Mulholland tar éis Éirí as!

Posted on Lúnasa 21, 2014 le

0



Tuairisc le ‘CLG Go Deo’

 Tá Alan Mulholland tar éis éirí as a phost mar bhainisteoir ar fhoireann peile shinsearach na Gaillimhe tar éis trí bliana a chaitheamh sa bpost sin. Sa gconradh trí bliana a bhí aontaithe aige nuair a thóg sé an jab bhí rogha aige fanacht le haghaidh bliana breise dá mba mhian leis ach shocraigh sé gan glacadh leis an mbliain bhreise sin.

Mulholland_Alan2012

Alan Mullholland

Thug Mulholland le fios don bhord contae nach bhféadfadh sé leanacht ar aghaidh mar bhainisteoir ar fhoireann na Gaillimhe don bhliain sin de bharr cúrsaí oibre is clainne.

Ceapadh Mulholland mar bhainteoir ar Ghaillimh sa mbliain 2012 tar éis dó Craobh uile-Éireann faoi 21 a bhuachan le Gaillimhe i 2011 in aghaidh an Chabháin. In ainneoin nár éirigh leis aon rud a bhuachan lena linn d’éirigh leis foireann a thógail as an nua – rud a bhí ag teastáil go géar sa gcontae. D’éirigh leis go leor imreoirí óga a thabhairt isteach agus níl aon amhras ann ach go mbeidh painéal óg láidir á fháil ag an gcéad duine eile a thiocfas isteach.

Is é Mulholland an naoú bainisteoir atá tar éis éirí as go dtí seo i mbliana tar éis do AidanO’ Rourke (An Lú), Paul Bealin (An Iarmhí), Aidan O’ Brien (Loch Garman), Emmet McDonnell (Uíbh Fhailí), Anthony Rainbow (Ceatharlach), Seán Hagan (Liatroim), James McCartan (An Dún) agus Niall Carew (Port Lairge) éirí as a gcuid postanna.

Níl aon amhras ach go bhfuil tiomantas mór millteach ag baint le post an bhainisteora sa lá atá inniu ann. Is comhartha soileir é líon seo na mbainisteoirí atá tar éis éirí as go dtí seo i mbliana ar an tiomantas sin.

Guíonn CLG Go Deo gach rath ar Alan Mulholland don todhchaí agus tá súil againn go bhfeicfear é ar an taobhlíne in áit éicint amach anseo!

Posted in: Nuacht