Stáisiún teilifíse ón Téaváin sa Ghaeltacht

Posted on Meán Fómhair 25, 2014 le

0



Milseog mhilis

Cén fáth go rachadh stáisiún teilífíse ón Téaváin ar cuairt chun na Gaeltachta? Canathaobh go mbeadh suim acu sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht? Cad iad na ceisteanna a chur siad ar Sheán Ó Cuirreáin?

Seán ó C Seán Ó Cuirreáin á chur faoi agallamh ag láithreoir teilifíse ón Téaváin

Mionteanga sa Téaváin?  Nach labhartar “Sínis” ansin?

Labhartar teangacha Síneacha sa Téaváin, chomh maith le teangacha na mbundúchasach (ar an drochuair, tá teangacha na mbundúchasach i dtrioblóid, agus tá an teanga Shíneach Hakka á himeallú le blianta fada anuas).  Is stáisiún teilifíse  é Hakka TV (nó TG4 na Téaváine) a chraolann cláracha teilifíse sa dteanga Hakka, agus de bharr gur mionteanga í Hakka, chuireadar suim speisialta i gcúrsaí na Gaeilge, na Gaeltachta agus TG4.  Dá bhrí sin, bheartaigh siad teacht go hÉireann chun stad na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhiosrú.

 Láithreoir teilifíse ón Téaváin sa Spidéal

Is féidir féachaint ar chuid a haon den fhíseán anseo…

Amharc ar an alt bunaidh 755 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht