“An Gleann agus a Raibh ann” agus Tábhacht na Scríbhneoirí Pobail

Posted on Deireadh Fómhair 20, 2014 le

0



Bhí leabhar Shéamuis Uí Mhaolchathaigh, “An Gleann agus a Raibh ann”, faoi chaibidil anseo ar an Tuairisceoir le déanaí, agus ba mhór an t-ábhar áthais dom é, nó ba shiocair dom é súil a chaitheamh ar an leabhar sin in athuair agus cúpla focal a bhreacadh síos faoi thábhacht an leabhair seo agus na scríbhneoirí pobail go léir don Ghaeilge, d’fhoghlaimeoireacht na Gaeilge agus do thodhchaí na Gaeilge.

Bhí Séamus ar dhuine de chainteoirí deireanacha dúchais Ghaeilge Thiobraid Árann, canúint a raibh cosúlacht nár bheag aici leis an teanga a chloisfeá i nGaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge. Mar sin, is doiciméad fiúntach canúineolaíochta é an leabhar sin chomh maith, cé gur léir gur chaighdeánaigh an fear eagair sách dian é, mar is léir ó na “nótaí ar an gcanúint” a chuir sé leis an leabhar. Aon duine a chaith seal ag léamh seaneagráin de chuid na bliainirise úd “An Linn Bhuí” (cosúil liom féin), ní bhfaighidh sé an Ghaeilge in “An Gleann agus a Raibh ann” ródheacair ar aon nós. Le fírinne ba í an bhliainiris sin a thug le tuiscint dúinn deich éigin mbliana ó shin gur “bhalbhaigh” an fear eagair canúint an údair.

Cuid é seo de chogadh úd na gcanúintí agus an Chaighdeáin ar éirigh mé féin as le fada – mar is eol daoibh chuaigh mé le leagan mionmhodhnaithe den Chaighdeán i ndiaidh deich mbliana a chaitheamh ag iarraidh Gaeilge Uladh a fhorbairt agus a chur chun cinn mar mheán litríochta. Mar sin féin admhaím gur chóir cuma ní ba chanúnaí a fhágáil ar “An Gleann…”, ós rud é go bhfuil sé dlúthcheangailte de Ghaeltacht áirithe, Gaeltacht atá imithe de dhroim an tsaoil san idirlinn, rud a fhágas go mba chóir dúinn cuimhne ar leith a choinneáil ar an gcineál Gaeilge a labhraítí ansin.

Tá cúis amháin anseo leis an tábhacht a bhaineas le scríbhneoirí pobail agus a saothar, dar liom: tugann siad léargas agus éachtaint dúinn ar an gcineál Gaeilge a bhí á labhairt fadó – fiú in áiteanna nach samhlófá Gaeilge ar bith leo inniu. Is fearr mar áiseanna foghlama iad na scéalta ná na liostaí focal nó na treoirleabhair ghramadaí, ar ndóigh, nó cuireann siad eilimintí tógála na teanga ina gcoimhthéacs ceart, ionas go bhfaighidh an foghlaimeoir amach go nádúrtha an dóigh a mbraitheann na focail ar a chéile agus a dtagann siad ar lorg a chéile san abairt – an rud ar a dtugaimid comhréir sa teangeolaíocht.

Is iomaí duine a d’áiteodh orainn go mbíonn litríocht na sean-Ghaeltachtaí leadránach is nach bhfuil ann go bunúsach ach scéalta faoi bhaint na móna. Ní aontóinn leis an líomhain sin. Ar an gcéad ásc is iad na rudaí coincréiteacha is deacra a fhoghlaim in aon teanga: an duine atá ábalta tráchtas scolártha faoi stair na litríochta a chur ar pár i dteanga nach bhfuil aige ó dhúchas is féidir – agus is dócha – nach n-éireodh leis cúrsaí na n-oibreacha praiticiúla a phlé sa teanga chéanna, nó trácht ar ghluaiseachtaí na colainne mar shampla. Ar an dara hásc is minic a shamhlaítear dúinn gur rud nua-aimseartha ar fad atá i gceist le gné éigin de shaol ár linne, ach má thugaimid spléachadh ar leabhar de chuid litríocht na sean-Ghaeltachta, gheobhaidh muid amach go bhfuil an cleachtas nó an nós sin i bhfad níos seanbhunaithe ná sin.

Buachaill íogair ab ea Séamus agus bá aige leis na héanacha beaga, rud a d’fhoghlaim sé óna aintín. Fuair a athair bás sula raibh cuimhne cheart aige, agus ba iad a mháthair is a aintín ba mhó a thugadh aire dó le linn é a bheith ag fás aníos. Mhúin a aintín ainmneacha na n-éan dó, agus nuair a chonaic sí an buachaill ag iarraidh éanacha a choinneáil i gcás, d’ordaigh sí dó gan príosúnach a dhéanamh d’aon éan – gan “cead a sciathán a bhaint de”, le foclaíocht álainn an leabhair a lua anseo.

Cosúil lena lán Gael san am níor fhoghlaim Séamus ach léamh agus scríobh an Bhéarla ar scoil, agus b’éigean dó scríbhneoireacht a theanga dúchais a theagasc dó féin trí staidéar a dhéanamh ar an mbeagán leabhar a bhí ar fáil sa teanga. Ní mór dúinn ár marana a dhéanamh ar an éacht seo. Is léir ón síorghearán a bhíos le cloisteáil ó dhaltaí agus iardhaltaí scoile nach furasta Gaeilge a léamh ná a scríobh inniu féin, agus is dóigh liom go raibh sé an seacht n-oireadh ní ba dheacra fós nuair a bhí an seanlitriú, nó an sean=litriughadh, coitianta go fóill. Mar sin féin, chuaigh ag Séamus an t-éacht seo a chur i gcrích gan chuidiú ar bith ó mhúinteoir ná ó dhuine eolach d’aon chineál eile. Ní féidir a shéanadh go raibh bua na foghlama aige, agus is fiú an cheist a chur, cad é a d’éireodh lena leithéid d’fhear a bhaint amach, dá mbeadh teagasc scoile ar fáil dó ina theanga féin nuair a bhí sé óg.

Posted in: Nuacht