Buanna don phobal i gcogadh na n-acmhainní

Posted on Lúnasa 23, 2014 le

0



Crá Croí Cois Cuain

Páistí i mBéal Cú Páistí i mBéal Cú

Bhí roinnt buanna móra ag pobail áitiúla sa troid in éadan úscadh breoslaí iontaise le seachtainí beaga anuas.

Ar an scéal ba mhó is dócha bhí an bac a chuir aire timpeallachta Stormont, Mark H Durkan, ar phleananna an chomhlachta Tamboran i bhFear Manach.

Bhí Tamboran ag iarraidh seanchairéal i mBéal Cú a úsáid chun poll a dhrilleáil 750 méadar síos sa tóir ar dheascáin gháis sula dtosóidís ar phróiseas an scoilte hiodrálaigh leis an ghás a bhaint amach as an talamh.

Sa phróiseas, cuirtear meascán de uisce, gaineamh agus ceimicí éagsúla síos tollpholl faoi bhrú iontach chun scoilteanna a chruthú i bhfoirmíochtaí carraige go domhain faoi thalamh. De réir a chéile scaoiltear gás saor ón charraig agus déanann sé a bhealach suas an poll arís.

Is é ‘fracking’ an t-ainm is mó aithne ar an scoilteadh hiodrálach, modh úsctha gáis atá thar a bheith conspóideach…

Amharc ar an alt bunaidh 531 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht