169 uair a’ chloig de Ghaeilge

Posted on Deireadh Fómhair 13, 2014 le

1



CURIARRACHT DHOMHANDA BAINTE AMACH DON CHOMHRÁ GAEILGE IS FAIDE RIAMH!

 Tá an churiarracht dhomhanda bainte amach ag Comhrá ’14 don chomhrá Gaeilge is faide riamh, a lean ar aghaidh gan stad ar feadh 169 uair a’ chloig ó Dé Domhnaigh seo caite, 5 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh, 12 Deireadh Fómhair, ag 1in.

 Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Táimid an-tuirseach ach iontach sásta go bhfuil an churiarracht bainte amach againn! Bhí seachtain an-dúshlánach ann ach fuair an feachtas tacaíocht iontach ó ghrúpaí sa phobal a fud an domhain agus is mar gheall air sin gur éirigh leis an gcuriarracht.

á ardmholadh agus buíochas le dul do gach grúpa a ghlac páirt agus a thug spreagadh agus spiorad don iarracht mar ní bheadh an éacht bainte amach againn gan iad. Ní neart go cur le chéile!

Bhí Comhrá ’14 á shruthú beo ar www.snag.ie agus is tríd an sruthú beo seo a nascadh an tsraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne i rith na seachtaine ar leith seo. Bhí deis ag an bpobal trí chéile páirt a ghlacadh tríd an gcomhrá a leanúint beo arwww.snag.ie agus chuir siad teachtaireachtaí Twitter chuig na rannpháirtithe agus lucht féachana trí úsáid a bhaint as an haischlib#Comhrá14.

Tá clár ama Comhrá ’14 agus liosta na ngrúpaí rannpháirteacha le feiceáil ar www.snag.ie agus tá tuilleadh eolais faoin gcuriarracht ar fáil ó oifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 4757401 comhra@cnag.ie.

Posted in: Nuacht