Buanna Éasca ag Luimneach is ag Tiobraid Árann

Posted on Lúnasa 18, 2014 le

0



Buanna Éasca ag Luimneach is ag Tiobraid Árann i gcluichí ceannais iomanaíochta na hÉireann

Cluiche Leathcheannais Sinsir Iomána na hÉireann

Tiobraid Árann 2-18 Corcaigh 1-11

 le 

CLG Go Deo

@beo_clg

Bhí an oiread cainte roimh an gcluiche seo gur cluiche oscailte a bheadh ann le scóranna arda ón dá thaobh. Ní mar sin a thit rudaí amach, áfach, agus baint mhór aige sin le heaspa díocais Chorcaí ar an lá. Ar chúis éigin níor imir siad leath chomh maith agus a d’fhéadfaidís. Bhí bua an-chompordach ag fir Thiobraid Árann sa gcluiche seo sa deireadh.

 

Sin ráite, ar chúis éigin, bhí Corcaigh fós sa gcluiche go dtí gur scóráil Séamus Callanan a dhara cúl sa 49ú nóiméad. Caithfidh go raibh Jimmy Barry Murphy an-sásta ag leatham agus iad gan ach dhá chúilín taobh thiar.

 

Rud eile a d’fhág rudaí chomh héasca sin ag Tiobraid Árann ná líon na seansanna a chuir Corcaigh amú. As an 26 seans a chruthaigh siad sa gcluiche seo níor scóráil siad ach 12 acu i gcomparáid leis an 20 seans a scóráil na Tiobraidigh as an 31 a chruthaigh siadsan. Gach uair a raibh scóranna práinneacha ag teastáil ó Chorcaigh chruthaigh siad na seansanna ach chuir siad amú iad.

 

Bhí imirt Chorcaí an-mhíshlachtmhar agus d’fhéadfadh sé tarlú gur chuir an briseadh cúig seachtaine a bhí acu gan chluiche isteach go mór orthu agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar an mbriseadh sin. Bhí sé seo le feiceáil in imirt Pa Horgan ach go háirithe. Chuir sé go leor seansanna amú ó na pocanna saora agus ón imirt. Beidh an-díomá ar Jimmy Barry Murphy agus a fhoireann tar eis an taispeántais seo.

 

Mar a luadh thuas ba é cúl Callanan sa 49ú nóiméad a chríochnaigh an cluiche seo mar chomórtas. Trí nóiméad roimhe sin, rinne Jimmy Barry Murphy dhá athrú mhóra agus é ag súil go mbeadh tionchar mór ag na hathruithe sin ar an gcluiche. Chuir se Paudie O’ Sullivan agus Stephen Moylan isteach in áit Alan Cadogan agus Patrick Cronin ach bhí sé ródheireanach do Chorcaigh tar éis gur scóráil Callanan an dara cúl sin.

 

D’imir Tiobraid Árann go han-mhaith agus is cinnte nach mbeidh aon fhaitíos orthu roimh Chill Chainnigh sa gcluiche ceannais. As an 2-18 a scóráil siad scóráil siad 2-17 díreach ón imirt. D’oibrigh siad an-chrua nuair nach raibh an sliotar ina seilbh acu agus chinntigh sé seo nach raibh aon rud éasca ag Corcaigh ó thús deireadh. Bhí Darren Gleeson iontach sna cúil lena chuid pocanna amach. D’éirigh leis a chuid fear féin a aimsiú go han-éifeachtach le linn an chluiche. Bhí cluiche iontach ag Brendan Maher sa líne leathchúil agus ag Patrick ‘Bonner’ Maher sa líne leatosach.

 

Cluiche stairiúil a bhí sa gcluiche seo, dár ndóigh, a imríodh os comhair 68,728 duine. Ba é seo an chéad uair riamh ar thug an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile taobh amuigh de Chraobhchomórtas na Mumhan agus, da bharr sin, bhí se an-díomách nach raibh cluiche maith againn.

 

Maidir leis an réiteoir, James Owens, bhí lá sách éasca aige de bharr go raibh Tiobraid Árann chomh mór sin chun tosaigh. An t-aon rud conspóideach a rinne sé agus a sheas amach, áfach, ná an poc saor éasca a thug sé in aghaidh Noel McGrath sa 26ú nóiméad.

 

Rogha CLG Go Deo do Laoch na hImeartha – Séamus Callanan. Scóráil se na cúil chinniúnacha.

 

Scórálaithe

Tiobraid Árann: S Callanan (2-4), J O’Dwyer (0-6), S McGrath, J Woodlock (0-3 an duine), N McGrath (0-2)

 

Corcaigh: C Lehane (0-4), R O’ Shea (1-0), A Nash, P Horgan (0-2 an duine), A Cadogan, S Harnedy, A Walsh (0-1 an duine)

 

 

Cluiche Leathcheannais Mionúir Iomána na hÉireann

Luimneach 1-27 Gaillimh 2-09

 

Bhí bua éasca ag Luimneach sa gcluiche leathcheannais seo agus níl aon amhras ach gur thug an bua seo sásamh breise do Brian Ryan agus a fhoireann tar éis na conspóide a d’eascair as cliseadh Hawkeye sa gcluiche leathcheannais idir na foirne céanna anuraidh.

 

Bhí Luimneach iontach ó 1-15 agus bhí díocas agus uaillmhian le feiceáil go smior ina gcuid imeartha. Beidh se deacair iad a stopadh. Ta cúig chluiche imeartha acu go dtí seo – (Corcaigh, Tiobraid Árann, Port Láirge faoi dhó agus Gaillimh) agus is cinnte nach mbeidh aon fhaitíos orthu roimh Chill Chainnigh sa gcluiche ceannais agus go mbeidh siad ag gabháil isteach sa gcluiche sin mar rogha na coitiantachta.

 

Beidh díoma ar Mattie Murphy ach níl amhras ann ach gur foireann ar leith í foireann seo Luimnigh. B’fhéidir go bhfuil se in am ag CLG na Gaillimhe agus ag lucht Cheathcheathrú Chumann Lúthchleas Gael breathnú ar Ghaillimh a chur isteach i gCraobhchomórtas Laighean anois. Ní raibh ach cluiche amháin ag Gaillimh roimhe seo agus é in aghaidh Aontroma agus is cinnte go gcuireann an easpa cluichí sin faoi mhíbhuntáiste iad – rud atá fíor faoi Aontroim, freisin, dar ndóigh.

 

Sheas Ronan Lynch agus Barry Nash amach, ach go háirithe, do Luimneach.

 

Scórálaithe

Luimneach: Ronan Lynch (0-13 – 0-1 65, 0-9 ps), B Nash (1-3), P Casey, T Morrissey (0-3 an duine), S Flanagan (0-2), C Lynch, C Fitzgerald, R Hanley (0-1 an duine_

 

Gaillimh: C Whelan (2-0), B Burke (0-4 – 0-3 ps), D Nevin, J Grealish (0-2), C Shaughnessy (0-1)

 

Posted in: Nuacht