The Speckled People le Hugo Hamilton

Posted on Samhain 12, 2014 le

0



gasuirlegaeilge

Is dócha gur faoi chloch a bhí mé i mo chónaí mar níor léigh mé The Speckled People le Hugo Hamilton go dtí an deireadh seachtaine seo caite. Ach nuair a d’oscail mé an clúdach tosaigh, níor  leag mé uaim an leabhar nó go raibh an leathanach deiridh léite agam, fiú is go raibh carnán aistí mac léinn, ag síneadh ón urlár go dtí an tsíleáil, ag feitheamh liom san oifig. Cuimhní cinn an údair ar a óige i mBaile Átha Cliath atá sa leabhar; Gaeilgeoir a bhí ina athair, agus Gearmánach a bhí ina mháthair. Chuir mise spéis ann i dtosach toisc gur tógadh Hamilton le trí theanga: an Ghaeilge agus an Ghearmáinis sa mbaile, agus Béarla na hÉireann sa margadh. Bhí mé ag iarraidh cúrsaí dátheangachais a fhiosrú, ach ní thairgeann an leabhar mórán comhairle, seachas nár cheart gasúir a ghreadadh má labhrann siad Béarla (ach ní raibh an cathú sin…

Amharc ar an alt bunaidh 196 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht