Teorainn Chillean is Ghleann na bhFiach

Posted on Meán Fómhair 5, 2014 le

0



Tuairim le Ciarán Dunbar

Chaith mé bliain ag taisteal ansin mar gheall ar chúrsaí oibre, tháinig sé sin chun deiridh an deireadh seachtain seo agus d’aistrigh muid ónár dteach i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí teach nua sa Ghalltacht i dTuaisceart na hÉireann.

Most_common_nationality_2011

Náisiúntachtaí an Tuaiscirt

Agus mé ag tiomáint aníos idir Thuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann mar a thugtar ar an Phoblacht go minic ó thuaidh rinne mé mo mhachnamh ar na difríochtaí idir an dá áit.

Ní dhéanfadh sé aon chiall don mhórchuid ó thuaidh ‘Éire’ a thabhairt ar an stát ó dheas dála an scéil

Sin an t-aon rud faoin spéir atá aontachtóirí agus náisiúntóirí ar aon fhocal faoi, nach raibh aon cheart ag stát an deiscirt ‘Ireland’ a thabhairt uirthi féin gan trácht ar an nós ‘the north-east’ a thabhairt ar Shráidbhaile Dhún Dalc!

Is mé ag teacht fríd Ghleann na bhFiach agus ag dul isteach go Cillean fágaim stát amháin agus téim isteach i stát eile.

Fágaim tír amháin agus téim isteach go tír eile dar le roinnt mhaith daoine.

Ba dhoiligh sin a chur ina luí ar mhuintir Chillean nó ar mhuintir Ghleann na bhFiach ach an oiread caithfidh mé a rá.

Tá sé iontach éasca domsa an teorainn a aithint ach déanta na fírinne níl ann ach díog, seans nach bhfeiceann daoine eile chomh furasta é.

Map_of_those_with_some_ability_in_Irish_in_the_2011_census_in_Northern_Ireland

Ábaltacht sa Ghaeilge sna Sé Chontae (2011)

Is iad na comharthaí bóithre Briotanacha aonteangacha an leid is mó, léiríonn siad an meon cultúrtha, cruthaíonn siad íomhá, cuireann siad in iúl do lucht an deiscirt go bhfuil siad sa Ríocht Aontaithe, mar a insíonn siad d’aontachtóirí.

Sin an fáth go mbeidh Gaeilge coscaithe orthu go deo, ní éilíonn ceachtar den dá pháirtí náisiúnach a leithéid fiú.

Cluinim caint go minic go bhfuil an teorainn a thuaslagadh, nach bhfuil sé ann níos mó.

Chan aontaím.

Más doiligh sin an teorainn a aithint go fisiciúil, go hintinneach, tá ballaí móra á dtógáil i rith an ama agus tá an críochdheighilt á buanú ar an dá thaobh den teorainn.

Tá muid ag an phointe go mbíonn acadúlaithe ag déanamh tagairtí do Thuaisceart Éireann sular tháinig sí ar an tsaol fiú.

Rith sé liom áit éigin idir Dhealbhna agus an Ráistín – gurb iad an pholaitíocht agus an córas poiblí a eascraíonn as sin, an difear is mó idir an dá Éire seo.

Tá cosúlachtaí móra ann go cinnte ann ach bun-difríochtaí ann chomh maith – rud a théann i bhfeidhm ar chultúr agus ar dhearcadh an dá áit – rud a chuireanns go mór leis an chríochdheighilt.

Repartition_of_Ireland_(amended)

Dhá Éire, Éire Amháin, Trí Éire fiú?

Maidir le polaitíocht an Deiscirt, tá scéal maith agam d’aontachtóirí – de réir mo thaithí féin, níl suim dá laghad ag muintir an Deiscirt i gcoitinne in Éire Aontaithe.

Níl an go leor spéise ann ná go mbeadh daoine ina choinne fiú – fuair an aisling sin bás ó dheas le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Taobhnaíonn bunaíocht an deiscirt le haontachtóirí agus le haontachachas ó thuaidh gan mórán ceist.

Measann mionlach gur eachtrannaigh amach is amach iad muintir an Tuaiscirt fiú – seachas Rory McIlroy, Séamus Heaney, Mary McIleese, John Hume agus Liam Neeson ar ndóigh, déanann an cúpla punt an difear i gcónaí is léir.

I measc ghnáth-mhuintir na tíre, tá dámh éigin ann do Ghaeil an Tuaiscirt ach an vótáilfeadh muintir an Deiscirt ar son ‘Éire Aontaithe’ agus na deacrachtaí a rachadh leis, tá mé in amhras caithfidh mé a admháil.

Ach níor mhothaigh mé aon nua-aontachtachas i measc mhuintir na Poblachta, taobh amuigh de chorr-dhaoine a dúirt gurb bhotún a bhí ann sa neamhspleáchas “ach go raibh sé ró-mhall anois.”

Mar sin féin, tá daoine iontach fuarchúiseach maidir le neamhspleáchas na hAlbain, bheadh sé doiligh domsa go pearsanta glacadh gur féidir le duine ar bith a bheith i gcoinne neamhspleáchas na hAlbain ach ar son neamhspleáchas na hÉireann i ndáiríre.

Predominant_passport_held_northern_ireland

Pasanna an Tuaiscirt

Maidir leis an Tuaisceart, ná bíodh aon dabht ann – níl mórán eolais ag tuaisceartaigh i bpolaitíocht an deiscirt – dá mbeadh eolas ar bith acu air taobh amuigh de scéal uafáis nó dhó.

Tá geilleagar poiblí ollmhór ó thaobh, tá na mílte mílte daoine compordach i bpoist phoiblí gan mórán le déanamh – gan aon iachall orthu íoc as cuairt chuig an doctúr.

Bheadh faitíos orthu féin roimh a bheith slogtha isteach sa Phoblacht – faitíos roimh an HSE, faitíos roimh an chóras oideachais, faitíos roimh chorais nach dtuigeann siad.

Má tá Sinn Féin ag iarraidh sin a athrú beidh orthu an Tuaisceart a dhéanamh níos caipitlí, agus an Deisceart a dhéanamh níos sóisialaí – tá an dá rud indéanta iontu féin ach ní bheadh sé sin éasca ó thaobh na polaitíochta de.

Luaigh duine liom le déanaí gurb chosúla go mbeidh 3 stát in Éirinn seachas ceann amháin amach anseo, is dóigh liom go raibh an ceart aige.

Ach cén t-ainm a bheadh againn ar an tríú Éire?

Éire Láir? An Éire idir an dá Éire Eile? Deisceart Thuaisceart Éireann? Na Trí Chontae?

Freagraí ar chárta poist le bhur dtoil.

Féach chomh maith

ni2001

 

Posted in: Nuacht