Beidh lá eile sa chúirt ag na Fir Faoi Chochaill

Posted on Nollaig 2, 2014 le

0



BRISEADH : D’fhógair foireann dlí Rialtas na hÉireann tráthnóna inniu san Ard-Chúirt go raibh siad ag iarraidh go n-osclófar cás ‘na bhfear faoi chochaill’ sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in athuair.

Bhí na fir, a dtugtar na fir faoi chochaill orthu, nó ‘The Hooded Men’ ag iarraidh ar an rialtas iarratas a dhéanamh leis an Chúirt ar son athbhreithniú breithiúnais a fháil ar chinneadh na cúirte údaí sin i 1978 i dtaca leis an dóigh a chaith Arm na Breataine leo in 1971.

Chinntigh an Chúirt an t-am sin go raibh sé sin “mídhaonna nó táireach” ach nárbh ionann é agus “céasadh.”

Séanann Rialtas na Breataine gurb ionann é agus céasadh ach dar leis na fir faoi chochaill tá sé admhaithe acu gurb chéasadh na teicnící céanna nuair a úsáideadh iad sa Chéinia sna Caogaidí agus go bhfuil leithscéal gafa acu as sin.

Dúirt abhcóide a bhí ag déanamh ionadaíocht ar son na bhfear san Ard-Chúirt inné gur tuigeadh dó go raibh féidearthacht ann go ndéanfadh an Rialtas na hÉireann cinneadh inniu maidir leis an chás.

Tugtar “na fir faoi chochaill” ar na daoine seo mar gur cuireadh cochaill ar chloigne s’acu ar feadh tréimhsí fada agus iad faoi ghéibhinn gan am saorála luaite leis.

Rinneadh díth chéadfach orthu, cuireadh iallach orthu éisteacht le torann bán, bhí orthu dul gan bia agus gan uisce agus suí nó seasamh i ndóigh míchompordach ar feadh tréimhsí fada.

Bhí ar Rialtas na hÉireann gníomhú ar an iarratas roimh 4ú Nollaig – an sprioc-am deiridh gurb fhéidir a dhéanamh.

Posted in: Nuacht