe réalteolaíochta a dhéanamh, agus rinne sé a fhorbairt féin ar an teileascóp mar ghléas. Bhí sé barúlach nárbh é an Domhan ach an Ghrian a bhí ina lárphointe don ghrianchóras (nó don ollschruinne, de réir thuiscint an lae) – teoiric ar a dtugtar héilealárnachas nó grianlárnachas. Faoin am sin, áfach, bhí intleachtóirí a linne (agus an Eaglais Chaitliceach) go tréan ar son an gheolárnachais nó an domhanlárnachais, is é sin shíl siad gurb é an Domhan lárphointe na hollchruinne. Mar sin chiontaigh an Chúistiúnacht an réalteolaí i gcoir na heiriceachta, agus is é an pionós a ghearr sí air ná braighdeanas baile go lá a bháis. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Ceann de Ghealacha Galileo í Io – is é sin, de na gealacha móra a d’aithin Galileo Galilei thiar sa tseachtú haois déag. Is iad na hainmneacha a thugaimid ar na gealacha seo inniu ná Io, Europa, Ganymede agus Callisto, ach níorbh é Galileo féin a bhaist mar sin iad – theastaigh uaidhsean urraim a chur in iúl dá urraí féin, Cosimo de’ Medici, agus é ag tabhairt “réaltaí Medici” ar na gealacha.

Cosimo de Medici

Cosimo de’ Medici (1590-1621), nó Cosimo a Dó, ard-diúc na Tuscáine agus urraí Ghalileo. Ba é an t-ealaíontóir Pléimeannach Justus Sustermans a dhathaigh an pictiúr seo. Ó Ghalileo a d’fhoghlaim Cosimo beag uraiceacht an léinn ina chéad óige. Ní raibh fad saoil i ndán don phrionsa léannta seo, faraoir – nó sciob an eitinn léi é nuair nach raibh sé ach tríocha bliain d’aois. Sa léann ba mhó a bhí a shuim, agus d’fhág sé gnóthaí rialaithe a dhiúcachta faoi na státseirbhísigh. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Ba iad Cosimo agus a thriúr deartháracha, Carlo, Francesco, agus Lorenzo a bhí i gceist ag Galileo le “réaltaí Medici”, ach le fírinne ní raibh sé ag úsáid ainmneacha na ndeartháracha le tagairt do na gealacha ina chuid scríbhinní féin – b’fhearr leis iad a uimhriú: Iúpatar a hAon, Iúpatar a Dó, Iúpatar a Trí agus Iúpatar a Ceathair. Sin é an córas a bhí in úsáid ag na réalteolaithe nua-aimseartha féin ar feadh i bhfad, agus iad á fhairsingiú fosta: nuair a thángthas ar Amalthea, an ghealach bheag atá ag timpeallú an phláinéid taobh istigh d’fhithis Io, tugadh “Iúpatar a Cúig” uirthi. (Is cuimhin le lucht léite an fhicsin eolaíochta go bhfuil gearrscéal le hArthur C. Clarke, Jupiter Five, suite ar Amalthea agus go bhfuair an scéal a theideal féin ón ngealach sin.)

Gealacha Galileo

Gealacha Galileo in éineacht lena bpríomhach, is é sin Iúpatar féin. Io an ceann is airde thuas. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Le fírinne tháinig na hainmneacha úd Io, Europa, Ganymede agus Callisto ó Simon Marius, réalteolaí Gearmánach a thug in iúl gur aithin sé na gealacha sin beag beann ar Galileo, agus ní ba luaithe ná eisean. Níor thug na réalteolaithe mórán creidiúna don ráiteas sin riamh, agus iad barúlach nach raibh Marius ach ag déanamh gaisciúlachta. Mar sin, dhiúltaigh siad úsáid a bhaint as na hainmneacha sin ar feadh i bhfad. Níor éirigh siad coitianta ach san fhichiú haois.

Amalthea

Seo Amalthea, nó Iúpatar a Cúig. Níl sí in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach le Gealacha Galileo. Mar a léiríos na pictiúirí, cnapán neamhrialta í nach bhfuil cosúil le sféar nó liathróid ar aon nós. Tá fáinne fannlag ag dul timpeall ar Iúpatar in aice le hAmalthea, Fáinne Leámháin Amalthea, agus is éard atá ann go bunúsach ná dusta nó deannach a tháinig ó Amalthea féin. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Maidir le hIo, is í an dara ceann is lú de Ghealacha Galileo. An dóigh a mbíonn fórsaí imtharraingthe na dtrí gceann eile, gan trácht ar imtharraingt Iúpatair féin, ag dul i bhfeidhm ar an ngealach seo tá sí ar coipeadh ar fad le bolcánachas taobh istigh. An cineál sin fórsaí is cúis le tuile agus trá na taoide ar an Domhan s’againn féin, agus sin é an tuige go dtugtar fórsaí taoide orthu freisin. Níl uisce ná leacht eile ar Io, áfach, agus mar sin is ar chloch an phláinéid féin a théann na fórsaí sin i gcion, ag teannadh agus ag streachailt na gealaí. D’fhéadfá a rá gurb éard atá i gceist le bolcánachas Io ná tuile agus trá na cloiche.

Mar is léir ón bpictiúr seo, tá Io ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, lenár nGealach féin. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Mar is léir ón bpictiúr seo, tá Io ar aon mhéid lenár nGealach féin, nó beagáinín níos mó ná í. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Nó, le fírinne, cé go bhfuil cloch taobh istigh, sulfar is mó atá ar an taobh amuigh. Tá Io buí le sulfar, agus na bolcáin líonmhara le haithint mar spotaí dearga. Mar sin, is minic a dhealraítear Io le píotsa: tá an sulfar cosúil le cáis an phíotsa, agus na bolcáin ina dtrátaí sa phíotsa seo.

Pluto_moon_P5_discovery_with_moons'_orbits

Chonaic muid an pictiúr seo ar an Tuairisceoir cheana féin, ach ní miste súil a chaitheamh air in athuair: seo Plútón agus a chuid satailítí.

Maidir le Carón, an ghealach is mó de chuid Phlútóin, níor haithníodh é ach sa bhliain 1978, cé go bhfuil sé chomh mór i gcomparáid lena phríomhach is gur ábhar conspóide é an féidir gealach nó satailít a thabhairt air ar aon nós. Sa chiall chruinn, ní théann aon ghealach timpeall ar a príomhach – timpeallaíonn sí meáchanlár – “baralár” – an chórais imtharraingthe arb iad í féin, an príomhach, agus na gealacha eile (más ann dá leithéidí) a bhaill. I gcás an Domhain agus na Gealaí, tá baralár an chórais sin suite taobh istigh den phríomhach, is é sin, den Domhan. Maidir le córas Phlútóin, tá an baralár suite taobh amuigh den phríomhach, agus an Plútón, Carón agus na gealacha eile ag timpeallú an bharaláir. Ar ndóigh is é Plútón an ball is mó agus is troime den chóras, agus mar sin tá an baralár suite in aice leis.

Seo mapaí comparáideacha de Phlútón atá bunaithe ar ghrianghrafanna theileascóp Hubble.

Seo mapaí comparáideacha de Phlútón atá bunaithe ar ghrianghrafanna theileascóp Hubble. Mar is léir ó na pictiúirí (an t-aon rud is léir, d’fhéadfá a rá!), ní féidir linn go fóill ainmneacha a bhaisteadh ar aon gcineál gnéithe de thír-raon Phlútóin. Táthar ag súil go mbeidh pictiúirí (agus, sa deireadh, mapaí) níos fearr againn nuair a thiocfas New Horizons sách gar do Phlútón. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Níl Plútón ná aon cheann dá chuid satailítí mapáilte go fóill, cé gur féidir leis na teileascóip is géire amuigh difríochtaí ailbéideachta a aithint idir réigiúin éagsúla. Is é is “ailbéideacht” ann ná an chuid den tsolas a fhrithchaitheas an rinn neimhe – is é sin, bíonn na réigiúin sin níos gile nó níos dorcha ná a chéile. Nuair a bhainfeas New Horizons amach Plútón, is féidir go mbeidh sé indéanta gnéithe a aithint agus a ainmniú ar dhromchla an abhacphláinéid féin agus a chuid satailítí, cosúil le Carón. (spreagadh: Sciencenews.org)

Posted in: Nuacht