Harris ceaptha ach níl SF sásta

Posted on Meán Fómhair 17, 2014 le

0



Ceapadh Drew Harris mar Leas-Ardchonstábla nua ar an PSNI inné.

Mar chor ar an scéal seo d’éirigh Caitríona Ruane, atá ina ball den bhord phoilíneachta ar son Sinn Féin, as an pháinéil roghnúcháin Dé Luain.

Dúirt sí go raibh imní uirthi go raibh rud éigin ag cur isteach ar an phroiséas earcaíochta agus gur chóir tús a chur le proiseas nua,

Ní léir cad iad na buairimh sin áfach agus cé gur mhaigh Caitríona Ruane nár bhain siad le ceachtar den dá iarrthóir tá sé á maíomh gurb é cás s’aici ar an bhord nach raibh ceachtar acu fóirsteanach.

Dar leis an DUP, tá fadhb ag Sinn Féin le ceapachán Drew Harris mar gurb eisean a rinne gabháil Gerry Adams a cheadú ag tús mhí Bhealtaine.

Mharaigh an tIRA a athair Drew Harris in 1989.

Posted in: Nuacht