Cé a ghoid uainn biachlár na Gaeilge?

Posted on Meán Fómhair 30, 2014 le

1



gasuirlegaeilge

Tá a fhios a'm nach bia dúchais iad na fataí, na trátaí, srl. ! Tá a fhios a’m nach bia dúchais iad na fataí, na trátaí, srl. !

Ó am go chéile, bhreathnaím ar Ó Cuisine ar TG4 nuair a bhím ag lorg inspioráid nua d’obair na cistine. Ní minic a réitím na béilteacha a fheicim, ach cuireann an seó ag smaoineamh mé faoi chomhábhair nár bhain mé leas astu le tamall.

Ach ní ar an mbia ba mhaith liom trácht a dhéanamh ach ar stór na bhfocal. Chreidfeadh duine ar bith a d’fheicfeach na cláracha seo gurb iad na Sasanaigh a thug gach cineál bia isteach go hÉirinn leo. Is beag aoi-chócaire ann a bhfuil an focal cuí Gaeilge aige nó aici ar na comh-ábhair is simplí.

Tuigim don chainteoir má chaithfear ruainne beag taragon a chaitheamh isteach sa mias. Ach bhí bean as Corca Dhuibhne ag plé le raspberries agus prawns an lá eile. An amhlaidh nár chuala sí riamh ‘sú craobh’ ná…

Amharc ar an alt bunaidh 184 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht