Alex Salmond ag éirí as ach go leor bainte amach aige

Posted on Meán Fómhair 19, 2014 le

2



Ciarán Dunbar

Chuir Alex Salmond in iúl tráthnóna go mbeidh sé ag éirí as mar Chéad-Aire agus mar cheannaire ar an SNP.

Tá an-iontas at thráchtairí gur éirigh sé as chomh sciobtha sin.

Bhí an lámh in uachtar ag lucht ‘cha bu chóir’ i reifreann na hAlban ar neamhspleáchas.

55% ar son ‘cha bu chóir’ an toradh deireanach agus 45% ar son ‘bu chóir’. Tá ríméad ar lucht ‘nas fhearr chomhlá’ agus tá lucht ‘bu chóir’ croí bríste, ní nach ionadh.

Tá an SNP fós i gcumhacht in Albain – ach cá rachaidh siad anois an cath caillte acu ar feadh ghlúin amháin ar a laghad?

Is cinnte nach n-éireoidh an chuid is mó acu as aisling s’acu ach cén dóigh a rachaidh sé sin i bhfeidhm ar an ghnáth-pholaitíocht in Albain?

Ní féidir reifreann eile a bheith ar an fhógróra toghcháin s’acu – mar sin cén chúis atá leo anois?

Mar sin féin, d’éirigh leis an SNP 45% den daonra a thiontú ar son an neamhspleáchais agus 2/3 den aos óg.

Agus bhí cumhachtaí láidre san Aontas Eorpach, SAM, an Astráil, na Bainc, na meáin gan trácht ar pháirtithe Westminister, tá sé suntasach go ndeachaigh 45% de na daoine i gcoinne sin.

Agus tá níos mó cumhachtaí geallta d’Albain, beidh Albain níos neamhspleáiche mar gheall ar seo, sin beagnach cinnte.

Is fiú cuimhne go mbeadh an SNP sona sásta leis an toradh seo bliain ó shin, mí ó shin fiú.

Ach d’éirigh dóchas na náisiúnaithe le mí anuas, sin an fáth go bhfuil siad in íseal brí, beidh ar an SNP greim a fháil ar mheon a gcuid tacadóirí go luath.

Bhí an feachtas cairdiúil go leor nuair a smaoiníonn duine cad a bhí i gceist sa reifreann seo, cinnte bhí corr-eachtra gránna ach ní bhfuair aon duine bás agus níor gortaíodh aon duine go dona.

Mar sin féin, tá ceist ollmhór faoi cé chomh daonlathach is bhí iompar na gcomhlachtaí móra a ‘ghlac páirt’ nó a rinne bagairtí éagsúla le linn an fheachtais faoi na rudaí a dhéanfadh siad i gcás go mbeadh bua ag lucht ‘bu chóir’.

An mbeidh Albain ina thír neamhspleách amach anseo? Cá bhfios ach is cinnte go bhfuil sí níos gaire dó ná mar a bhí riamh, fiú má tá lucht ‘bu chóir’ dall ar sin anocht.

Chan fhuil aon amhras ann ná go bhfuil athrú ar chúrsaí sa Bhreatain ó thaobh chúrsaí bunreachtúla de.

Tá sé suntasach gur beag ceiliúradh poiblí a rinneadh ar an toradh chomh maith, cé go bhfuil scéalta á mbriseadh ar na meáin shóisialta go bhfuil teannas ann i nGlaschú anocht.

Ach tá baol ann go dteipfidh ar mhisneach na náisiúnaithe agus go gcuirfidh sé sin deireadh le haisling neamhspleáchas na hAlban go brách.

Ach agus an chumhacht fós ag an SNP ar bheagnach gach rud ó thaobh na Gaeilge de, ar chóir dóibh tiontú ar an náisiúnachas cultúrtha agus níos mó airde a thabhairt ar an Ghaeilge?

Posted in: Nuacht