Dé Sathairn.

Posted on Meán Fómhair 22, 2014 le

0



Éigse Mhaol Donn

Thosnaíomar maidin Sathairn le léacht ó Ghearóid Ó Conchubhair, as Baile na Molt ó dhúchas, atá ag obair faoi láthair in Acadamh Ríoga na hÉireann ag déanamh taighde ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge: http://research.dho.ie/fng/

Bhí an léacht sin fíor-spéisiúil, go háirithe nuair a luaigh Gearóid gur bhailigh Séamas Ó Maolchathaigh ós cionn 10,000 focal chomh maith le neart béaloidis.

Ansin bhí cuntas an-léannta agus spreagúil againn Étáin agus  ó Shéamus Ó Síocháin faoin Hidden Ireland, faoin mbéaloideas agus faoin stair loganta. Chríochnaigh siad le haithris ar dhán dírbheatháisnéisiúil ar shaol an phobail, Trí Ghlúine Gaedhal le Pádraig Ó Mileadha. Léirigh siad an chosúlacht ó thaobh téama de idir an dán sin agus  The Wounded Poacher le Henry Jones Thaddeus:

Wounded Poacher

Tar éis an lóin chuamar ar thuras bus tríd cheantar Shliabh gCua thar abhainn na hUidhre trí Chaisleán Cuanach go dtí Tuar an Fhíona.Ba thrua nár fhéad  ár dtreoraí agus…

Amharc ar an alt bunaidh 319 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht