Litir Bronnta ag Gaeilgeoirí ar Bhunadh an Chnoic

Posted on Nollaig 2, 2014 le

0



Chomh-ráiteas ó POBAL agus ó Turas

Rinne POBAL agus Turas, tionscadail na bhfoghlaimeoirí Oirthear Bhéal Feirste faoi stiúir Linda Ervine, comhlitir a bhronnadh ar na páirtithe ar fad sa Tionól inniu, “le cothrom na Féinne agus chomhmheas a éileamh don teanga”

Dúirt Janet Muller (POBAL) agus Linda Ervine (Turas); “Is oth linn go bhfuil an chomhlitir seo riachtanach le fearg agus díomá phobal na Gaeilge a léiriú faoi sraith de ráitis scoilteacha, maslacha ar an teanga.

“Creideann muid gur chóir go mbeadh a leithéid de ráitis doghlactha in áit ar bith, ach go háirithe i dTionól polaitiúil.

“Éilíonn muid Acht Gaeilge ceart-bunaithe leis an teanga a chosaint agus a chothú, mar a ghealladh i gComhaontú Chill Rímhinn.”

I gcuideachta leis an dá ghrúpa bhí Alasdair Morrison, a bhí ina Fheisire i dTionól na hAlban idir 1999 agus 2007.

Beidh an tUas Morrisson ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibrí do na hOileáin Siar arís an bhliain seo chugainn. Dar leis, ba mhór an buntáiste é, Acht Gáidhlig a fháil in Albain.

Aontachtaí láidir é Alasdair Morrison mar is léir do dhuine ar bith a leanann ar Twitter é.

Posted in: Nuacht