Spíosra – Druga Nua ag Bagairt ar Mhuintir na Rúise

Posted on Deireadh Fómhair 28, 2014 le

0



Is é an t-ainm atá air ná Spice, is é sin, spíosra – díreach cosúil leis an druga arbh é inneall an scéil i sraith úrscéalta Frank Herbert, Dune – agus is éard atá ann ná cannabas luibhe, is é sin meascán luibheanna neamhurchóideacha a dhéanas aithris ar thionchar na cnáibe ar mheabhair an duine. Mar dhea. Le fírinne tá an “spíosra” i bhfad níos dainséaraí ná mar a áitíos lucht a dhíolta, agus ní hiad na lusanna nádúrtha an comhábhar is mó atá ann ach an oiread. Chuaigh an “spíosra” ar fud Mhór-roinn na hEorpa cheana féin, ach is í an Rúis atá thíos leis faoi láthair.

Spice_drug

Spíosra – druga sintéiseach a dhéanas aithris ar an gcannabas. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Cad é atá i gceist leis an “spíosra” i ndáiríre? Chuala muid iomrá le fada ar “dhrugaí dearthóra”, is é sin drugaí saindeartha ar féidir leo dul i gcion ar shícé agus ar cholainn an duine go láidir ar fad, cé nach substaintí toirmiscthe iad go foirmeálta. Iad siúd a bhíos ag scaipeadh an chineál seo drugaí, ní féidir an dlí a chur orthu: ní luaitear an druga i liostaí na substaintí coiscthe, agus nuair a rachas a ainm ar leabhar na reacht tiocfaidh cineál nua nimhe as saotharlann na ndearthóirí. De ghnáth bíonn bunstruchtúr ceimiceach i gceist a gcuireann na dearthóirí adamhghrúpaí éagsúla leis nach n-athraíonn feidhm an druga ar an gcolainn mórán, ach ós rud é gur substaintí difriúla iad seo caithfidh na húdaráis gach ceann acu a aithint agus a anailísiú sular féidir leo iad a chur leis na liostaí.

Is éard atá sa spíosra ná meascán as cannabionóidigh shintéiseacha éagsúla, is é sin drugaí saindeartha a bhfuil a struchtúr ceimiceach cosúil leis na cannabionóidigh nádúrtha – na substaintí gníomhacha sna “toitíní draíochta”.  Thairis sin áfach is féidir teacht ar do rogha truailleáin, beagnach, sna meascáin seo: mar shampla, is minic a bhíos ópóidigh ann freisin – is é sin, codlaidínigh, nó drugaí ar aon struchtúr le moirfín agus le hearóin. Ach ar ndóigh, ní shamhlófá a mhalairt le drugaí a thagas as saotharlanna coiriúla.

Cannabicyclohexanol

Cannabaicioglaiheacsánól – ceann de na cannabionóidigh shintéiseacha a haithníodh sa “spíosra”. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Is é an difríocht is mó idir na cannabionóidigh nádúrtha agus na cannabionóidigh shintéiseacha ná nach bhfuil sna cinn nádúrtha ach “páirt-agónaithe” do na gabhdóirí cannabionóideacha i gcolainn an duine, ach is “lán-agónaithe” iad na cinn sintéiseacha. Is éard atá i gceist leis an agónaí, i gcoimhthéacs na bithcheimice, ná móilín a ghreamós den ghabhdóir ionas go dtabharfaidh an gabhdóir aisfhreagra – agus is é an t-aisfhreagra seo an t-athrú nó an gníomhú a spreagas an druga sa cholainn.

Is é is páirt-agónaí ann ná agónaí nach féidir leis aisfhreagra iomlán a fháscadh as an ngabhdóir ar aon nós, rud a thig leis an lán-agónaí. Is é sin, bíonn dochar den chineál chéanna ag baint leis an bhfíorchnáib agus leis an “spíosra”, ach is tromchúisí i bhfad an damáiste a dhéanas an druga brionnaithe seo do shícé an úsáideora, ach go háirithe. Go bunúsach, rachadh sé rite leat tú a mharú le cnáib nádúrtha, cé go dtéann priacal síocóise leis an marachuan féin, ach is scéal eile ar fad é an cannabas sintéiseach. Na daoine atá i dtaithí an ghnáthchannabais baineann siad úsáid as an stuif sintéiseach mar a bheadh fíorchnáib ann, agus tagann an difríocht i gcumhacht an druga aniar aduaidh orthu.

Cannabidiol

Cannabaidé-ól. Deirtear go bhfuil an tsubstaint seo, agus í ar fáil sa channabas nádúrtha, in ann maolú ar an dochar a dhéanas an marachuan. Táthar, fiú, dóchasach as an gcannabaidé-ól mar leigheas ar an scitsifréine. Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuil mórán den channabaidé-ól fágtha i saothróga cannabais an lae inniu, toisc go bhfuil na saothróirí ag iarraidh méid an teitrihiodracannabanóil (THC) a ardú sa channabas trí roghnú saorga lena dhéanamh níos láidre. Mar sin, is féidir go bhfuil an cannabas “nádúrtha” féin níos dainséaraí inniu ná mar a bhí sé thiar sna seascaidí. Ar ndóigh, nil cannabaidé-ól ar bith sa channabas sintéiseach. (Pictiúr: Wikimedia Commons.)

Agus ní mór béim a chur air go bhfuil úsáid an channabais seanbhunaithe sa Rúis. I mblianta an tSoivéadachais bhíodh bolscaireacht na tíre sin ag síor-áitiú gur fadhb Iartharach a bhí sna drugaí, fadhb a bhí fite fuaite leis an gcaipitleachas agus le “saoirse mhíthuigthe” an Iarthair. Le fírinne, mar is eol d’aon duine a léigh cuimhní cinn na gcimí Sóivéadacha – Solzhenitsyn go mór mór san áireamh – bhí aithne mhaith ag bunadh an Aontais Shóivéadaigh ar na drugaí céanna a bhí ina n-ábhar diospóireachta ag muintir Mheiriceá agus Iarthar na hEorpa san am. Bhí na coirpigh Shóivéadacha, fiú, ag moladh an channabais ina gcuid amhrán féin.

Is féidir leis na cannabionóidigh shaorga luas a chur ar bhualadh an chroí – rud a dtugann na dochtúirí taicéacairde air. Ar ndóigh is é is toradh dó sin go dtig leis an úsáideoir taom croí a tholgadh ón stuif, rud nach samhlófá leis an ngnáthchannabas ar aon nós. Na dainséir a chuirtear i leith na fíorchnáibe, bíonn siad cosúil leis na priacail a ghabhas leis an tobac – is é sin, is féidir leis an gcnáib dochar a dhéanamh don ghnáthúsáideoir a chaitheas na blianta ag craosaireacht ar an stuif, ach is ar éigean a mharódh aon bhlaiseadh amháin an duine. Maidir leis na cannabionóidigh shintéiseacha, áfach, d’fhéadfadh an blaiseadh féin tú a mharú le taom croí.

Níl mé féin ródhíograiseach i dtaobh dhlisteanú na ndrugaí, ach is éadócha liom go mbeadh fadhb seo na gcannabionóideach sintéiseach chomh dona seo dá mbeadh an ghnáthchnáib á díol go dlíthiúil agus na húdaráis ag déanamh monatóireachta ar an stuif. Sa chás seo tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tsubstaint ionadach i bhfad níos dainséaraí ná an tsubstaint choiscthe féin.

(Bunaithe ar ábhar ón Guardian agus ón Moscow News)

Posted in: Nuacht