CELT

Posted on Lúnasa 21, 2014 le

0



beirneach

Screenshot 2014-08-20 20.35.08

Is fada mé ag léamh ábhar a chuirtear ar fáil ar CELT – is é sin Corpus of Electronic Texts Tionscadal de chuid Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ann atá bailiúchán de chuid de na téacsanna agus caipéisí is tábhachtaí i stair na hÉireann ó ré na Sean-Ghaeilge Clasaicí ar aghaidh. Tá téacsanna Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge agus Nua-Ghaeilge ann. A leithéidí Táin Bó Cuailgne, Longes mac n-Uislenn, Cúirt an Mheánoíche, Annála na gCeithre Máistrí, na scéalta Rúraíochta agus Fiannaíochta. Ní hamháin sin ach tá téacsanna Francaise na Normannach le fáil ann, téacsanna Laidine as Éirinn agus aistriúchán go Béarla ar na téacsanna móra Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá saothar i mBéarla le fáil ann: saothar ó Jonathan Swift, Oscar Wilde, Pádraig Mac Piarais, James Connolly, William Butler Yeats agus Michael Collins.

Ar na seoda a d’aimsigh mé ann tá bailiúchán d’annála gearra a foilsíodh i Memoranda Gadelica, agus baint acu…

Amharc ar an alt bunaidh 177 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht