Namhaid an Phaisligigh ina “pygmies in his shadow” a deir Ian Óg

Posted on Meán Fómhair 17, 2014 le

0



Ciarán Dunbar

Thug Ian Paisley Jr “pygmies in his shadow” orthu siúd a cháin a athair Ian Paisley in alt ar an Ballymena Guardian.

Dúirt sé gur mhothaigh a athair gur shuigh daoine áirithe sa Saor-Eaglais Phreispitéarach agus sa Pholaitíocht ina bhun.

Cuireadh Ian Paisley i gcré na cille i gContae an Dúin inné, ócáid phríobháideach dá theaghlach amháin ach scéal mór poiblí chomh maith.

Bhí sé as radharc le tamall áfach. Chaill sé a pháirtí agus chaill sé a eaglais – fear uaigneach a bhí ann.

Fuair Ian Paisley bás maireann Paisligeachas i gcónaí, cé gur thréig sé féin an ídeolaíocht a chruthaigh sé tamall ó shin.

Ach chuir cairdeas s’aige le Máirtín McGuinness déistin ar roinnt mhaith dá lucht leanúna féin.

Cor suimiúil eile ar scéal Ian Paisley ná go ndearna sé go leor d’oileán Reachraidh siar sna 1970í – an mhórchuid acu sin ina gCaitlicigh.

Ach mhothaigh mé díospóireacht theasaí i measc mhuintir an oileáin ar leathanach Facebook s’acu – meastar gur bhain Paisley úsáid as Reachraidh ar mhaithe leis féin agus tá a fhios agam óna bheith istigh san oileán gur tháinig seicteachas istigh le Paisley nach raibh riamh ann.

Ach is cinnte gur imir sé ról an-dearfach maidir le maireachtail an oileáin mar phobal beo.

Agus mé ag obair ar an scéal seo le cúpla lá anuas bhí sé deacair daoine a aimsiú a dhéarfadh rud éigin cineálta leis an fhírinne a rá go háitiúil.

Cuireann roinnt mhaith daoine an locht do roinnt mhaith a tharla sna trioblóidí airsean i ndeireadh na dála.

Glacann go leor daoine gur ghriosaigh sé paramilitigh dílseacha chun foréigin agus go bhfuair na céadta daoine bás dá bharr.

Posted in: Nuacht