12 gafa ar an Iúr fós á gceistiú

Posted on Samhain 12, 2014 le

0



Tá nasc á dhéanamh idir ghabháil 12 fhear i bPáirc Ard Cairn ar an Iúr oíche Dé Luain agus fiosrúchán maidir leis an IRA ‘leanúnach’.

Tuigtear gurb as áiteanna éagsúla in Éirinn iad na fir, atá idir 36 agus 75 bliain d’aois, Béal Feirste, Ciarraí, Luimneach agus Baile Átha Cliath san áireamh.

Tá sé á thuairisciú go raibh siad ag glacadh páirte i gcruinniú ‘mullaigh’ de chineál éigin.

Tá siad á gceistiú i gcónaí i Stáisiún PSNI Aontroma, áit a bhfuil seomraí speisialta dá leithéid.

Tá go dtí anocht ag an PSNI iad a cheistiú gan cur isteach ar níos mó ama.

Níor ghabhadh an méad seo daoine i ruathar den chineál seo le fada an lá.

Posted in: Nuacht