Port na Binne Uaine

Posted on Lúnasa 18, 2014 le

0



beirneach

Port na Binne Uaine

Chaith mé an Satharn seo i bPort na Binne Uaine, baile beag cois fharraige ar chósta thuaidh na hÉireann, i gcontae Dhoire. Ar lá geal bíonn radharc fairsing uaidh ar Inis Eoghain, cósta Dhoire agus Oileán Íle na hAlban go fiú ach inné bhí an spéir dubh dorcha agus bhí dreach scafara ar mhuir agus ar thír.

SAM_0191Portstewart an t-ainm Béarla ar an bhaile. Is é an tUasal John Cromie a bhunaigh é sa bhliain 1792. Port na Binne Uaine a bhí uirthi roimhe sin agus is é seo a thugtar uirthi fós sa Ghaeilge. Tá an tsean-logainm caomhnaithe in ainm an bhaile fearainn Isle of Benoney. Tá tuilleadh eolais faoi logainmneacha sa cheantar le fáil anseo: http://www.logainm.ie/ga/58464

Ar na foirgnimh is suntasaí ar an bhaile tá Coláiste Doiminiceach Naomh Mhuire. Meánscoil Chaitliceach le haghaidh buachaillí agus cailíní agus clochar de chuid Ord na nDoiminiceach. Caisleán Uí hEadhra an bunainm a bhí…

Amharc ar an alt bunaidh 272 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht