Gealach le Mac Mathúna á léamh

Posted on Deireadh Fómhair 8, 2014 le

0



gasuirlegaeilge

An t-úrscéal nua le Seán Mac Mathúna. An t-úrscéal nua le Seán Mac Mathúna.

Bím ag síor-lorg leabhair mhaithe le léamh do na gasúir–léann siad slám mór leabhar Béarla, agus léitear leabhair eile Béarla dóibh, ach ba mhaith liom beagán Gaeilge a chur isteach sa gcarn leabhar sin.

Mar is eol do chách, tá ganntanas leabhar mealltach comhaimseartha Gaeilge ann, i gcomparáid le saol litríocht an Bhéarla, toisc daonra na Gaeilge a bheith níos lú agus margadh na leabhar sin níos lú dá bharr.

Bhuel, chonaic mé gur scríobh Mac Mathúna úrscéal nua le deireannas, Gealach, foilsithe ag Leabhar Breac.  Thaitnigh a chnuasach gearrscéalta, Banana, go mór liom, cé nach mbeadh an t-ábhar feiliúnach don léitheoir óg.

Léigh mé in áit eicínt, nach bhfuil mé in ann teacht air anois, áfach, gur bhuail Gealach duais oireachtais do litríocht do dhéagóiri, cé nach luann na foilsitheoirí é sin. Bhreathnaíos thríd an leabhar agus ní fhaca mé…

Amharc ar an alt bunaidh 76 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht