Na Hakka i Stair na Síne

Posted on Nollaig 12, 2014 le

2



cnámh oracail

Cuid súl iad na litreacha Síneacha, agus iad ag dul breis is trí mhíle bliain siar san am. Is í scríbhneoireacht na gcnámh oracail an chéim is sine i stair na scríbhinní Sínise. D’úsáidtí na cnámha oracail le haghaidh tairngreachtaí agus le geasróga a leagan. Sampla é seo de na litreacha Síneacha mar a ghreantaí ar na cnámha oracail iad, breis is míle bliain roimh bhreith Chríost. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Ó bhí scéal nuachta anseo tamall ó shin faoin gcuairt a thug foireann ó Hakka TV na Téaváine ar an nGaeltacht, shíl mé nach miste dom cúpla focal breise a bhreacadh síos anseo faoi na Hakka agus an ról a bhí acu i stair na Síne. Ní féidir liom a rá go mbeinn i m’eolaí mhór ar an tSín, agus níl aon chineál Sínise agam, ar mí-ámharaí an tsaoil. Nuair a bhí mé óg, áfach, chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm orm nuair a léigh mé faoi cheannairc Taiping agus an ról a bhí ag na Hakka sa cheannairc sin, agus ó shin i leith bhí mé faoi dhraíocht áirithe ag na Hakka.

An tSínis – Teanga nó Fine Teangacha?

Is gnách teanga a thabhairt ar an tSínis, ach le fírinne is craobh iomlán teangacha í i gcrann ginealais na dteangacha Sínea-Thibéadacha. Ar ndóigh, is iad na litreacha Síneacha is gnách a úsáid leis na “canúintí” (na teangacha, i ndáiríre) Sínise a scríobh, rud a cheanglaíos dá chéile iad. Deir na teangeolaithe gur macratheanga í an tSínis. Macratheangacha eile iad an Araibis agus, fiú, an Tibéidis, ó tá siad dealaithe ina “gcanúintí” ar féidir dearcadh orthu mar theangacha éagsúla, cé go bhfuil siad i dtuilleamaí an t-aon teanga scríofa amháin.

scríbhinní Tibéidise

Seo an cineál comharthaí a úsáidtear le Tibéidis a bhreacadh síos. Cé gur litreacha Tibéadacha atá ann, is í an tSanscrait, teanga naofa na Hiondúch agus na mBúdaíoch, atá le léamh anseo. Dhá mhantra Búdaíocha atá ann, mar atá, om manipadme hum (“ó, a sheoid loiteoige”), agus om vajrasattva hum (“ó, a intinn diamaint”). Tagraíonn an “tseoid loiteoige” agus an “intinn diamaint” do dhá bhodhisattva éagsúla. Is éard atá i gceist leis an gcoincheap bodhisattva i gcreideamh na mBúdaithe ná “neach soilsithe”, nó duine atá go hionraic ag iarraidh céim soilsitheachta an Bhúda a bhaint amach ar mhaithe leis na neacha mothaitheacha go léir. Is féidir an coincheap a chiallú mar thagairt d’ioncholluithe an chéad Bhúda (Siddhartha Gautama) sular bhain sé amach céim an Bhúda. Is i an tSeoid Loiteoige an bodhisattva a sheasas don trua agus don trócaire, agus is í an Intinn Diamaint an bodhisattva a shiombalaíos an mac léinn dúthrachtach atá meáite ar theagasc a mhúinteora a thuiscint. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Maidir leis na hArabaigh agus na Tibéidigh, is í an teanga scríofa a chleachtas siad ná teanga chlasaiceach ar socraíodh a caighdeán gramadúil na céadta míle ó shin agus ar leisc le lucht a saothraithe éirí aisti, toisc go bhfuil tábhacht reiligiúnach ag baint léi. Tá an Araibis chaighdeánaithe bunaithe ar theanga an Chórain, agus is éard atá sa Chóran, de réir dhiagacht an Ioslaim, ná briathar do-athraithe Dé. Maidir leis an Tibéidis, tá litríocht shaibhir ar fáil inti, scríbhinní Búdaíocha don chuid is mó, agus urraim reiligiúnach ag dul don teanga Chlasaiceach dá réir.

Ré Chlasaiceach na Sínise

Ní hionann sin agus cás na Sínise inniu, áfach. Bhí teanga chlasaiceach á saothrú ag na Sínigh ar feadh na gcéadta bliain agus í bunaithe ar stíl na scríbhinní a breacadh síos sular aontaigh rítheaghlach Qin an tSín an chéad uair cúpla céad bliain roimh bhreith Chríost. (Ón rítheaghlach áirithe seo a fuair an tSín a hainm sna teangacha Iartharacha.) De réir a chéile, áfach, tháinig athruithe móra ar na canúintí labhartha. A lán de na focail a bhí difriúil le chéile san fhuaimniú fadó, d’imigh an difríocht eatarthu go hiomlán sa chaint, agus rinneadh homafóin – focail comhfhuaimneacha – díobh. Mar sin féin, ní raibh sé deacair iad a idirdhealú sa teanga scríofa, ó bhí a litir féin ag gach homafón, litir a bhí ag freagairt don chiall, seachas don fhuaim.

Nanjing istoíche

Nanjing – “príomhchathair theas na Síne” – istoíche. Tá Nanjing ar ceann de na cathracha is sine dár bunaíodh sa tSín. Rinneadh príomhchathair de Nanjing an chéad uair sa bhliain 229 AD, agus cé go raibh na ríthe agus na ruirí, na rítheaghlaigh agus na tiarnaí cogaidh ag teacht agus ag imeacht sa tSín sa tréimhse chorrach sin, bhí na rialtóirí éagsúla sásta forbairt a dhéanamh ar Nanjing mar lárionad trádála agus cultúir. Rinne Rítheaghlach gearrshaolach Sui léirscrios ar an gcathair timpeall ar an mbliain 600 AD, ach ina dhiaidh sin d’atóg rítheaghlaigh eile í, agus bhí rítheaghlach Tang Theas sásta príomhchathair a dhéanamh di arís, sa deichiú haois AD. D’fheicfeá Béal Feirste na Síne a thabhairt ar Nanjing, ar bhealach, nó ba í an tionsclaíocht teicstílí a chuir sracadh sa chathair ó thaobh an gheilleagair de. (Pictiúr: http://www.globeimages.net)

 

Na Canúintí ag Teacht chun tSolais

Ní raibh an teanga scríofa seo róghar d’aon chanúint labhartha, áfach, agus de réir a chéile thosaigh teanga liteartha nua-aoiseach ag forbairt sa tSín. Bhí sí bunaithe ar an Mandairínis, is é sin, an cineál koiné nó canúint mheasctha a bhí á cleachtadh in Beijing, in Nanjing agus ar fud an Tuaiscirt. Ar ndóigh, bhí difríochtaí idir leaganacha éagsúla den mhórchanúint sin féin. Inniu, is gnách linn Beijing agus Nanjing a scríobh, nuair a bhímid ag tagairt do dhá phríomhchathair stairiúla na Síne. Sna laethanta a bhí, áfach, ba iad na leaganacha a d’úsáidtí ná Peking agus Nanking. Cén fáth? Bhuel, tá an seanleagan (-king) bunaithe ar an bhfochanúint a chloisfeá timpeall ar Nanjing. Ní bhfuair caint Beijing (-jing) an lámh in uachtar ach ón naoú haois déag i leith.

Cad é an Rud é Koiné

Is éard is ciall don téarma sin koiné i mbéarlagair na dteangeolaithe ná meascán canúintí a mbaintear úsáid an “fhrancbhéarla”, is é sin úsáid na teanga comhchumarsáide coitianta, aisti. Focal Gréigise é koiné, agus i dtús báire thagair sé don Ghréigis mheasctha a tháinig ar an bhfód i ré Alastair Mhóir. Roimh lá Alastair bhí na canúintí sean-Ghréigise go léir á n-úsáid sa litríocht, ach nuair a chuaigh an Ghréigis a fhad leis an India sna sálaí ag capaill chogaidh Alastair, is é an cineál Gréigis a bhí ann ná an béarlagair measctha a chloisfeá óna chuid saighdiúirí. Thugtaí o koiné dialektos nó an chanúint choitianta ar an gcineál seo Gréigise, agus ba í teanga an Tiomna Nua í, ó theastaigh ón bpobal luath-Chríostaí an Scrioptúr a chur ar fáil i dteanga a bheadh intuigthe acu siúd nach raibh ach Gréigis labhartha a linne acu.

An tSínis Chlasaiceach agus an Mhandairínis

Le fírinne, is í an Mhandairínis sa chiall chúng an leagan den chanúint seo a bhí á labhairt ag na mandairíní, is é sin, ag státseirbhísigh Impire na Síne. Rud follasach go bhfuair an teanga seo a lán téarmaí ar iasacht ón teanga chlasaiceach, ó bhí na mandairíní eolach uirthi – ar fud na gcéadta bliain, chaithfeadh an t-ábhar mandairín a chruthú go raibh sé in ann aiste a chumadh sa tSínis Chlasaiceach. D’fhéadfá a rá gurbh í an tSínis Chlasaiceach “Laidin” na Síne, mar sin.

Brionglóid an tSeomra Dheirg

Sliocht as Brionglóid an tSeomra Dheirg. Lámhscríbhinn ón mbliain 1759 atá ann. Tá 120 caibidil sa leabhar, agus ba é Cao Xueqin a scríobh an chéad dhá dtrian díobh. Fuair sé bás sula raibh de sheal aige an t-úrscéal a chríochnú, agus ba é an fear eagair, Gao E, a chuir deireadh leis an scéal. Bhí an-tionchar ag stíl agus ag teanga an úrscéil seo ar chaighdeán nua-aimseartha na Sínise, agus is craobh ann féin de léann na Síne an taighde a dhéantar ar Bhrionglóid an tSeomra Dheirg. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Teanga mharbh ab ea an tSínis Chlasaiceach, áfach, agus nuair a thosaigh an litríocht nua-aimseartha ag forbairt sa tSín, ba í an Mhandairínis an meán scríbhneoireachta. Ba í an teanga labhartha a bhí á saothrú i luathúrscéalta cosúil le Brionglóid an tSeomra Dheirg a scríobhadh san ochtú haois déag, mar shampla – úrscéal atá ar maos le cur síos ar nósanna agus ar chultúr na Síne i ré na hImpireachta. Brainse léinn ann féin é an taighde ar an úrscéal áirithe seo, agus chuaigh stíl an leabhair go mór mór i bhfeidhm ar chleachtais liteartha na Mandairínise go dtí an lá atá inniu ann.

Cé gur teanga mharbh a bhí sa chaighdeán chlasaiceach, bhí sí, ar a laghad, chomh coimhthíoch céanna ag cainteoirí na gcanúintí beo go léir. Mar sin, bhí sí ní ba chuimsithí ná an Mhandairínis scríofa a tháinig ina háit. San am chéanna, bhí an Mhandairínis chun tosaigh ar na canúintí eile go léir ó thaobh an chultúir agus an daonra de. Ba í an Mhandairínis an chanúint a d’fhorbair i machairí móra na Síne Thuaidh, áit a raibh cead a gcos ag na daoine agus ag a gcuid capall, ionas gur imigh an chuid is mó de na difríochtaí idir na canúintí éagsúla de réir is mar a chuaigh an trácht agus an t-iompar chun cinn, agus na pobail ag cur aithne ar a chéile. Mar sin, is dócha go raibh bua na Mandairínise dosheachanta ar dhóigheanna praiticiúla i ndiaidh an iomláin.

Na Canúintí Eile: An Chantainis, Min NanHakka…

Ón taobh eile de, bíonn a lán canúintí eile le cloisteáil sna pobail choimhthíocha Shíneacha. Mar shampla, ba í an Chantainis (nó an chanúint Yu) an cineál Sínise ba mhó a bhí á labhairt ag lucht imirce ón tSín sna tíortha Iartharacha go dtí le déanaí. Ar chósta thiar theas na Síne is mó a chloistear an chanúint seo sa tseantír, agus is ansin a bhunaigh na mórchumhachtaí Iartharacha a gcuid cuanchathracha trádála, cosúil le Hong Cong agus Macao.

Scríbhinn Min Nan ó eaglais in Tainan

Tagraíonn an scríbhinn chuimhneacháin seo do Thomas Barclay, “Pa-khek-le”, misinéir Sasanach a thiomnaigh dúthracht a shaoil do chraobhscaoileadh an tSoiscéil i measc mhuintir na Téaváine. Is í an teanga atá ann ná Min Nan, ceann de “chanúintí” na Sínise. Is gnách leis na hEaglaisí Protastúnacha úsáid a bhaint as an aibítir Laidineach le Min Nan a scríobh. Tabhair faoi deara na sínte fada agus na comharthaí idirdhealaitheacha (na diaicriticí) eile: seasann siad do na toin éagsúla sa chanúint. Tá an teampall seo suite in Tainan, Deisceart na Téaváine. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

An féidir na difríochtaí idir na “canúintí” Sínise a léiriú go simplí snoite? Bhuel, thiocfadh linn ainm na cathrach úd Amoy a lua. Is é Amoy an leagan is mó a úsáidtear san Iarthar, agus é bunaithe ar an gcanúint áitiúil – Min Nan. Is é an t-ainm caighdeánach Mandairínise ná Xiamen, áfach. Difriúil is uile mar atá an dá leagan, is é an t-ainm céanna é, ó thaobh na staire agus na sanasaíochta de.

Amoy

Cathair Xiamen – nó Amoy – inniu. Cathair mhór mhillteanach í ar na saolta seo, agus ráchairt uirthi sa tSín mar áit saoire agus scíthe, leis. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Tonúlacht na dTeangacha sa Chian-Oirthear

Tá a fhios ag a lán gur teanga thonúil í an tSínis, is é sin go dtéann ton le gach siolla sa teanga, agus gur féidir nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal san fhuaimniú ach an ton. Le fírinne tá an domhan ag cur thar maoil le teangacha tonúla, agus más aisteach linne, na hEorpaigh, an tonúlacht is é is cúis leis sin ná go bhfuil muid féin suite sa chruinneagán is mó de theangacha neamhthonúla dá bhfuil ann. Bíonn teangacha tonúla coitianta go maith san Afraic, mar shampla, gan trácht ar theangacha bundúchasacha an dá Mheiriceá.

A lán de na teangacha a labhraítear sa Chian-Oirthear tá córas ton acu cé nach bhfuil lúb ghaoil acu leis an tSínis: ceann de na hairíonna coitianta sa réigiún teangeolaíoch seo atá ann. Teangacha tonúla iad an Vítnimis agus an Téalainnis mar shampla.

Vítnimis

Vítnimis. Sna laethanta a bhí, d’úsáideadh muintir Vítneam a leagan féin de chóras na gcomharthaí Síneacha, ach is í an aibítir Iartharach is mó a d’fheicfeá inniu. Ba é an misinéir Íosánach Alexandre de Rhodes a d’fhorbair an córas áirithe seo le Vítnimis a scríobh sna litreacha Laidineacha chomh fada siar san am agus an tseachtú haois déag, ach ní dheachaigh sé chun leitheadúlachta i measc na Vítneamach féin ach san fhichiú haois, nuair a ghlac Khải Định, Impire Vítneam, leis go hoifigiúil. Bíonn an seanchóras Síneach á mhúineadh in ollscoileanna Vítneam i gcónaí, mar chúrsa ullmhúcháin i léann na Síne. Tabhair faoi deara na comharthaí a chuirtear leis na siollaí le ton a léiriú. Níl gaol ag an Vítnimis leis an tSínis, ach tá cosúlachtaí tiopeolaíochta ag an dá theanga sin le chéile: is é sin, tá gramadach an dá theanga bunaithe ar phrionsabail chosúla: focail (nó tamhain) aonsiollacha, tonúlacht, míreanna scartha scoite gramadaí in áit réimíreanna nó iarmhíreanna a ghreamófaí de na tamhain. (Pictiúr: http://www.vietnamtraveltour.net)

 

 

Scéal eile áfach nach teangacha tonúlacha iad an tSeapáinis ná an Chóiréis, cé go raibh an dá theanga thábhachtacha seo faoi thionchar mhór ón tSínis i rith na gcéadta bliain. Is féidir iarsmaí tonúlachta a aithint iontu, ach is cuid den “bhlas cheart dhúchasach” iad na toin, seachas cuid den bhuntuiscint. Dá mbeifeá ag labhairt as Seapáinis nó as Cóiréis gan aird a thabhairt ar thonúlacht na teanga (an beagán den earra sin atá ann), thuigfí thú, cé gur féidir go mbeadh na daoine míshásta le cramba coimhthíoch do chainte. Dá mbeifeá ag labhairt as Sínis gan bacadh le córas na dton, is ar éigean a d’aithneodh na Sínigh go bhfuil tú ag iarraidh a dteanga-san a labhairt gan trácht ar adhmad a bhaint as do chuid focal.

Bíonn córas na dton difriúil i gcanúintí difriúla na Sínise. Níl ach ceithre thon sa Mhandairínis chaighdeánaithe. Maidir leis an gCantainis, áfach, tá seacht dton ann go tradisiúnta, cé go bhfuil ceann acu imithe i ngnáthchaint Hong Cong.  Ina lán canúintí, áfach, bíonn a leithéid de rud ann agus sandhi tonúil.

Focal Sanscraite é sandhi a úsáidtear mar théarma teangeolaíochta, agus is é is ciall leis ná an dóigh a dtéann na fuaimeanna i bhfeidhm ar a chéile i gcoimhthéacs na habairte: ba é an sandhi ba bhunchúis leis an dóigh ar fhorbair na claochluithe tosaigh sna teangacha Ceilteacha, ar dtús. Is é is brí leis an sandhi tonúil ná nach ionann ton an fhocail nuair a luaitear ina aonar é agus ton an fhocail chéanna i lár na habairte, agus na focail eile ag dul i gcion air i sruth na cainte. (Díreach nuair a shíl tú nach bhféadfadh an scéal éirí ní ba dheacra fós…!)

Soiscéal Eoin

Tús Shoiscéal Eoin i gcanúint Hakka, sna comharthaí Síneacha agus sna litreacha Iartharacha araon. Is iad na misinéirí Preispitéireacha i gCeanada a d’fhorbair an traslitriú áirithe seo don teanga Hakka, agus iad ag foilsiú leaganacha Hakka den Scrioptúr Naofa sa dá chóras scríbhneoireachta. (Foinse: http://www.worldscriptures.org)

 

Is é an chonclúid ba chóir duit a bhaint as an bpaidir chapaill seo gur teangacha éagsúla iad na “canúintí” Sínise dáiríre. Scéal eile fós go bhfuil a lán teangacha mionlaigh á labhairt sa tSín nach bhfuil gaolmhar le haon chineál Sínise, cosúil leis an teanga Zhuang i nDeisceart na Síne (a bhfuil gaol réasúnta dlúth aici leis an Téalainnis), an Uigiúiris in Xinjiang in Iarthar na Síne (teanga Tuircice í, cosúil leis an Tuircis, an Asarbaiseáinis agus an Chasaicis, mar shampla), canúintí éagsúla Mongóilise, nó an Tibéidis (nach bhfuil ach lúb bheag gaoil aici leis an tSínis – ní “canúint Sínise” í ar aon nós, cé go bhfuil sí chomh saibhir i gcanúintí difriúla agus an tSínis féin).

Hakka – Canúint, agus Dream Eitneach

Maidir leis na Hakka, is dream ar leith iad agus is canúint ar leith í a dteanga-san i measc na gcanúintí Sínise. Canúint thuaisceartach atá ann de réir na staire, ach is i ndeisceart na Síne atá cónaí ar lucht labhartha na canúna Hakka inniu. Le fírinne, chuaigh na Hakka ar imirce ó thuaisceart na Síne sular fhorbair an Mhandairínis mar chanúint ar leith. Mar sin, tá a gcanúint an-difriúil leis an Mandairínis agus le canúintí an Deiscirt araon.

Nuair a shocraigh na Hakka síos sa Deisceart, bhí daonra ann rompu, ar ndóigh, agus mar sin ní raibh ach an chuid ba mheasa de na tailte ar fáil don mhuintir isteach. An t-ainm sin Hakka féin, nó Kejia mar a deirtear as Mandairínis (is é an focal céanna é, chomh difriúil is atá na canúintí!), is é is ciall leis ná “teaghlach ar cuairt”, is é sin, muintir isteach, nó lucht inimirce. B’fhuar an fháilte a fearadh rompu ina lán áiteanna, agus ag cur fúthu dóibh chaithfidís leor a ghabháil le díogha na dtailte.

An chuid is mó de na Hakka tá cónaí orthu i gCúige Guangdong. Mionlach iad ansin féin, áfach, agus a dteanga ina canúint mhionlaigh sa chúige. Is í an Chantainis an chanúint is mó a labhraítear ansin. Le fírinne níl sa logainm sin Cantún nó Kanton ach leagan truaillithe den ainm Guangdong, cé gurb í príomhchathair an chúige, Guangzhou, a bhíos i gceist againn agus sinn ag trácht ar “Chantún”.

Na Hakka a bhfuil cónaí orthu sa Téaváin thosaigh siad ag tonnadh isteach i ndeireadh na séú haoise déag, agus cé gur achtaigh rialtas na Síne dlíthe peannaideacha leis an imirce seo a chosc, ní raibh gar ann. Inniu is í an chanúint Hakka atá ó dhúchas ag duine as gach cúigear nó seisear de mhuintir na Téaváine. Is í an chanúint is mó a labhraíos muintir na Téaváine ná an leagan áitiúil den chanúint Min Nan, ar a dtugtar Téaváinis go minic. Aicmítear i bhfoghrúpa Hokkien na gcanúintí Min Nan í.

Formosan_languages_2008

Mapa a thaispeánas cá mbíodh na teangacha éagsúla Formósacha á labhairt sa Téaváin sular thosaigh na Sínigh ag coilíniú an oileáin. Is dócha go bhfuil an teanga Amis ar an gceann is mó cainteoirí inniu, ach mar is gnách i gcásanna den chineál seo, is daoine aosta iad an chuid is mó acu, agus níl a fhios ag aon duine an bhfuil sí ó dhúchas ag aon duine óg a thuilleadh. Chuaigh an teanga Siraya in éag i ndeireadh na naoú haoise déag, ach faoin am sin bhí sí doiciméadaithe go maith ag na misinéirí Críostaí a bhí ag iarraidh soiscéal Dé a chraobhscaoileadh i measc lucht a labhartha. Tá gluaiseacht láidir sa Téaváin inniu ag iarraidh an teanga seo a athbheochan. Dealraíonn sé gurb as an teanga Paiwan, nó as seanteanga a bhí an-chóngarach di, a d’eascair na teangacha Malae-Pholainéiseacha go léir: an Indinéisis, an Mhalaeis, an Tagálaigis, an Mhalgáisis (teanga Mhadagascar), an Haváís, an Mhaorais (sa Nua-Shéalainn) agus a lán eile. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

 

Na teangacha a bhí á labhairt sa Téaváin roimh theacht an lucht inimirce ón tSín, bhí gaol acu leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha. Níl ach iarsmaí fágtha de na teangacha sin – na teangacha Formósacha, mar a thugtar orthu – ainm atá bunaithe ar sheanainm Portaingéilise na Téaváine, a Ilha Formosa nó An tOileán Álainn. Tá a dtábhacht féin acu sa taighde a dhéanas lucht na teangeolaíochta ar theangacha móra na fine Malae-Pholainéisí, nó is é a dtuairimsean gurb as an Téaváin a tháinig na teangacha sin go léir ar dtús. Cé nach bhfuil ach dornán daoine ag labhairt teangacha Formósacha inniu, áirítear teangacha Malae-Pholainéiseacha áirithe ar na cinn is mó sa Chian-Oirthear, an Indinéisis mar shampla, nó an Mhalaeis, nach bhfuil mórán difríochta idir í agus an Indinéisis, gan trácht a dhéanamh ar an Tagálaigis, arb í teanga na gnáthchumarsáide sna hOileáin Fhilipíneacha í.

Éirí Amach Taiping

Ós muintir isteach iad na Hakka gach áit dá bhfuil siad ina gcónaí, is léir gurbh iad an aicme ba bhoichte sa tsean-Sín Impiriúil. Mar sin, ba dual dóibh dul chun cearmansaíochta ar lucht na cumhachta. I measc na Hakka a thosaigh an t-éirí amach ba mhó sa tSín roimh Éirí Amach na mBocsar – is é sin, Éirí Amach Taiping.

Hong_Xiuquan

Hong Xiuquan, príomhidé-eolaí Éirí Amach Taiping. Ealaíontóir Síneach de lucht a chomhaimsire a tharraing an pictiúr seo. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

 

Rud nach samhlófá leis an tSín ba é an creideamh Críostaí ba bhunrúta leis an éirí amach seo. An fear a chuir tús leis, mar atá, Hong Xiuquan (nó Fung Siu-chhion mar a litríos lucht labhartha na canúna an t-ainm), scoláire dúthrachtach a bhí ann a rinne iarracht i ndiaidh a chéile pas a fháil i scrúdú státseirbhíse an Impire. Cé go raibh sé ag déanamh a dhichill á ullmhú don scrúdú, ní bhfuair sé pas, agus sa deireadh theip sláinte a intinne air – buaileadh le síocóis é. Le linn na síocóise bhí brionglóidí nó aislingí aige nach raibh sé in ann ciall cheart a bhaint astu, ach nuair a casadh misinéir Críostaí air a thug cur síos dó ar shaol agus ar mhairtíreacht Íosa Críost, is éard a shíl sé ná gurbh é Íosa a bhí feicthe aige. Ansin chrom sé ar ríocht an chirt agus an chothroim a chur ar bun ar dhroim an domhain mar a d’ordaigh Íosa dó, dar leis féin.

Chuaigh Hong Xiuquan le híolbhristeoireacht ansin. Ó bhí meas an Chríostaí aige air féin – shíl sé, fiú, gurbh eisean deartháir óg Íosa a bhí ceaptha le creideamh an fhíor-Dhé a bhronnadh ar na Sínigh – bhí sé dianbharúlach nach raibh i reiligiúin sheanbhunaithe na tíre ach éigreideamh, agus mar sin thosaigh sé ag cur catha orthu agus ag scrios dealbha naofa Búdaíocha agus Confúiceacha. Fuair sé an-tacaíocht as measc na Hakka ar an ngannchuid, agus sa deireadh bhí arm iomlán daoine ag cuidiú leis. Ba é cúige Guangxi, in aice le Vítneam, an chéad daingean tacaíochta a bhí aige.

Cé go bhfuil a lán Hakka ina gcónaí in Guangxi, ní hiad siúd an mionlach is tábhachtaí dá bhfuil ann. Cuid mhór de mhuintir an chúige labhraíonn siad an teanga ar a dtugann na Sínigh Zhuang, agus chuaigh a lán de na Zhuang le lucht Taiping, leis. Teanga Théach í an teanga Zhuang, is é sin, tá gaol réasúnta dlúth aici leis an Téalainnis, ach ar ndóigh, is ar éigean is féidir a rá gur aon teanga amháin í, chomh difriúil is a bhíos na canúintí le chéile. Bheadh sé chomh maith agat a rá go bhfuil sé de pholasaí ag rialtas na Síne “Zhuang” a thabhairt ar na teangacha Téacha go léir a labhraítear sa tír, cibé cé acu a thuigeas lucht a labhartha a chéile nó nach dtuigeann. An teanga scríofa atá in úsáid, tá sí bunaithe ar an gcanúint a chloisfeá i Wuming (Vujmingz sa teanga féin), in Guangxi.

Teanga Zhuang

Leabhair sa teanga Zhuang. nó Vahcuengh mar a thugas na cainteoirí féin ar a dteanga. Teanga thonúil í cosúil leis an tSínis agus leis an Vítnimis. Mar is léir ón bpictiúr seo, is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear leis an teanga a scríobh. Úsáidtear litreacha breise, cineál sleamhnóga, leis na toin a chur in iúl: in ainm na teanga féin, Vahcuengh, seasann an dá h don ton. Tá córas eile scríbhneoireachta ann, mar atá, Sawndip, agus é bunaithe ar na comharthaí Síneacha. An leabhar úd Sawndip Sawdenj a fheictear sa phictiúr seo, is foclóir é a mhíníos na litreacha Sawndip do chainteoirí Zhuang an lae inniu. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

 

Ar dtús ba iad na foghlaithe mara agus na robálaithe sráide na naimhde ba mhó a bhí ag lucht Taiping, agus ní raibh lucht rialtais na tíre míshásta leis sin. De réir a chéile, áfach, tuigeadh don Impire gur reibiliúnaithe agus réabhlóidithe a bhí i gceist le lucht Taiping, agus go raibh siad dírithe ar a ríocht féin a chur ar bun beag beann ar an gcóras rialtais a bhí ann cheana féin. Mar sin, thosaigh saighdiúirí an Impire ag géarleanúint lucht Taiping.

Ar ndóigh, d’éirigh lucht Taiping amach le cath a chur ar a son féin, agus d’éirigh leo ríocht dá gcuid féin a bhunú i nDeisceart na Síne, nuair a bhí siad tar éis an ruaig a chur ar shaighdiúirí an Impire. I mbarr a cumhachta bhí an ghluaiseacht i seilbh Nanjing féin, agus rinne Hong a phríomhchathair féin di. Is é an t-ainm nua a bhaist sé ar an gcathair ansin ná Tianjing, is é sin, an Phríomhchathair Neamhaí. (“An Phríomhchathair Theas” is brí le Nanjing; is í Beijing an “Phríomhchathair Thuaidh”.) Rinne trúpaí Taiping iarracht Shanghai agus Beijing féin a fhorghabháil, ach níor éirigh leo.

An stát “neamhaí” a tháinig chun saoil sna cúigí a bhí sealbhaithe ag an ngluaiseacht, d’fhéadfá cosúlachtaí áirithe a aithint idir é agus deachtóireachtaí Cumannacha na fichiú haoise. Bhí acmhainní an stáit dírithe ar chogaíocht, agus fuair an daonra go léir oiliúint mhíleata, rud a chuidigh leis na trúpaí ceantair nua a ghabháil. Cuireadh cosc ar úinéireacht phríobháideach, agus tugadh isteach cothrom iomlán an dá ghnéas – bhí na mná agus na fir leis an oideachas céanna a fháil sa stát nua.

Ón taobh eile de, cuireadh diandeighilt i bhfeidhm idir an dá ghnéas, agus ní raibh de chead ag na lánúineacha pósta féin dul in aontíos ná caidreamh collaí a chleachtadh. Cé gurbh é polasaí oifigiúil na “ríochta neamhaí” pionós an bháis a ghearradh ar gach cineál lucht mígheanmnaíochta, bhí ceannairí an stáit sásta dul le polagamas (ilphósadh) mar ba ghnách sa tSín. Is dócha gurb iad na caighdeáin dhúbailte moráltachta seo a chaill an “ríocht neamhaí” sa deireadh.

Bhí muintir an Iarthair idir dhá chomhairle faoi éirí amach Taiping. Cuid acu bhí drogall orthu cogadh a chur ar ghluaiseacht a fuair inspioráid ón gcreideamh Críostaí agus a chuir an Bíobla in áit na gclasaiceach Confúiceach mar réalt eolais. Sa deireadh, áfach, tháinig na hIartharaigh chun fortachta don Impire. Gléasadh arm nua chun cath a chur ar dhíormaí ghluaiseacht Taiping, agus oifigigh Iartharacha i gceannas ar shaighdiúirí Síneacha san arm seo – “an tArm Síor-Bhuach”. Ba é an Meiriceánach Frederick Townsend Ward a bhí ina ardcheannasaí.

Sa bhliain 1862, áfach, goineadh Ward go héag i machaire an áir, agus tháinig an Sasanach Charles Gordon i gcomharbas air – thabhaigh an cogadh seo an leasainm Chinese Gordon dó. Bhí an t-arm beag seo – cineál arm treallchogaíochta a bhí ann dháiríre – in ann cath i ndiaidh a chéile a bhriseadh ar lucht Taiping. A lán de na saighdiúirí a throid san arm seo ba iarshaighdiúirí de chuid Taiping iad ar háitíodh orthu go bhfaighidís pardún dá mbeidís sásta dul i leith an taoibh eile.

Mhair ríocht Taiping go dtí an bhliain 1864 – ceithre bliana déag i ndiaidh thús an éirí amach.. I Mí Iúil sa bhliain chéanna bhris trúpaí an Impire an cath ar shaighdiúirí na gluaiseachta i Nanjing. Faoin am chéanna shíothlaigh Hong Xiuquan le nimhiú bia, ó bhí sé tar éis glasraí truaillithe a ithe: bhí an bia ag rith gann sa phríomhchathair, faoi léigear mar a bhí sí.

Rinne trúpaí an Impire ár uafásach ar lucht leanúna Taiping, mar ba ghnách leo, agus i ndiaidh dóibh Nanjing a ghabháil níor fágadh ach iarsmaí beaga d’arm mór Taiping agus iad ag cur troda ar a son thall is abhus. Maraíodh thart timpeall ar fhiche milliún duine i mblianta Taiping, agus áirítear an t-éirí amach seo ar na cogaí is marfaí i stair an chine dhaonna.

Sun Yat-sen – laoch náisiúnta na Síne de phór na Hakka

Taismeach is uile mar a d’éirigh do lucht Taiping sa deireadh, thug cuimhne na ceannairce seo an-inspioráid do na ceannairí is na polaiteoirí Síneacha i bhfad i ndiaidh na n-imeachtaí. Mhol Sun Yat-sen (Sun Zhongshang) agus Mao Zedong araon lucht ceannairce Taiping go hard na spéire, mar réabhlóidithe nádúrtha pobail.

Maidir le Sun Yat-sen, d’fhás sé féin aníos i sráidbhaile beag Hakka i gCúige Guangdong, is é sin, Cúige Chantún. Ina bhuachaill bheag dó ba mhinic a chuala sé comharsa leis, seanfhear a ghlac páirt in Éirí Amach Taiping, ag insint scéalta faoi eachtraí cogaidh. Sun Wen a bhí air ar dtús, ach nuair a chuaigh sé ar scoil i Hong Cong, fuair sé ainm nua, Sun Yat-sen.

Ainm Cantainise atá ann, agus má chuirtear fuaimeanna agus córas traslitrithe na Mandairínise i bhfeidhm air, is é an leagan a gheofar ná Sun Yixian. Inniu, áfach, is é Sun Yat-sen a bhíos ag muintir an Iarthair air, agus is é Sun Zhongshang an t-ainm is mó a úsáidtear sa tSín féin. Le fírinne is aistriúchán Sínise é Sun Zhongshang ar an ainm bréige Seapáinise a bhaist cara Seapánach leis ar an bhfear féin.

Sun Yat-sen

Sun Yat-sen nó Sun Zhongshang, an chéad Uachtarán ar Phoblacht na Síne agus an fear a choinnigh an dé i ngluaiseacht na réabhlóide thar na blianta. Laoch náisiúnta é sa tSín agus sa Téaváin araon: d’fhéadfá é a chur i gcomparáid le Pádraic Mac Piarais nó le hÉamon de Valera in Éirinn. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

 

Rugadh Sun sa bhliain 1866; nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois, d’imigh sé ón tSín go Haváí, áit a raibh cónaí ar dheartháir leis. Ní raibh focal Béarla sa phluc aige nuair a tháinig sé go Honolulu, ach ní raibh caill ar bith air ag tógáil léinn: nuair a d’fhill sé abhaile cúig bliana ina dhiaidh sin, bhí teastas maith scoile agus Béarla paiteanta aige.

An Scoláire agus an Dochtúir Leighis

Nuair a bhí sé ina dhalta i Scoil Iolani, Honolulu, chuir sé suim sa Chríostaíocht, agus sa deireadh chuaigh tonn bhaiste air, rud nár thaitin lena dheartháir. I ndiaidh dó filleadh go dtí an tSín, rinne sé staidéar ar mhíocháine i gcoláiste a bhí á reáchtáil ag misinéirí Críostaí in Hong Cong, agus nuair a bhí sé ag druidim le haois na deich mblian is fiche, bhí sé ina dhochtúir dhéanta leighis.

Bhí an Dochtúir Sun míshásta le chomh coimeádach is a bhí dearcadh an rialtais Impiriúil, agus é barúlach gur chóir don tSín a cuid féin a dhéanamh de smaointí agus de theicneolaíocht fhorásach na dtíortha Iartharacha. Ní raibh an rialtas sásta a dhath a chur i gcrích ar mhaith le dul chun cinn na Síne, dar leis. Mar sin, cé go raibh sé chun tosaigh ar na mic léinn eile a bhí ag staidéar leighis san áit chéanna, d’éirigh sé as ceird an dochtúra le dul le polaitíocht.

An Deoraí Polaitiúil

Ar dtús bhí sé ag iarraidh a chuid idéanna a chraobhscaoileadh go síochánta, ach ní raibh sé i bhfad ag tuirsiú de seo. Sa bhliain 1895 bhí sé ar duine acu siúd a bhí ag pleanáil éirí amach in aghaidh an Impire in Guangzhou, ach ó fuair na húdaráis amach faoin gceannairc seo sula raibh sí tosaithe i gceart, ní raibh rath ar bith ar an iarracht. Cuireadh a lán de na ceannairceoirí chun báis, agus chuaigh an Dochtúir Sun féin ar deoraíocht go dtí an tSeapáin. Ina dhiaidh sin chaith sé na blianta fada thar lear – sa tSeapáin, san Eoraip, sna Stáit Aontaithe.

Litir Sun Yat-sen

Dochtúir Albanach ab ea James Cantlie a chaith seal fada ag obair in Hong Cong agus ag déanamh staidéir ar na galair a bhí coitianta sa tSín. Uaidhsean a d’fhoghlaim Sun uraiceacht na leigheaseolaíochta. Seo litir a chuig Sun chuig a sheanteagascóir ag insint dó go raibh sé ina Uachtarán ar an tSín anois. Bhí cúis ag Sun bheith buíoch beannachtach dá raibh déanta ag Cantlie ar mhaithe leis, nó nuair a tháinig Sun ar cuairt chuig a chara i Londain, d’fhuadaigh rúnseirbhís na Síne é, agus chuirfí chun báis é murach gur tharraing an Dochtúir Cantlie súil na meán cumarsáide ar chás Sun. Sa deireadh b’éigean d’ambasáid na Síne cead a chos a thabhairt ar ais do Sun, agus é á mholadh sna nuachtáin mar laoch saoirse a raibh comhábhair an mhairtírigh ann. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Tongmenghui – Cumann Rúnda Aontaithe na Síneach

Sa bhliain 1905 tháinig rúnchumainn réabhlóideacha Síneacha le chéile i dTóiceo, an tSeapáin, le aon mhórchumann amháin a bhunú faoi cheannas Sun Yat-sen – Tongmenghui, nó “Cumann Aontaithe Mhuintir na Síne”. Bhí clár oibre daonlathach náisiúnaíoch ag an gcumann seo, agus é dírithe ar cheannaircí a spreagadh agus a mhaoiniú sa tSín. Cé go raibh an-ról ag an Dochtúir Sun sa chumann seo, bhí sé an-ghníomhach fosta ag iarraidh cultúr na léitheoireachta a fhorbairt i measc na cosmhuintire agus ag bunú leabharlanna sna pobail Shíneacha thar lear.

Cuid den ghluaiseacht náisiúnta áfach bhí siad míshásta leis an Dochtúir chomh cumhachtach is a bhí sé, agus sa bhliain 1910 b’éigean do Tongmenghui a gceanncheathrú a aistriú ó Shingeapór go hOileán Penang i gCaolas Mhalacca (cuid den Mhalaeisia an t-oileán seo inniu), ó bhí lucht lochtaithe Sun sa ghluaiseacht ag éirí róbhagarthach ar an Dochtúir.

Má bhí freasúra láidir sa ghluaiseacht ag cur in aghaidh Sun mar cheannaire, ba é ba phríomhchúis leis an bhfreasúra sin ná an dóigh a raibh ag teip ar na ceannaircí a bhí an Dochtúir agus lucht a leanúna ag spreagadh sa tSín. Nuair a bhí an bhliain 1911 ag druidim chun deireanais, áfach, tháinig cuma eile ar fad ar na cúrsaí.

Réabhlóid Xinhua – Réabhlóid Dhaonlathach na Síne

D’éirigh garastún áitiúil an airm i Wuchang amach in aghaidh chumhacht an Impire i Mí Dheireadh Fómhair – ní raibh ann ar dtús ach mionscliúchas a thosaigh de thaisme, ach ansin chuaigh na cumainn rúnda réabhlóideacha i gceannas ar an gceannairc, agus ansin chuaigh an tSín ar fad ar bharr lasrach. Thosaigh Réabhlóid Xinhua, an réabhlóid a chuir deireadh le himpireacht chianársa na Síne. D’fhill Sun Yat-sen abhaile ón deoraíocht agus ghair na réabhlóidithe Uachtarán de i ndeireadh na bliana.

Níor mhair Sun i bhfad i gceannas ar an bPoblacht. B’éigean dó an Uachtaránacht a ghéilleadh do Yuan Shikai, ginearál na bhfórsaí armtha i dTuaisceart na Síne, ó nach raibh fórsaí armtha ar bith dá cuid féin ag an bPoblacht. Fear uaillmhianach a bhí ann, agus d’fhéadfá a rá go ndearna Yuan ról Napoleon Bonaparte i réabhlóid na Síne. Tá siad ann a deir gur chuir Yuan Shikai an réabhlóid ó mhaith, fiú. D’aistrigh Yuan feidhmeanna na príomhchathrach go Beijing, agus thosaigh sé ag bailiú chumhacht an deachtóra chuige, rud a chuir míshuaimhneas ar a lán.

Yuan Shikai ina Impire

Yuan Shikai ina Impire. Is é an breithiúnas traidisiúnta ar Yuan ná gurbh eisean a chuir Réabhlóid Xinhua – réabhlóid dhaonlathach na Síne – ó mhaith. Ginearál sciliúil a bhí ann áfach agus é ábalta an chéad arm nua-aimseartha sa tSín a oiliúint is a dhruileáil. Mar Impire rinne sé a dhícheall le haithris a dhéanamh ar na leasuithe sóisialta a bhí ar siúl ag rítheaghlach deireanach na Síne – rítheaghlach Qing – sna blianta roimh an réabhlóid. Níor mhair sé ach dhá mhí is fiche lá ina Impire, agus fuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin. Bhí triúr mac aige, ach ní raibh meas aige ar aon duine acu: bhí fear amháin acu ina leathdhuine, an dara mac ina scoláire bréige, agus an tríú fear ina ropaire, dar leis féin. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

 

Guomindang – Páirtí Nua Náisiúnta ag Cur Troda ar Yuan Shikai

Sa bhliain 1912 tháinig páirtí náisiúnaíoch nua, Guomindang nó Páirtí Náisiúnta Mhuintir na Síne ar an bhfód le cur in aghaidh Yuan, agus i Mí Iúil 1913 d’éirigh lucht leanúna Sun agus Guomindang amach in aghaidh Yuan Shikai. Chuir Yuan an t-éirí amach faoi chois agus b’éigean do Sun Yat-sen éalú go dtí an tSeapáin arís eile. Maidir le Song Jiaoren, an fear a chruthaigh Guomindang agus a bhí i gceannas ar an bpáirtí, feallmharaíodh é, agus an chuma ar an scéal gurbh é Yuan Shikai a d’fhostaigh na feallmharfóirí. Seanghníomhaí de chuid Tongmenghui ab ea Song, agus é ar duine acu siúd a bhunaigh an rúnchumann sin in éineacht le Sun Yat-sen.

Chuaigh uaillmhian Yuan Shikai thar fóir ar fad, nó sa bhliain 1915 ghair sé Impire de féin. Botún a bhí ann, nó leis an mbeart sin tharraing sé na seantithe anuas air féin ar fad, nó ní raibh lucht a leanúna féin sásta le hathbheochan na hImpireachta. D’éirigh ginearáil an Tuaiscirt amach in aghaidh Yuan le tacaíocht ó Sun Yat-sen, agus chaith sé uaidh céim agus céimíocht an Impire i ndiaidh cúpla mí, rud nár chuidigh leis. Fuair Yuan bás le húiréime i Mí an Mheithimh 1916, ach ar an drochuair níorbh é sin deireadh an anoird pholaitiúil sa tSín go fóill. A mhalairt ar fad, an tArm a bhí oilte aige thit sé as a chéile, agus gach aon ghinearál ag rialú a chúige féin mar “thiarna cogaidh”.

Adolf Ioffe, Ambasadóir na Rúise Sóivéadaí sa tSín sna blianta 1922-24.

Adolf Ioffe, Ambasadóir na Rúise Sóivéadaí sa tSín sna blianta 1922-24. Eisean a shínigh an conradh comhoibrithe le Sun Yat-sen, agus is minic a thugtar Conradh Sun-Ioffe ar an gconradh, mar sin. Duine de lucht tacaíochta Trotscaí a bhí ann, agus chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1927, nuair a caitheadh Trotscaí as an bPáirtí Cumannach. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Tháinig Sun Yat-sen ar an gconclúid go gcaithfeadh sé féin na tiarnaí cogaidh a chloí le lámh láidir, agus bhí sé sásta comhoibriú leis na Cumannaigh a raibh fódú áirithe déanta acu sa tSín san am. Sa bhliain 1923 shínigh sé conradh leis na Boilséivigh Rúiseacha, agus le tacaíocht ó Léinín agus ón Idirnáisiúntán Cumannach bhí sé in ann arm nua a chur i dtoll le chéile le Tuaisceart na Síne a shealbhú agus le deireadh a chur le ré na dtaoiseach cogaidh. Ní raibh i ndán dó an bua sin a fheiceáil le súile a chinn féin, nó fuair sé bás i Mí na Márta, 1925, le hailse an chrua-ae.

 

Posted in: Nuacht