An Caimbeulach is an Ghaeilge

Posted on Samhain 4, 2014 le

1



Tuairim le Ciarán Dunbar

Tá sé déanta ag Gregory Campbell arís, tá an Ghaeilge agus Gaeilgeoirí maslaithe aige.

Dúirt sé leis an Principal Deputy Speaker sa Tionól inné; “”curry my yoghurt can coca coalyer.”

Caithfidh mé admháil gur thuig mé cad a bhí a rá aige agus gur chuala mé níos measa, sa Tionól féin fiú.

Ní raibh céad aige labhairt sa Tionól inniu mar phionós ach ba chuma fá sin mar bhí sé i Londain Shasana don lá.

Tá sé dearbhaithe aige nach mbeidh sé ag gabháil leithscéil as. 

Mar a scríobh duine éigin ar Facebook, dá mba rud é gur dhúirt sé ‘ching chong chinaman’ – bheadh sé á cheistiú ag an PSNI.

Tá Sinn Féin ag rá go raibh sé ciníoch, tá na meáin shóisialta beo leis an scéal agus tá tromlach na nGaeilgeoirí ó thuaidh ar buile leis.

Is é mo mholadh ná neamhaird a dhéanamh air, dul abhaile agus Gaeilge a labhairt le do chlann (bainim úsáid as an chomhairle céanna go minic).

Aisteach go leor – rinne sé an ráiteas ar an lá céanna is a foilsíodh an dréacht-cháinaisnéis, le ciorruithe beartaithe ann do gach roinn seachas an Roinn Sláinte agus an Roinn Fiontair – iad beirt faoi smacht an DUP, iontas na n-iontas.

Dála an scéil, fógraíodh inniu gur ghlac an tAire Oideachais, John O’Dowd, le moltaí le líon na ndaltaí i meánscolaíocht lán-Ghaeilge a mhéadú ó thuaidh – baint aige le ‘Gaeilge’ an Chaimbeulaich?

“Is féidir leat imeacht anois agent Campbell, tá do chuid oibre déanta.”

 

Posted in: Nuacht, Tuairim