Conspóid “an Cháca Aeraigh”

Posted on Samhain 12, 2014 le

0



Tá sé socraithe ag Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann an dlí a chur ar chomhlacht báicéireachta de bhrí gur dhiúltaigh sé “cáca aerach” a bhácáil.

Bhí teachtaireacht ar son phósadh aon-inscne scríofa air agus dar le Ashers Bakery, sháródh sé a bprionsabail Críostaíochta é a bhácáil.

Cás tástála atá i gceist dar leis an Choimisiún. Sheirbheáil siad páipéir Déardaoin seo caite – tá £500 phunt á iarraidh acu chomh maith le costais an cháis.

Ach tá an cinneadh seo á cháineadh go forleathan ag eaglais agus ag polaiteoirí.

Dar leis an MLA John McAllister, a thacaíonn le pósadh aon-inscne, tá baol ann go ndéanfaidh an cás seo níos mó dochar ná sochar agus gur gníomh fritorthúil a bheas ann.

Dar leis an chéad-aire Peter Robinson, tá cinneadh an Choimisiúin “bonkers.”

Posted in: Nuacht