Caidé mar a thosaigh an Ghaeloideas ó thuaidh?

Posted on Deireadh Fómhair 15, 2014 le

2



Caint a thug Séamus Mac Seáin do dhalta Iarchéime i gColáiste Mhuire tamall ó shin

Ba i 1966 a tugadh iarraidh oideachas a thabhairt do pháistí óga fríd mheán na Gaeilge sna sé chontae don chéad uair nuair a bunaíodh naíscoil i gCumann Chluain Ard i mBéal Feirste do pháistí a bhí á dtógáil le Gaeilge.

Ní bhíodh sé ann ach cúpla uair sa tseachtain faoi choimirce na ndaoine a bhí ag beartú Gaeltacht Uirbeach a bhunú sa chathair ó bhí 1961 ann agus gur bhaill de Chumann Chluain Árd iad go léir.

Thug siad Naíscoil Phobal Feirste ar an scoil agus bhí sí á múineadh ag Máire Nic Diarmada, múinteoir óg as tuaisceart Bhéal Feirste go mba bhall í de Chumann Chluain Árd chomh maith.

Lean sí ag teagasc sa Naíscoil ó thús ar aghaidh go dtí gur tógadh na tithe sa Ghaeltacht bheag ar Bhóthar Seoighe. Chuideodh máithreacha na bpáiste leis an mhúinteoir ar an lá.

Mar ba nós san am rinneadh gach rud go deonach agus ní bhfuair an múinteoir aon íocaíocht ariamh.

An bhliain chéanna sin i 1966 chuaigh toscaireacht ó theaghlaigh Ghaelacha Bhéal Feirst a fhad le hoifigí na Roinne Oideachais ag Dundonald House ag Stormont le fáil amach caidé an glacadh a bheadh ag an Roinn le Bunscoil Ghaelach dá gcuirfí ceann ar bun.

Dar ndóigh ba ghiorraisc go leor an freagair a fuair siad. Ní ghlacfaí le teagasc fríd mheán na Gaeilge a bheith oiriúnach le páiste óga a theagasc a dúirt siad, agus go gcuirfí an dlí orthu sin a bhéarfadh iarraidh a dhéanamh.

Bhog cúig theaghlach Mhuintir Bhóthar Seoighe isteach sna tithe nua i 1969 ach lean an Naíscoil ar aghaidh i gCumann Chluain Árd i rith an ama go dtí go ndearna lucht na Gaeltachta amach i 1971 agus ocht dteaghlach anois ann go raibh go leor páistí in aois bhunscoile le tabhairt faoi scoil lán aimseartha Ghaelach a bhunú.

Bunscoil Ghaeilge Bhéal Feirste a thug siad ar an scoil bheag de naonúr páistí á teagasc ag bean de bhunú Chill Chartha i dTír Chonaill. Caitlín bean Uí Dhiscín. Bhí an scoil bheag aon seomra suite ar chúl na dtithe ar Bhóthar Seoighe i bhfoirgneamh adhmaid darna láimhe i bhí in úsáid roimhe sin ag teaghlach a chaill a theach le linn sléacht 1969 ag tús na dtrioblóidí.

D’éirigh na trioblóidí chomh holc sin roimhe Nollaig 1971 gur thug teaghlach an mhúinteora uirthi Béal Feirste a fhágáil agus a theacht na bhaile. b’éigean do thuismitheoirí na bpáistí iad a theagasc as sin go deireadh na bliana.

Le linn saoire an tsamhraidh i 1972 theip orthu múinteoir cáilithe a earcú agus ag tús na scoilbhliana nua, D’éirigh leo Caitlín Mhic Ghiolla Chiarán a mhealladh le teagasc sa scoil, go mba de thógáil theaghlach Ghaelach i mBéal Feirste í, cé nach raibh cáilíochtaí múinteora aicí ar chor ar bith. Chruthaigh Caitlín le linn an chúpla bliain a bhí sí ann gur scoth múinteora a bhí intí agus chuaigh na páistí chun tosaigh go maith.

I ndiaidh do Chaitlín imeacht thóg Áine Bean Mhic Aindreasa ,go ndéana Dia a mhaith uirthí,a bhí ina cónaí ar Bhóthar Seoighe ,cúram na scoile uirthi féin . Theagasc Áine rang amháin agus Máire agus Brighid Mhic Sheáin rang eile eatarthu.

Ba bheirt iad sin chomh maith a raibh cónaí orthu i nGaeltacht Bhóthar Seoighe. Bhí an naíscoil ann linn an ama a bhí an bhunscoil ag gníomhú ,ach ba do pháistí a bhí á dtógáil le Gaeilge go príomha a bhí sí ann ach nuair a chuaigh bean eile de bhunadh Bhóthar Seoighe, Áine Andrews, i mbun na Naíscoile i 1978 rinne sí amach páistí nach raibh Gaeilge sa bhaile acu a thabhairt isteach sa scoil agus d’fhás an scoil go mór as sin amach.

Is dócha nach mairfeadh an scoil i bhfad eile gan an cinneadh sin. I 1978 chomh maith bhunaigh muintir Bhóthar Seoighe an chéad Mheánscoile Ghaeilge i mBéal Feirste fá choinne páistí a bhí ar tí an bhunscoil a fhágáil le dul ar aghaidh go dtí an dara leibhéal.

Ní raibh sa chéad rang mheánscoile sin ach tuairim agus cúigear páistí . Mhair an mheánscoil sin dhá bhliain agus réimse iomlán ábhar á teagasc ag muintir Bhóthar Seoighe iad féin agus ag múinteoirí eile a tháinig isteach ina n-am féin le cuidiú leo ar bhonn deonach, macasamhail Pádraig Ó Maolcraoibhe, Fionbarr Dynan agus Feargas Ó hÍr. Le linn an ama sin uilig ní raibh airgead stáit ar bith ar fáil agus b’éigean gach pingin a bhailiú le múinteoirí a íoc agus costais uile cothabhála a chlúdach. Obair mhór ann féin.

Ní go dtí 1984 a fuair an bhunscoil aitheantas stáit agus maoiniú de chineál ar bith agus ceapadh Áine bean Mhic an Iolair ina príomhoide, bean eile de bhunadh Bhóthar Seoighe. Chaith sise breis agus fiche bliain ann agus thiocfadh a rá gur leag sise síos an múnla ar a bhfuil an córas Gaelscolaíochta bunaithe ó shin.

Má b’éigean deireadh a chur leis an chéad Mheánscoil i 1981 de bharr an iliomad brú ní saothar in aisce a bhí ann nó fá cheann dheich mbliain eile i 1991, bunaíodh Meánscoil eile Ghaelach , Meánscoil Feirste a dó, (Coláiste Feirste anois) le naonúr dalta i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich agus cuid dena daoine céanna a bhí ag plé leis an chéad mheánscoile i 1981 bainte léi.

Bunaíodh scoil i ndiaidh scoile sna sé Chontae ó shin agus gréasán láidir tacaíochta don earnáil fré chéile agus a bhfuil an cúrsa seo ar a bhfuil sibhse faoí láthair ar an cheann is tábhachtaí acu.

Déanaim amach go bhfuil breis agus 5000 páistí á dteagasc fríd mheán na Gaeilge,breis agus 500 duine ag obair san earnáil agus breis agus £15,000,000 de airgead poiblí ag dul isteach san earnáil gach bliain. Airgead nach n-áirítear mar ‘airgead na Gaeilge’ ar chor ar bith é ach atá lárnach d’athbheochan na teanga san am chéanna.

Tá earnáil na Gaelscolaíochta óg go leor go fóill, níos lú ná 50 bliain de aois, ach ní féidir a shéanadh dar liom go bhfuil fás suntasach i ndiaidh a theacht uirthi le linn an ama sin agus go bhfuil sí i ndiaidh cinniúint na teanga a athrú ó bhonn sna Sé Chontae.

Posted in: Nuacht