An Seomra Teaghlaigh: Ní neart go cur le chéile!

Posted on Deireadh Fómhair 10, 2014 le

0



Preasráiteas

Tá trí eagraíocht a chuireann cúnamh agus tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge tagtha le chéile den chéad uair riamh le clár imeachtaí a eagrú do theaghlaigh a bheidh ag freastal ar Oireachtas na Samhna 2014.

Beidh ‘An Seomra Teaghlaigh’ lonnaithe san INEC in Óstán Ghleann an Iolair, Cill Airne agus ar oscailt ón Déardaoin go dtí an Satharn i gcaitheamh na féile ón 12 a chlog meánlae go 5 a chlog tráthnóna.

Tá clár imeachtaí spleodrach curtha le chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, Glór na nGael agus Tús Maith le tacaíocht ó An tOireachtas. Beifear ag díriú ar an trí mhór chanúint agus i measc na n-imeachtaí atá beartaithe tá seisiún scéalaíochta le Bríd Criomhthain (Corca Dhuibhne), seisiún amhránaíochta na nóg le Caitlín Ní Chualáin (Conamara) agus an seó Lúrapóg Larapóg le Marina Nic Giolla Bhríde, Suzanne Uí Ghallachóir agus a gcairde (Gaoth Dobhair). Cuirfidh an Fear Grinn Gaelach ‘Giggles’ siamsaíocht ar fáil freisin.

Beidh seans ag na teaghlaigh lón a chaitheamh in éineacht le chéile gach aon lá leis an ‘bPicnic-Taobh-Istigh’ agus is cinnte go mbainfidh na gasúir spraoi agus spóirt as na himeachtaí eile freisin – Siúlóid i bPáirc Náisiúnta Mhucrois, Ceardlanna Ealaíne, Seisiún Ceoil na nÓg agus ‘An Tae Beag’ mar a mbeidh Comórtas Bréagfheistis na Samhna ar bun agus Dioscó Gaelach leis an diosc mharcach DJ Bán.

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta Chonamara agus Thír Chonaill.

Is faoi chúram Oidhreacht Chorca Dhuibhne a fheidhmíonn Tús Maith. Is gluaiseacht náisiúnta é Glór na nGael atá maoinithe ag Foras na Gaeilge agus a bhfuil sé d’aidhm aige an Ghaeilge a fhorbairt i dtrí réimse lárnacha – forbairt phobail, forbairt eacnamaíochta agus béim ar tógáil páistí le Gaeilge.

Beidh Oireachtas na Samhna, príomhfhéile náisiúnta na nGael, ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí, i mbliana, ón 28 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2014. Gach eolas ar fáil ar http://www.antoireachtas.ie

Clibeanna: ,
Posted in: Nuacht