Tuairisc nua maidir le hionsaithe ar pháistí seolta

Posted on Samhain 13, 2014 le

0



Tá tuairisc ar ionsaithe a rinne paraimíleataigh idir 1990 agus 2013 ar pháistí seolta ag an Ollamh Liam Kennedy ó Ollscoil na Banríona.

“They shoot children, don’t they?” is teideal dó.

Tá sé ar fáil anseo agus anseo (as Béarla).

Seo na príomhthorthaí atá le fáil ann:

Idir 1990 agus 2013 –

  • Scaoil paraimíleataigh dílseacha 94 páistí, 12 faoi 16.

  • Scaoil paraimíleataigh poblachtacha 73 páistí, 7 faoi 16.

  • Thug paraimíleataigh dílseacha greadadh go 166 páistí, 56 faoi 16.

  • Thug paraimíleataigh poblachtacha greadadh do 178 páistí, 35 faoi 16.

Athnuachan atá i gceist ar obair a rinne an tOllamh thar na blianta ar an ábhar seo atá i gceist.

Bhí sé de nós ag an Ollamh Kennedy seasamh i dtoghcháin in Iarthar Bhéal Feirste i gcoinne Gerry Adams.

Sheas sé i 1997 agus fuair sé 102 vótaí, fuair sé 147 vóta in 2005.

Posted in: Nuacht