Éire faoi cheilt is á coinneáil faoi cheilt

Posted on Lúnasa 26, 2014 le

7



Tuairim le Ciarán Dunbar

Is tric, agus mé ag déanamh cainteanna ar stair na Gaeilge i mo cheantar dúchais go dtosnaím leis an scéilín seo.

Agus mé sa chéad bhliain ar an ollscoil, bhí mé ag coisir tí agus d’fhiafraigh duine díom cén ábhar a raibh mé ag déanamh staidéir air.

D’fhreagair mé go raibh mé ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge agus ar an eacnamíoacht mar a bhí ag an am.

190680_334579686655058_715101559_n

Gaeltacht 1911

Gaeilge!” a screadaigh sé le deistín fóntaíoch, “Cén fáth, tá sin gan úsáid.”

Teanga na hÉireann,” a d’fhreagair mé go fann.

Cén uair,” a d’fhreagair sé go fíochmhar, “míle bhliain ó shin?”

D’fhiafraigh mé de cárb as dó agus d’inis sé dom gurb as baile fearainn taobh amuigh den Iúr a raibh clú na Gaeilge air, áit a raibh cainteoirí dúchais ar fail sna 1940í.

Chuir mé sin in iúl dó agus d’fhreagair sé go daingean – “Ní chreidim thú.”

Ní cheartaigh mé é agus char lean mé leis an chomhluadar seo ach d’fhan an comhrá liom i bhfad, ní +amháin aineolach, ní hamháin cinnte den aineolas, ach docht daingean leis.

Níor thuig sé gur athraigh teanga na háite ó Ghaeilge go Béarla, próiseas curtha i gcrích go hiomlán, fiche bhliain nó mar sin sular rugadh é, ach cén dóigh a mbeadh a fhios aige óir níor cuireadh in iúl dó – rún atá ann.

B’shin comhrá a spreag go leor gníomh.

Tá mé ag tabhairt freagair air ó shin.

Smaoinigh mé ar an chomhluadar sin an tseachtain seo chuaigh thart nuair a d’fhoghlaim mé gur scríobh an dramadóir Seán Ó Cathasaigh, nó Seán O’Casey mar a b’fhearr aithne air gearrscéalta i nGaeilge.

Foilsíodh iad go rialta in iris de chuid Craobh Dhroim Conrach de Chonradh na Gaeilge – Tá súil agam go bhfeicfidh mé i gcló iad am éigin.

What a pity Jim Larkin wasn’t an Irish speaker and what a pity Pearse died in Easter week,” a scríobh sé in litir chuig Walter Mackin.

_74355445_e6204fa2-215e-4648-81d1-75fcc9d07f2b

John Casey > Seán Ó Cathasaigh > Seán O’Casey

Is féidir an taobh sin de shaol Uí Chathasaigh a léamh ar ainm.ie dála an scéil (http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=667)

Ach seo an rud, rinne mise staidéar ar dhramaíocht Sheán O’Casey ar scoil, agus beagán ar an Ollscoil – cén fáth nár eol dom seo?

Cuireadh in iúl dom i gcónaí gurb shóisialach é O’Casey de bhunadh Protastúnach nach raibh aon spéis aige ina leithéid, muise, rinneadh laoch frithPoblachtanach as, cineál proto-Conor Cruise O’Brien.

Ach is iomadaigh scéal mar sin agam….

Is cuimhin mé ar an Ollscoil ag léacht ar Rodger Casement, mhínigh an léachtóir leis an rang nach raibh aon bhaint ag Mac Asmuiinn leis an Ghaeilge nó Gaelachas nó leis an ‘Gaelic Revivalism’ dar léi.

Suas le mo lámh ar luas lasrach, mhínigh mé don léachtóir uasail seo nach riabh fírinne ar bith sa scéal seo aici.

Go raibh an-bhaint ag Casment le Glinntí Aontroma agus Reachlainn nuair a bhí siad ina nGaeltachtaí.

Bhí baint láidir ag Casement le Conradh na Gaeilge, rinne sé iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim agus go raibh baint aige le Feis na nGleann.

Baineadh siar aisti go mór caithfidh mé a admháil, agus caithfidh mé a ghlacadh nach raibh sé riamh ar an eolas faoi seo – níor thuig sí go raibh Gaeilge riamh taobh amuigh den Ghaeltacht mar atá sí inniu.

Bhí an bhean seo náirithe agam leis an fhírinne a dhéanamh leat.

Títear domsa go síleann daoine go mbaineann teorainneacha na nGaeltachtaí leis na meán-aoiseanna ní le 1956, agus fiú ansin, fágadh na mílte cainteoirí ó dhúchas taobh amuigh (agus glacadh ceantair Ghalldaithe isteach ar ndóigh).

Ach ba phatrún é seo, arís is arís eile dúradh linn ar ranganna polaitíochta gur raibh an stát agus muintir na hÉireann éirithe as an Ghaeilge – arís mhínigh mé di nach riabh sé sin iomlán fíor – ag an am sin cibé ar bith.

Tá Gaelscoil le fáil leath-mhíle ó Ollscoil na Banríona mar shampla, níl an Chultúrlann tuairim ar míle ar shiúil, díreach trasna na tíre ach thiocfadh leis a bheith i dTalamh an Éisc.

Nuair a úsáideann na scoithaicmí an focal ‘muid’, iad féin amháin a bhíonn i gceist, ní bhacann siad mórán leis na haicmí ísle, seans gurb é sin an fáth nach bhfuil barúil acu faoin tír nó na daoine a bhfuil cónaí orthu inti.

Tá an insint athbhréithiúnach ar an stair níos tábhactaí na fíricí staire ar bith is léir agus is iomaí sampla den ascríobh céanna agam.

Ach ní leis na meánaicmí amháin a bhíonns an insint bhréagach seo, an fíle Patrick Kavanagh cuir i gcás, marbh a bhí an Ghaeilge dar leis ach is ar éigin gur mhair sé féin níos faide ná an cainteoir dúchais deireanach ina pharóiste féin – arbh eol dó sin fiú?

Ach tá freagair ann don mhíbhail inteachtúil seo, tá an leabhar iontach le Vincent Morley mar shampla, “Ó Chéitinn go Raiftearaí : Mar a Cumadh Stair na hÉireann,” a dhéanann an insint aineolach seo a bhréagadh go cumasach – a léiríonn an fhírinne faoin ról a d’imir an Ghaeilge i múnlú náisiún na hÉireann tar éis go ndearnadh a bheag de.

 

Toisc nach bhfuil Gaeilge ag go leor staraithe, déanann siad neamhaird de na bunfhoinsí a scríobhadh sa teanga. Dá mba rud é gur tharla sé i nGaeilge níor tharla sé ar chor ar both, is cosúil. Ardsaothar atá anseo.”

Colm Ó Broin, Gaelscéal, 25 Iúil 2012.

Ach mar a scríobh Gearóid Ó Tuathaigh ina léirmheas air, “Bheadh sé go deas dá bhféadfaí a rá go mbeidh an leabhar seo á léamh … ag na staraithe gairmiúla a dtugtar ómós dóibh mar shaineolaithe ar stair na hÉireann … Ach, is féidir, agus is trua, nach mar sin a bheidh, de bhrí gur chompántas an-bheag é an compántas staraithe ar an dtréimhse seo a bhfuil dóthain Gaeilge acu chun an leabhar a léamh.

Agus sin é an pointe nach é?

Mar sin, tá aineolas a spréadh ag inteachtóirí agus teagascóirí ar an ábhar nach bhfuil an t-eolas acu sa chéad dul síos.

Dúradh liom tráth gurb é ceann de na laigí is mó a bhí ag an Ghaeilge ná an easpa tacaíochta a bhí aici i measc intleachtóirí – meas sibh go bhfuil aon bhaint ag naimhdeas na ndaoine céanna lena míchumas inti agus easpa cumais s’acu a gcuid oibre a dhéanamh mar is ceart mar thoradh air sin?

 

 

Posted in: Nuacht