Et tu Poot-e?

Posted on Deireadh Fómhair 4, 2014 le

0



Timpeall an Tuaiscirt, le Ciarán Dunbar

BÉAL FEIRSTE : Bhí pobalbhreith sa ‘Belfast Telegraph’ Dé Luain na seachtaine seo.

Is é an ceannteideal a bhí acu ná – “deir daoine ‘gur chóir’ maidir le reifreann ar Éire Aontaithe ach ‘níor chóir’ maidir le hÉire Aontaithe”

Dar leis an phobalbhreith a rinne LucidTalk, dúirt 56.2% den daonra gur chóir go mbeadh reifreann ann ar an cheist agus bhí 43.8% ina choinne ach dúirt 59.8% acu sin a léirigh tuairim nár mhaith leo Éire Aontaithe.

Bhí 7.7% ag iarraidh Éire Aontaithe chomh luath agus is féidir agus bhí 32.5% ag iarraidh Éire Aontaithe i gceann 20 bliana.

B’shin na roghanna a bhí ar fáil.

Anois, is páipéar le dearcadh Aontachtach é an Belfast Telegraph, fiú más leagan liobrálach den aontachtas é agus ní nach ionadh, cuireadh sna torthaí seo i láthair mar ‘firm no to a United Ireland’.

Mar sin féin, dar liomsa, bheadh Sinn Féin measartha sásta leis an toradh seo ag an phointe seo. Fiú mar thoradh ar reifreann bheidís sásta le toradh ar bith thar 40% mar chéad iarracht ar reifreann.

Dar leis an phobalbhreith seo tá an fhéiniúlacht roinnte, an Tuaisceart-Éireannachas atá á chur chun tosaigh le glúin anuas mar mhalairt ar Éireannachas agus Briotanachas ag streachailt mar choincheap.

Tá líon na dTuaisceart-Éireannaigh tite go 13.1%, tá Éireannaigh ina 25.3% den phobal agus tá Briotanaigh ina 41.8% (agus iad siúd nach raibh a fhios acu glactha amach as an reicneáil).

ACH – san aoisghrúpa 18-24, tá Éireannaigh ina 31.2%, chun tosaigh ar Bhriotanaigh a bhí ar 27.8% agus bhí Tuaisceart-Éireannaigh ina 25% – ábhar buairimh é sin dóibh siúd a chuireann an fhéiniúlacht sin chun tosaigh mar réiteach ar fhadhbanna an Tuaiscirt.

Tá cuma ar an scéal go bhfuil coilíniú á dhéanamh ag an Tuaisceart-Éireannachas ar an fhéiniúlacht Bhriotanach seachas ar an Éireannachas.

Cainteanna nua ar na bacáin

Tá cainteanna nua ar bhratacha, pharáid agus ar an stair ar na bacáin – d’fhógair an Rúnaí Theresa Villers ag Ard-Fheis na dTóraithe ag an deireadh seachtaine agus tá sí ag impí ar aontachtóirí páirt a ghlacadh sna cainteanna seo.

Is ar éigean go bhfuil feidhmeannas an Tuaiscirt ag feidhmiú ar chór ar bith fá láthair agus cúrsaí ag dul ó mhaith le tamall anuas agus na páirtithe in adharca a chéile maidir le leasúcháin sa chóras leasa sóisialta chomh maith leis na fadhbanna fad-sheasmhacha go léir.

Is beag dóchas go mbeidh toradh ar na cainteanna seo agus tá féidearthacht ann go mbeidh toghchán ann go luath – ach cad is é an toghchán céanna mura féidir leis an Tionól feidhmiú mar is ceart?

Et tu Poot-e?

Ní chabhraíonn sé go bhfuil scoilteanna le mothú sa ‘pháirtí teaghlaigh’ sin an DUP.

Tuigtear gur labhair Poots amach i gcoinne chainteanna nua, in éineacht le Paul Girvan san fheidhmeannas, chaill siad beirt a bpoist.

Rinne Peter Robinson a fhoireann Airí a athrú an tseachtain seo caite agus ní raibh Edwin Poots, an tIar-Aire Sláinte (agus fear a bhí dílis do chlann Paisley i gcónaí) toileach leis sin agus tá an scian curtha isteach aige.

Léirigh Edwin Poots nach mbeidh Peter Robinson ina chéad-aire agus ina cheannaire ar an DUP i dtrátha an chéad toghchán tionóil eile – mhaígh sé gur foilsíodh a leithéid de mhaíomh cheana sa Belfast Telegraph – char foilsíodh.

Éiric i gceist gan amhras.

Mar thoradh ar seo go léir – tá go leor leor cainte ann faoi cheannaireacht Robinson agus cé a thiocfas i gcomharbacht air.

Mar sin féin, tá na léigiúin ag giolcadh a ndílseacht don cheannaire!

Foireann Fiosrúchán Stairiúil

Tháinig sé chun solais go bhfuil deireadh éifeachtach curtha leis an fhoireann Fiosrúchán Stairiúil.

Bhí ar an PSNI deireadh a chur le conradh s’acu leis an áisíneacht Grafton Recruitment agus 300 post.

Seo mar gheall ar chiorruithe buiséid a chaithfidh siad a chur i bhfeidhm agus tá deireadh leis na fiosrúcháin mar gheall ar sin.

Ní féidir liom a shamhlú gur chomhtharlúint é seo go léir – cinnte beidh díomá ar náisiúntóirí ach rachaidh na ciorruithe seo i bhfeidhm ar aontachtóirí níos mó agus cuirfidh sé brú orthu maidir leis na cainteanna seo atá á mbeartú.

Ach cé a bhain an cogadh?

Dar leis an iriseoir Peter Taylor i gclár faisnéise a craoladh Dé Luain (arís – comhtharlúint?) bhain na Briotanaigh agus aontachtóirí an choinbhleacht sa Tuaisceart mar tá Tuaisceart Éireann fós sa Ríocht Aontaithe.

Cé gur léir nach dtuigeann roinnt mhaith aontachtóirí sin ar an ábhar nár éirigh leo an Tuaisceart á thabhairt ar ais go 1969.

Posted in: Nuacht