Aire duit a Martin O’Neill

Posted on Meán Fómhair 4, 2014 le

0



Roimh tús na babhtaí cáilithe do Craobhchomórtas na hEorpa, ní raibh aon amhras ach go raibh Martin O’Neill chun an comórtas a bhaint amach. Tá 24 áiteanna ar fáil (16 a bhí ar fáil i 2012) agus ní raibh mórán dainséir ag baint leis an Pholainn, Albain, Georgia nó Gibraltar. (Ní raibh éinne ag ceapadh go raibh seans againn i gcoinne an Ghearmáin). Ach tar éis an bua 2-0 in aghaidh Oman?

Tar éis taispeántas na hoíche aréir, caithfidh go bhfuil mórcheisteanna le freagairt ag foireann na hÉireann. Mar freasúra roimh cluiche cinniúnach is cinnte nach raibh aon maitheas le Oman. Cé chomh tubaisteach is a bhí an cine imirt ina choinne? Beidh sé le feiceáil ar an Domhnach i gcoinne Georgia.

“Roimh-ré cheap mé go raibh an cluiche seo ag teastáil uainn agus deimhníodh sin,” a dúirt O’Neill. “Bhíomar ag súil go mbeimid níos faide chun tosaigh ag leath ham. Cheap mé gur imir muid réasúnta maith in amanna áirithe ach tar éis trí, ceathair, cúig, sé nó seacht pas bhíomar ag dul siar agus ní raibh aon éifeacht ag baint leis.”

Ní raibh imreoir cruthaitheach na hÉireann, Wes Hoolahan sa cluiche in aon chur. Bhí cuma an-aonarach ar Kevin Doyle chun tosaigh. Ar cúl, caithfidh go bhfuil comhartha ceist thar ceann Shay Given agus gan cluiche imeartha aige le tamaill fada. Gan trácht a dhéanamh ar na cosantóirí a thug roinnt deis do Oman. An mbeidh an t-ádh leo i gcoinne tosaithe an Gearmáin nó an Pholainn nó Albain fiú? Ní dóigh liom é.

De réir cosúlachtaí tá Martin O’Neill ag ceapadh gur féidir leis na himreoirí a roghnú don Domhnach agus gan iad tar éis imirt le chéile. John O’Shea agus Marc Wilson an beirt a raibh roinnt am le chéile ag teastáil. Ach níor imir ceachtar acu nó David Forde. Is cosúil go raibh O’Neill ag iarraidh sracfhéachaint a fháil ar imreoir nach bhfaca sé cheana. Sin go díreach an aidhm a bhíonn ag cluichí seachtainiúil i Sasana seachas cluichí idirnáisiúntaí roimh cluichí móra ar nós cluiche an Domhnach.

Tá géarghá le tús maith ó fhoireann O’Neill. Ach mura bhfuil aigne na himreoirí dírithe ar Georgia, beidh deis ag Georgia foireann na hÉireann a díriú i dtreo feachtas cáilithe tubaisteach eile.  

Clibeanna:
Posted in: Spórt