Purdy le dul isteach i gClochar

Posted on Deireadh Fómhair 10, 2014 le

3



Cuireadh iontas ar shaol polaitiúil na Sé Chontae inniu nuair a tháinig sé chun solais go bhfuil comhfhreagraí polaitiúil de chuid an BBC, Martina Purdy in éis éirithe as – le dul isteach i gclochar.

D’fhoilsigh sí an tvuít thuas díreach in éis a 4:00 a chlog inniu.

Tá sí le dul isteach i cuallacht reiligiúnach agus cé nach fios cé acu a rachaidh sí isteach ann tuigtear go bhfuil sí le bheith ina hábhar bhean rialta.martina purdy library 2012

Tá iontas ar go leor daoine in Éirinn mar gheall ar a cinneadh, ní faiseanta an rogha saoil seo i saol na linne seo idir.

Tá aithne an-mhaith ag muintir an tuaiscirt ar Martina Purdy mar gheall ar a sár-obair mar chomhfhreagraí polaitiúil agus mar gheall ar a blas áisteach lár-Atlantach atá aici de thoradh ar bhlianta caite i gCeanada.

 

Posted in: Nuacht