Todhchaí an Tuairisceoir.com

Posted on Deireadh Fómhair 4, 2014 le

2



Bhí bliain go leith maith ag an tuairisceoir.com cé go raibh cúrsaí an-chiúin le tamall anuas.

D’fhoghlaim mise go leor uaithi agus tá mé sásta gur cuireadh ábhar léitheoireachta le fiúntas éigin iriseoireachta ar fáil am a raibh ganntanas dá leithéid ar fáil, go háirithe ar líne.

Am corraitheach é seo do na meáin Ghaeilge gan amhras, agus am iontach dar liomsa.

Tá muid tógtha leis an ghearán in amanna ach d’amharcaimis ar chúrsaí go dearfach.

Thiocfadh dó a bheith ina dhara aois órga d’iriseoireacht agus do léitheoireacht na Gaeilge cé gur trua faoi bhás gaelport.com agus beo.ie agus is trua go mbeidh ar Feasta agus An tUltach streachailt ar aghaidh gan maoiniú.

Tá tús curtha le seirbhís cheart nuachta ag RTÉ faoi dheireadh thiar thall áfach agus beidh tuairisc.ie beo Déardaoin na seachtaine seo.

Tá iris eile beartaithe ag an Fhoras agus Nós ag beartú suíomh nua cuimsitheach a chur ar fáil agus deontas faighte acu fána choinne ón Fhoras.

Tá ‘Seachtain’ beo beathaíoch i gcónaí mar atá ‘Treibh’ san ‘Irish Times’ agus ‘an tEolas’ san Irish News freisin. Chomh maith leis sin meoneile.ie ann ó thuaidh agus ag déanamh sár-jab ar fad.

Níl a fhios agam fútsa, níl an t-am am na meáin seo ar fad a léamh ná aon bhaol air.

Muise, is beag spás atá fágtha sa ‘mhargadh’ don Tuairisceoir (Tá iGaeilge agus nuacht24.com ag feidhmiú san earnáil ‘dheonach’ chomh maith).

Ach tá deis ann chun dearcadh difriúil a chur ar fáil agus tá sé tábhachtach go bhfuil An Tuairisceoir / iGaeilge agus Nuacht 24 saor ó aon deontas stáit, cé go bhfuil siad ar fad á reáchtáil ag daoine a bhfuil obair lánaimseartha eile acu).

Maidir leis an suíomh seo, beidh An Tuairisceoir ag leanúint ar aghaidh sa ré úr nua seo cé gur cinnte gur i dtreo nua a bheas sé ag dul – tá mo mhachnamh á dhéanamh faoi sin i gcónaí.

Go raibh maith agaibh as an tacaíocht – fáilte roimh ailt!

Le meas

Ciarán Dunbar – fear tí antuairisceoir.com

Cá mhéad daoine a léann antuairisceoir.com?

An 20 alt is mó léamh riamh ar An Tuairisceoir

Cá léitear an Tuairisceoir?

Posted in: Nuacht