Tuairisc.ie ar an bhfód!

Posted on Deireadh Fómhair 9, 2014 le

0



gasuirlegaeilge

Faoi dheirieadh, tá an tseirbhís nuachta idirlín, geallta dúinn le fada, ar an bhfód; tuairisc.ie

Ar an gcéad amharc, breathnaíonn sé go maith–neart scéalta agus neart éagsúlachta.

Tá sé fós le feiceáil cé chomh minic is a fhoilseofar ábhar nua ar an leathanach. Is léir ar aon chaoi nach bhfuil an suíomh ar iarraidh feidhmiú mar phríomhfhoinse nuachta; níl trácht ar bith ar ebola mar shampla. Beagáinín díomá orm féin ina thaobh sin, ach chuile sheans nach bhfuil na hacmhainní cuí acu le seirbhís dá leithéid a chur ar bun, agus tá Nuacht RTÉ ag iarraidh an ról sin a ghlacadh chucu féin.

Taitníonn an greann atá le feiceáil ar tuairisc.ie. Tá súil agam nach ngoillfidh sé ar an sár-chraoltóir sin, Máirtín Tom Sheáinín, ach phléacas amach ag gáirí nuair a thosaigh na ‘sea’anna agus na ‘ha’anna agus na ‘By dad’anna i lár an ghearrsfhíseáin ghrinn seo:

Ná lagaí Dia lámh…

Amharc ar an alt bunaidh 17 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht