Léirmheas : ‘An Colm Bán’

Posted on Meán Fómhair 10, 2014 le

2



Léirmeas le hAonghus Ó hAlmhain
 
Is annamh úrscéal le téagar ar fáil sa Ghaeilge. Ní locht ar scríbhneoirí na Gaeilge sin; sa mhullach ar tinfeadh, samhlaíocht agus máistreacht ar an nGaeilge, ní mór don úrscéalaí dua a chaitheamh le fuineadh agus fáisceadh na heagarthóireachta chun snas na foirfeachta a chur ar úrscéal.
 
Rud a éilíonn allas agus thar aon rud am; dhá earra nach mbíonn ar fáil don scríbhneoir tráthnóna agus deireadh seachtaine; agus is taobh leo sin a bhíonn an ghnáth scríbhneoir Gaeilge, ceal margadh a chothódh iad.
Tá eisceachtaí ann, ar ndóigh, agus is eisceacht an dans libre d’úrscéal seo ó phinn Liam Uí Mhuirthile.Colm-Med
Gluaiseann An Colm Bán/la blanche colombe go héadrom rinciúil ó Iarthar Chorcaí go Páras; ag lingeadh idir tús na fiche aoise agus tús na haoise seo.  Colm bán an teidil ina leitmotif, ag teacht isteach sa scéal faoin iliomad cló chun casadh a chuir sa insint; ach i ndáiríre ina íomhá ag banlaoch an scéil – Nóra Buckley, cailín tuaithe a aimsíonn an rinceoir inti féin agus a bhaineann cáil amach i bPáras idir an dá chogadh.
 
Baineann dual snáithe eile an scéil le William Driscoll, scríbhneoir. Agus é i bPáras sna 1970í faigheann sé gaoth scéil an rinceora Nóra Buckley agus ainm eile luaite léi freisin – Ellen Daunt. Tá sé le tuiscint gurbh eisean an reacaire ar scéal Nóra as sin amach. Baineann a chuid siúd den scéal lena eachtraí i mbun scríobh, é ag cuir faoi in óstán i bPáras agus ag buaileadh le carachtar éagsúla – cuid ach nach léir an go hiomlán ina shamhlaíocht atá siad, nó nach ea.
 
Insítear scéal Nóra go réalaíoch ach go dtugann an reacaire uilefheasach léargas dúinn ar a samhlaíocht a ligeann don gcailín aimsire bláthú ina rinceoir dans libre sna Folies Bergère.  Bhíos níos mó ar mo chompord leis an scéal seo; ní léitheoir mé atá tugtha don réaltacht draíochtúil. Ní locht ar an scríbhneoir sin, ar ndóigh.
 
Tá an cur síos san úrscéal ar dhaoine agus ar eachtraí thar barr ar fad – téagar fiú sna mion-charachtar a chastar ar na laochra, iad léirithe le substaint. Mac na baintrí boichte Éireannaí, abair, a éalaíonn de bhíthin an oideachas a íocann a mháthair as le sclábhaíocht tí. Déantar ard státseirbhíseach faoi ghradam de, comhshamhlaithe i gcinseal Sasana; go dtí go scriosann buille fill – óna dhearcadh siúd – Éirí Amach 1916 a chruinne.
 
Tá an cuir síos ar saol ceoil agus oíche Pháras – sna 1920í agus sna 1990í faoi seach – thar barr. Blaiseann an léitheoir fiántas mian na saoirse is na beatha iontu siúd a tháinig slán ón ár, agus iad siúd a tháinig anoir théis do Bhalla Beirlín cliseadh. Blaistear freisin saol an bochtán tuaithe, an seirbhíseach spléach ar meas na máistrí. Saol an damhsóra compántáis faoi smacht tíoránach bhig de stiúrthóir.
 
Tá na Frainciseoirí Afracacha ann freisin; lena gcultúr atá idir tarraingteach agus diamhair do chleas an Iarthair.
Tumoideachas ann féin an léamh, lán de lón samhlaíochta.
 
Chuala gur luadh pornagrafaíocht le heachtra nó dhó sa scéal. Ní thagainn leis an gcur síos cé go bhfuil eachtraí collaíochta drúisiúla a ndéantar mion cuir síos orthu san insint. Tá feidhm leo san scéal agus níor mhothaigh gur ag gliúcaíocht go suarach a bhí mé agus mé á léamh. Go deimhin, an eachtra is miangasaí, is le comhbhá agus trua a bhaineann sé a bhuaic amach, tuiscint nua ar chruatan an tsaoil bronnta ar an reacaire.
 
Mar a deirim, is measa liomsa an scéal díreach, gan bearnaí, agus mhothaigh mé tochas fiosrachta sa bhearna a fágtar san scéal agus iarracht den Deus ex Machina ag baint leis an dóigh a cuireadh bailchríoch ar – idir an dóigh a thagann fuascailt an scéil chuig Driscoll agus an críoch a bhíonn ar Nóra.
 
Thugas suntas d’aguisín filíochta sa leabhar, luaite le duine de na mion-carachtar a chastar ar William Driscoll. Ní léir dom an leaganacha an údair iad seo ar bhundánta Fraincise, nó an cumadóireacht dá chuid féin iad. Taisc beag sa bhreis iad pé scéal é.

Ní bheadh drogall orm an leabhar a mholadh d’aon duine a mbeadh in inmhe ag foclóir shaibhir Uí Mhuirthile, nó ar laghad sásta cur leis an bhfoclóir atá acu féin. Ní hé gur Gaeilge chrosta, casta atá ann, ach go bhfuil foclóir leathan ann, atá in oiriúint don scéal ach nach mbeadh ag an té nach bhfuil go leor léite aige.

Liam Ó Muirthile
An Colm Bán
la blanche colombe
ISBN: 978-1-907494-33-8
Foilsithe: 2014
Leathanaigh: 265

€14.00 (bog)

Clibeanna: ,
Posted in: Nuacht, Tuairim